Cad é an chéad phíosa ealaíne a chuaigh i bhfeidhm go mór ort agus tú i do dhéagóir?Chonaic mé Lúnasa ag seinm i mBéal Feirste nuair a bhí mé 18 agus i mo mhac léinn in Ollscoil na Ríona. Bhí Michael McGoldrick, John McSherry, Donogh Hennessy, Trevor Hutchinson agus Seán Smyth mar a bheadh réaltaí rac-cheoil ann. D’oscail siad doras nua dom. Thuig mé go bhféadfaí an traidisiún a chur i láthair ar bhealach úr, fuinniúil, domhanda. Cúpla bliain ina dhiaidh sin, thosaigh mé ag seinm le Mike agus John sa ghrúpa At First Light: fíoraíodh an aisling.An grúpa ceoil Lúnasa. Grianghraf: Tony Clayton-Lea Cén t-ealaíontóir beo is mó a bhfuil meas agat air?Tá meas as cuimse agam ar Steve Cooney, fear a tháinig ón Astráil agus a chruthaigh a spás féin sa traidisiún. D’fhorbair sé stíl iomlán úr ar an ngiotár a d’athraigh an tionlacan go deo. Thug sé é féin don cheol, don teanga, don amhránaíocht agus don draíocht. Bhí sé de phribhléid agam Sé mo Laoch: Steve Cooney a léiriú do TG4, agus is fíorluachmhar an rud é am a chaitheamh leis agus foghlaim uaidh.Tá meas as cuimse agam ar Steve Cooney, fear a tháinig ón Astráil agus a chruthaigh a spás féin sa traidisiún. D’fhorbair sé stíl iomlán úr ar an ngiotár a d’athraigh an tionlacan go deo.Cad iad na straitéisí a úsáideann tú chun tréimhsí lagtrá cruthaitheachta a shárú?Is as Sléibhte Chuailgne mé ó dhúchas, agus bhí na cnoic sin mar chúlghairdín agam agus mé ag fás aníos. Anois tá cónaí orm ag bun Bheann Mhadagáin i dtuaisceart Bhéal Feirste. Téim amach go minic ag siúl le mo mhadra, Bran. Is féidir Loch Lao, Loch Cuan agus fiú sléibhte na hAlban a fheiceáil ar lá gléineach agus tugann na radharcanna sin suaimhneas agus spreagadh dom.Cad é an réimse cruthaitheach ba mhaith leat a fhiosrú mura mbeifeá ag gabháil don ealaín atá á cleachtadh agat faoi láthair?B’aoibhinn liom a bheith i m’ealaíontóir físiúil. Ar an drochuair ní raibh an cumas sin agam riamh, agus b’fhéidir gurb é sin an fáth a bhfuil meas chomh mór agam ar ealaíontóirí amhairc. Is mór agam saothar ealaíontóirí comhaimseartha Éireannacha mar Lorcán agus Brian Vallely, Tríona Hobson, Barry Kerr, Ailbhe Ní Bhriain agus Paul Walls.Cén t-éacht gairmiúil is mó a bhfuil tú bródúil as?Táim bródúil as na taifid uile a léirigh agus a dheisigh mé thar na blianta: Róisín ReImagined le Muireann Nic Amhlaoibh agus an Irish Chamber Orchestra, A Note Let Go le Duke Special agus Ulaid, Seven Daughters of the Sea le Pádraigín Ní Uallacháin, agus Tripswitch le John McSherry. Ach seasann ceann amháin amach go mór: Bilingua le mo mháthair, Eithne Ní Uallacháin. Bhí sé speisialta a bheith ag obair léi sa stiúideo i mBaile Raghnaill, Contae Aontroma, sular cailleadh í.Dónal O'Connor. Grianghraf: Julie Ann Roquette Cad é an rud is deise a dúirt ealaíontóir eile leat riamh?Dúirt ceoltóir, a raibh ardmheas agam uirthi, go raibh “mothú agus macántacht” i mo chuid ceoil a d’fhág go raibh sé “fíor agus beo.” Ní bhaineann sé le foirfeacht theicniúil i gcónaí, ba mhór an misneach dom é sin a chloisteáil.Cad í an chomhairle is measa a fuair tú riamh?“Fan sa lána céanna agus ná glac rioscaí.” Ní oibríonn sé sin san ealaín ná sa traidisiún. Caithfear a bheith fiosrach, oscailte agus misniúil.Caithfidh tú cónaí i mbuncar faoi thalamh agus is féidir leat scannán amháin, sraith theilifíse amháin, agus leabhar amháin a thabhairt leat: cad iad?Scannán: Withnail & I. Sraith theilifíse: Father Ted. Leabhar: The Road Less Travelled le M. Scott PeckAn raibh aon mhúinteoirí inspioráideacha agat?Bhí mo sheanmháthair, Rose O’Connor, mar mhúinteoir fidle agam. De bharr go raibh mo thuismitheoirí ag taisteal leis an ngrúpa Lá Lugh, chaith mé go leor ama léi. Mhúin sí dom ceol, ach chomh maith leis sin, cócaireacht, fíodóireacht, garraíodóireacht agus péintéireacht. Bhí sí foighneach, eolach, cineálta agus lán grá. Féachaim siar ar an am sin agus tá mé fíorbhuíoch.Conas a bhí do shaol cultúrtha mar pháiste?Bhí an t-ádh orm. Tógadh mé i dteaghlach ceolmhar cruthaitheach. Bhí ceoltóirí, amhránaithe, damhsóirí, filí agus bailitheoirí amhrán ag teacht isteach chugainn go rialta. Ní raibh lá ar bith mar an gcéanna, bhí an traidisiún beo timpeall orainn i gcónaí.Dónal O'Connor. Grianghraf: Julie Ann Roquette Dá mbeadh sé ar do chumas taisteal siar tríd an am agus tú féin a thabhairt ar ais chuig ceolchoirm amháin ar ar fhreastail tú cheana, cén ceann a roghnófá?Chonaic mé Gwerz Live sa Bhriotáin ag Fest-Noz nuair a bhí mé thart ar 10 mbliana d’aois: Jacky, Dominic agus Patrick Molard, Jean-Michel Veillon, Alain Genty agus Soig Siberil. Níor thuig mé ag an am cé chomh tábhachtach is a bhí siad, ach mhothaigh mé an draíocht.Cad iad na rudaí is fearr ar éist tú leo le déanaí?Táim an-tógtha le ceol Nils Frahm le déanaí, an bealach a gcomhcheanglaíonn sé fuaimdhreach, mothúchán agus teicneolaíocht.Cad a cheapann tú faoi chaighdeán na n-ealaíon in Éirinn faoi láthair?Tá caighdeán iontach ard ann, ach tá dúshláin mhóra fós ann maidir le maoiniú agus inbhuanaitheacht. Teastaíonn infheistíocht leanúnach agus fís fhadtéarmach chun tacú le healaíontóirí agus le hinstitiúidí.Steve Cooney. Grianghraf: Con Kelleher Cén cineál áite a spreagann thú?Áiteanna a bhfuil stair agus scéal iontu, sléibhte, farraigí, agus spásanna ina mbuaileann daoine le chéile chun ceol a roinnt. Is aoibhinn liom am a chaitheamh i leithinis Ros Goill i dTír Chonaill, Cinn Mhara, Contae na Gaillimhe agus Oileán Paxos sa Ghréig.Cad é do thuairim faoi fhorbairt na Gaeilge sna healaíona in Éirinn?Tá borradh faoi leith ann faoi láthair. Tá níos mó ealaíontóirí ag glacadh leis an teanga mar mheán cruthaitheach nádúrtha. Tá sé ag tarlú mar go bhfuil muinín nua ann agus pobal atá sásta éisteacht agus páirt a ghlacadh.Cad é do mhana?“Cas port, déan damhsa, can amhrán – is tusa an traidisiún.”Beidh Dónal O’Connor ag seinm ag an Shorelines Arts Festival i bPort Omna, Contae na Gaillimhe, ar an 11 Meán Fómhair mar bhall den Muireann Nic Amhlaoibh Trio.Foclóirag seinmn = playing (music)úr = freshfuinniúil = energeticfíodóireacht = weavinginbhuanaitheacht = sustainabilitymuinín = confidence