Tá Caisleán an Rí Eoin i nDún Garbhán a tógadh sa 12ú haois athchóirithe agus oscailte don phobal anois. Anuraidh i lár an tsamhraidh ardaíodh croíthe shaoránaigh chathair Phort Láirge nuair a baineadh anuas an scafall de Phálás an Easpaig agus nochtadh an obair chaomhnaithe agus athchóirithe a bhí déanta ar an bhfoirgneamh stairiúil seo atá 300 bliain d’aois. Tá an-mheas ag muintir chathair agus chontae Phort Láirge ar ár n-oidhreacht thógtha, go háirithe na seanfhoirgnimh a fheictear mórthimpeall orainn agus atá mar nasc speisialta idir sinn agus ár sinsir.Ag Caomhnú na hOidhreachta a bheidh mar théama ag Daonscoil na Mumhan i mbliana, an scoil samhraidh áitiúil a tharlaíonn gach Lúnasa i nGaeltacht na nDéise. Beidh téama na hoidhreachta faoi chaibidil ag an Ollamh Pádraig Ó Macháin ó Roinn na Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh ar an Déardaoin, 13 Lúnasa, agus é ag caint faoi thábhacht an tírdhreacha sa litríocht. Beidh sé ag díriú ar dhúchas saibhir na litríochta scríofa agus na litríochta béil. Is í seo an scoil samhraidh is faide bunaithe sa tír a mhaíonn lucht eagraithe na hócáide agus iad ag teacht le chéile le breis agus 70 bliain. Tharla an chéad daonscoil sa bhliain 1953. Teach díon tuí i mBaile na nGall. Grianghraf: RoseAnn Foley Is cinnte gur sna tithe ceann tuí, na háiteanna ba lú agus b’umhaile sna pobail tuaithe, a síolraíodh an-chuid de dhúchas saibhir na litríochta. Tá iarsmaí den seansaol le feiceáil ina seasamh i gcónaí inár gceantar Gaeltachta, cé go bhfuil an tírdhreach ag athrú an t-am ar fad – tithe nua ag dul in airde, bóithre á leathnú, áiseanna nua á bhforbairt. Tráth dá raibh bhíodh tithe ceann tuí i bhfad níos coitianta sa cheantar, iad daite, spleodrach, buí agus órga, le feiceáil ag pointí áirithe ag taobh an bhóthair, ina seasamh go humhal amuigh faoin dtuath, mar sheoda, ag meabhrú dúinn go mbíodh tírdhreach iomlán difriúil anseo tráth. Thiocfá orthu sna háiteanna b’áille agus ba neamhchoitianta – i ngleann dearmadta nó ar thaobh an bhóthair. Dar leis an scríbhneoir seo tá rud éigin speisialta mar gheall ar an ndíon tuí, an sampla is mó a bhaineann le cosmhuintir na tíre agus an sampla is fírinne dár n-oidhreacht thógtha.Scríobh an file, Stiofán Ó Cadhla, dán in ómós don díonadóir, an fear a dheisigh an t-aon díon tuí a bhí fágtha i mBaile na nGall. Cuireann an Cadhlach síos ar obair an díonadóra nuair a bhí sé féin ina chónaí ann agus é ag cuimhneamh go ceanúil ar na laethanta sin. Foilsíodh an dán, Díonadóir, ina leabhar An Creideamhach Déanach, agus é tiomnaithe do George McGrath, a d’oibrigh ar thithe díon tuí sa cheantar sular imigh sé ar shlí na fírinne.DúisíonnAn toireasc mé,Uair nó dhó, corraíCiúin cos ar an gcleitín.Bacla dín go haiclí faoina ascaillCuireann sé de an dréimire anáirde,Sean-sac á shocrú ar gach re ranga aigeSciolpann scoilb ó sheanabhuatais chomh seoltaLe saighdeoir, á lúbadh ar leathghlún, á chur abhaileLena bhás. Bacla eile gach re linn á ardú ar leathshlinneán,Á gcur ina gcodladh chomh neafaiseach le bean tí ag trusáil piliúir.Díoladh an teach áirithe seo i mBaile na nGall, agus thit sé as a chéile. Bhí sé ar an dé deiridh go dtí gur cheannaigh lánúin é agus gur fostaíodh criú tuíodóireachta. Thosaigh Heritage Irish Thatching ag obair ar athnuachan a dhéanamh air le linn an tsamhraidh 2023. Chuir muintir na háite ana-shuim go deo san obair – Nioclás Ó Gríofáin, staraí áitiúil, ina measc (féach An Teach Dín Tuí ar Molscéal TG4). Chuir an obair a bhí ar siúl ann ar bhóithrín na smaointe é. “Tá sé sin ann, is dócha, le 300 bliain, gan aon dabht, agus féach an falla!”arsa sé.Scríobh an file, Stiofán Ó Cadhla, dán in ómós don díonadóir, an fear a dheisigh an t-aon díon tuí a bhí fágtha i mBaile na nGall.Deir an Gríofánach gur tithe tuí amháin a bhí thíos i mBaile na nGall anseo sa Rinn idir 1800 agus 1900. Seachas an teach dín tuí seo amháin ar sheanbhóthar Bhaile na nGall, “níl aon cheann eile fágtha anois thíos sa bhaile,” a deir sé. Ré órga a bhí ann an uair sin ag tús an chéid seo caite i measc na n-iascairí, fé mar a dúirt Nioclás Ó Corráin ina amhrán faoi Bhaile na nGall, agus é ag cuimhneamh siar ar bhlianta a óige nuair a bhí sé fillte ó na Stáit Aontaithe agus ina sheanfhear:Bhí trammels ann, bhí spiléir ann, bhí líonta scadán,Báid mhaola, húcaeirí is báid bhataí rámha,Bhí ceol ann, bhí rince ann, bhí spórt agus lionn,Ag criú na mbád mhaola i mBaile na nGall.Inniu sa Rinn tá níos lú ná leath-dosaen teach dín tuí ina seasamh. Sna seachtóidí bhíodh na tithe ceann tuí i bhfad níos fairsinge, iad scaipthe ar fud an pharóiste. Is cuimhin leis an scríbhneoir seo go mbíodh teach ceann tuí ag bun ár sráidbhaile i mBaile na nGall nach bhfuil ann a thuilleadh, é ag feidhmiú mar chodarsnacht idir é agus na tithe díon sclátaí mórthimpeall air, mar mheafar don ré órga a tharla sa cheantar seo ag deireadh an 19ú haois agus tús an 20ú haois.Maidir le fadsaolaí an dín tuí, de réir scéalta agus sheanchas Mhichíl Turraoin, ar chuir Máirtín Verling eagar orthu in Leabhar Mhaidhc Dháith, agus a foilsíodh in 2012, “chaithfeá tuí eorna a chur in airde gach aon trí bliana agus ní sheasódh an tuí choirce ach bliain nó dhá bhliain... Bhíodar, formhór gach éinne, a raibh tígh aige fhéin, inniúil ar é a dhéanamh iad fhéineach, ach bhíodh díonadóirí, leis, ‘imeacht. Bhídís ag obair ar trí raolacha sa ló agus deoch go leor.”“Tuí chruinneachta, nó ‘reed’, an máistir,” a mhínigh an seanchaí. “Ní bhíodh aon mheaisín ag bualadh an uair sin,” a dúirt sé. “Dá mbeadh ‘reed’ agat agus díonadóir maith agus aer maith ag an tigh, tigh gan sileadh crann nó úrú a bheith air, sheasódh sé fiche bliain ar an taobh thuaidh agus an taobh theas.”Foclóir: Athchóirithe = Renovated/Restoredscafall = scaffoldingcaomhnú = conservation/preservationtírdhreach = landscapedíonadóir = thatcher/rooferscoilb = scollop fadsaolaí = longevitycosmhuintir = ordinary peopleathnuachan = renewal/restoration