Tá riail dhaingean ann nach mbuann iarrthóir ó pháirtí rialtais fothoghchán ariamh. Tá contúirt ann go bhfuil sé ar tí a bheith briste ina smidiríní tar éis 40 bliain. Ní mór dúinn aithint a thabhairt don fhíric nach mbíonn pobalbhreitheanna cruinn go hiomlán agus go n-athraíonn cúrsaí le linn aon fheachtas toghcháin.Ag an am céanna, ar fhianaise na pobalbhreithe a d’fhoilsigh The Irish Times agus TG4 an mhí seo, chaithfeá a rá - agus tú ag tabhairt buille faoi thuairim - go bhfuil seans maith ag Sean Kyne an duais a bhreith leis i nGaillimh Thiar. Tuigimid go raibh an sampla beag - 500 duine ar a mhéad. Agus tuigimid chomh maith má tá páirtí sách mór i gcomhthéacs na Dála go mbeifeá ag súil leis go mbeadh tacaíocht sách láidir ag iarrthóir ón bpáirtí sin. …má éiríonn le Kyne fanacht chun tosaigh tar éis an chéad chomhairimh beidh sé deacair ag Thomas an bhearna sin a dhúnadh níos déanaí sa bhabhta.Fós féin, tá gach cosúlacht ar an scéal go bhfuil Kyne ag snámh in aghaidh easa. Má scrúdaítear na sonraí agus na figiúirí go grinn, feicimid go bhfuil sé ag déanamh go maith ó thaobh na chéad rogha, agus sna sála air sin go bhfuil sé ag mealladh a lán aistrithe chomh maith. Ar bhealach, níl anseo ach treo gaoithe agus b’fhéidir go bhfuil an fhianaise fabhtach. Ach má tá bunús leis níl rogha na coitiantachta, Noel Thomas, chomh láidir is a ceapadh go dtí seo. B’fhéidir go bhfuil drogall ar roinnt daoine vóta a chaitheamh ina threo mar go bhfuil roinnt dearcthaí conspóideacha ag Thomas maidir leis an inimirce. Rud amháin atá cinnte, má éiríonn le Kyne fanacht chun tosaigh tar éis an chéad chomhairimh beidh sé deacair ag Thomas an bhearna sin a dhúnadh níos déanaí sa bhabhta. Cá bhfágann sé sin an scéal ina iomláine? Cé hé nó cé hí as measc na gcéilí comhraic a thiocfaidh chun cinn le dúshlán Kyne a thabhairt? Táimid cinnte go dtiocfaidh sé sin ón taobh clé. B’ábhar iontais é gur tháinig iarrthóir chun cinn sa phobalbhreith nach raibh muid ag súil go hiomlán léi: b’shin í Helen Ogbu. Is dócha go bhfuil Sinn Féin imníoch mar gheall ar na torthaí a thaispeáin nach raibh an páirtí ag tarraingt ach 7 faoin gcéad de líon na vótóirí, i gcomparáid leis an 12 faoin gcéad a bhí ag Ogbu ó Pháirtí an Lucht Oibre agus 9 faoin gcéad a bhí ag Míde Nic Fhionnlaoich ó na Daonlathaithe Sóisialta. Más fíor na figiúirí sin beidh iarrthóir Shinn Féin Marc Lohan i dtrioblóid cheart. É sin ráite, bhíos féin ina theannta nuair a bhí sé ag stocaireacht i gCathair na Gaillimhe an tseachtain seo caite agus dúirt sé gur chreid sé go smior go raibh sé ag déanamh i bhfad Éireann níos fearr mar a léiríodh sa phobalbhreith. “Creidim go bhfuilim féin chun cinn i measc na n-iarrthóirí ar an gclé,” a dúirt sé. Dar leis, is é agus Kyne a bheidh ag iomrascáil don suíochán ag an deireadh. Cén fáth nach bhfuil ag éirí chomh maith sin le Sinn Féin? Bhí an líon tacaíochta is airde i nGaillimh Thiar ag Mairéad Ní Fhearghail san olltoghchán agus le stádas Shinn Féin mar an páirtí is mó sa fhreasúra, bheifeá ag súil leis go ndéanfaidís go maith. Ní duine é Lohan a raibh a ainm in airde i measc an phobail go dtí seo. Is cinnte go gcaithfidh sé obair na gcapall a chur isteach chun a iomrá féin a ardú. Níl aon ghanntanas oibrithe deonacha ag Sinn Féin. Tá trí fhoireann ag obair as lámha a chéile i nGaillimh Thiar chuile lá. Ach, mura n-éiríonn le Sinn Féin ceachtar de na suíocháin a bhuachaint anseo agus i mBaile Átha Cliath Láir, fágfaidh sé droch-rian ar stádas Mary Lou McDonald mar cheannaire. Is cinnte go bhfuair Páirtí an Lucht Oibre an-mhisneach as an bpobalbhreith agus go bhfuil siad diongbháilte anois ar fheachtas mór a chur isteach chun cur le líon tacaíochta an chomhairleora cathrach. Is léir go bhfuil an vóta a bhí ag Catherine Connolly i nGaillimh Thiar tar éis iompú ar ais go dtí an Lucht Oibre agus Ogbu, le sciar de ag dul i dtreo na nDaonlathaithe Sóisialta chomh maith. Agus mar iarrthóir nua tá déanta go maith ag Nic Fhionnlaoich. Cabhraíonn sé léi go bhfuil tóir ar an bpáirtí faoi láthair go náisiúnta agus ní dhéanann sé aon dochar di go bhfuil Gaeilge ó dhúchas aici agus go bhfuil sí aitheanta i gConamara. Lasmuigh de sin ní fheicim aon iarrthóir eile ag teacht isteach san áireamh, cé is moite de Mike Cubbard, Méara na Gaillimhe, atá ag seasamh mar iarrthóir neamhspleách. Déanfaidh sé go maith sa chathair ach an mbeidh sé in ann tacaíocht láidir a fháil sna ceantair thuaithe? Tá mé ag ceapadh go bhfuil suíochán Dála as an áireamh dó um an dtaca seo. Tá sé deacair a rá cén chaoi a n-éireoidh le Cillian Keane, iarrthóir óg Fhianna Fáil. Eisean an t-aon duine ó na tailte ar oirthear na cathrach - is as Órán Mór dó. Dar lena leathbhádóirí ar an gComhairle Contae, cé go bhfuil sé óg tá sé ag gníomhú go láidir mar chomhairleoir. Ach measaim féin go bhfuil sé beagáinín róluath dó an chéad chéim eile a thógáil i saol na polaitíochta. Drochlá a bheas ann dó mura bhfaigheann sé níos mó ná an 7 faoin gcéad a fuair sé sa phobalbhreith. Tá daoine ag tabhairt i bhfad níos mó airde ar an toghchán le deich lá anuas le hailt sna meáin agus díospóireachtaí beo idir na hiomaitheoirí. Tá beagáinín luais ag feachtas Kyne ach an leanfaidh sé sin ar aghaidh go dtí an lá vótála? Níl aon amhras go gcabhraíonn an taithí leathan atá aige mar pholaiteoir gairmiúil leis ach fós féin beidh sé eisceachtúil amach is amach dá mbuafadh iarrthóir ó pháirtí rialtais an toghchán. De ghnáth tugann na toghcháin seo deis don phobal drocham a thabhairt don rialtas! Bheadh sé neamhghnách dá sárófaí an riail dhaingean sin den chéad uair ó bhuaigh Noel Treacy, nach maireann, fothoghchán i nGaillimh Thoir chomh fada siar le 1982. Ach tá an seans sin ann. FoclóirFothoghchán = By-election smidiríní = smithereens buille faoi thuairim = a guess/an estimate ag snámh in aghaidh easa = swimming against the tide rogha na coitiantachta = the popular choice/the favourite drogall = reluctance céilí comhraic = opponents/rivals obair na gcapall = extremely hard work diongbháilte = determined/resolute iomrá = reputation/renown
An mbrisfear ‘riail dhaingean’ na bhfothoghchán i nGaillimh Thiar?
Tá an seans ann go mbuafaidh páirtí rialtais fothoghchán den chéad uair ó 1982








