Tá áit nach beag ag an cheol agus ag an amhránaíocht i saol na Gaeilge agus is cinnte go bhfuil ról ar leith ag an Chonallach Dónall Mac Ruairí an ceol sin a chur os comhair an domhain mhóir lena chlár Cóisir Cheoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.Beidh RTÉ ag ceiliúradh céad bliain de chraoltóireacht seirbhíse poiblí in Éirinn i mbliana agus mar sin tá Raidió na Gaeltachta ag iarraidh ar a lucht éisteachta an t-amhrán Gaeilge is fearr leo a roghnú. Déanfaidh painéal moltóirí, ar saineolaithe ar an cheol Gaelach iad, scagadh ar na moltaí uilig agus cuirfear liosta den 30 amhrán Gaeilge is fearr leis na Gaeil le chéile san fheachtas An tAmhrán is Ansa Linn.Agus an feachtas á sheoladh aige an tseachtain seo caite, dúirt Dónall é féin, “Cuirfidh mé an dóigh seo é, dá dtiocfadh eachtrán beag anuas i spáslong as Mars maidin amárach, agus dá mbeadh ortsa amhrán a chur ina láthair le rá – ‘Seo muidne. Seo na Gaeil. Seo an t-amhrán is mó a bhfuil meas againn mar Ghaeil air.’ – Sin an chraic.”Cén t-amhrán a bheas ag uimhir a haon? Gheobhaidh an lucht éisteachta amach le linn mhí an Mheithimh agus liosta na n-amhrán ó 30-11 á fhógairt ag Dónall ar Cóisir Cheoil. Craolfar eagrán iontach speisialta den chlár an 23 Meitheamh nuair a nochtfar na hamhráin ó 10-1 in éineacht le Ceolfhoireann Choirme RTÉ.Tá go dtí an 10 Meitheamh moladh a chur isteach ag www.rte.ie/amhranrnag. Is féidir an feachtas a leanstan ar na meáin shóisialta chomh maith ag @rternag #AmhránRnaG.Geansaithe a sheasann amach ón slua le ELN Geansaithe a sheasann amach ón slua le ELNTá aimsir na bhféilte beagnach buailte linn agus má tá tú sa tóir ar bhall éadaigh cúláilte a choinneoidh te teolaí thú ar an pháirc an samhradh seo, rogha den scoth is ea ceann de gheansaithe lomra ELN.Is í Ellen Mooney atá taobh thiar den bhranda seo agus oibríonn sí ina stiúideo beag féin i nDroichead na Banna, Contae an Dúin. Déanann sí achan uile phíosa de láimh, agus mar sin bíonn sé measartha deacair teacht ar cheann de na geansaithe seo ar líne!Cé go bhfuil ráchairt mhór ar phíosaí ELN, coinníonn Ellen an inbhuanaitheacht ag croílár an bhranda agus oibríonn sí ar scála beag le dul i ngleic leis an tomhaltachas agus leis an fhaisean gasta.Coinnigh súil amach ar an suíomh www.by-eln.com agus lean ar Instagram í @by.eln don eolas is déanaí. Costas €70.95 a bhíonn ar na geansaithe de ghnáth.Táirge amháin a dhéanfaidh gach rud duit Táirge amháin a dhéanfaidh gach rud duitUachtar gréine, culaith shnámha, leabhar maith le léamh in aice na farraige, cúpla punt sa sparán – is cinnte go bhfuil neart rudaí ann nach dtiocfadh linn dul ar saoire gan iad. Má tá tú cosúil liomsa ar bhealach ar bith, áfach, is furasta dul thar fóir leis na rudaí nach bhfuil de dhíth i ndáiríre.Bíonn mála mór smididh brúite isteach sa chás agam achan uair a théim ar saoire, ach agus costas bagáiste ag ardú i gcónaí, tá sé socraithe agam i mbliana smaoineamh mar is ceart ar na táirgí atá agam agus a bheith giota beag níos cliste agus mé ag pacáil.Tháinig mé ar an phailéad Bare Basics leis an bhranda Éireannach Sculpted by Aimee ar na mallaibh agus níl dabht ar bith go ndéanfaidh sé difear an domhain agus mé thar lear an samhradh seo. Tá púdar éadain, donnaitheoir, luisne bhréige agus aibhsitheoir ann chomh maith le trí scáthú súl, rud a dhéanfaidh an smideadh níos fusa agus an mála smididh níos éadroime.Tá dhá rogha dathanna ar fáil agus costas €39 ar an phailéad beag seo, mar sin tá sé i bhfad níos saoire ná lear mór táirgí a cheannach leo féin.Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – An Maolchathach Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – An MaolchathachÓ thaobh mheáin shóisialta na Gaeilge de, is é Billy Ó Maolchathaigh atá ar bharr na dtonnta. Tógann An Maolchathach na scéalta is mó agus is greannmhaire ó phopchultúr na hÉireann agus cuireann sé a chasadh féin orthu, ag roinnt méimeanna agus físeáin bheaga ghreannmhara leis na 25,000 leantóir atá aige ar bhonn laethúil.Is breá liom go dtugann An Maolchathach ardán d’ábhar trí mheán na Gaeilge gan bheith ag díriú ar fhoghlaimeoirí. Cé go bhfuil éileamh mór ar ábhar Gaeilge d’fhoghlaimeoirí ar líne agus go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an chineál ábhair sin, uaireanta ní bhíonn go leor ann do chainteoirí líofa agus do dhaoine óga ar fud na tíre a dteastaíonn gnáthábhar Gaeilge uathu gan é a bheith gimiciúil nó róshimplithe dóibh ar mhaithe le hintuigtheacht. Líonann An Maolchathach an bhearna sin go foirfe.Tá An Maolchathach ar Instagram agus ar TikTok ag @an_maolchathach.