Cad é an chéad phíosa ealaíne is mó a d’imir tionchar ort mar dhéagóir?Ceann dos na chéad chuimhní atá agam ná m’athair ag seinm Phort na bPúcaí, píosa ceoil draíochtúil ós na Blascaodaí. Veidhleadóir ab ea m’athair agus sheinnimis le muintir an oileáin nuair a bhíos óg. Is dóigh liom go bhfaca deireadh ré, agus is mó a thugadar go léir dom, cé nach raibh a fhios agam é ag an am. Bhí an ceol, an amhránaíocht agus an scéalaíocht chomh nádúrtha acu leis an anál féin. Is mar sin atá mo dhearcadh féin ar an gceol anois, tá sé fite fuaite sa ghnáthshaol. Cuireann an píosa ceoil seo m’athair i gcuimhne dom gach uair a sheinnim nó a chanaim é. Tá sé mar a bheadh paidir.Is ceoltóir agus amhránaí as Corca Dhuibhne í Muireann Nic Amhlaoibh Cén t-ealaíontóir atá beo is mó a bhfuil meas agat air?Mairéad Ní Mhaonaigh. D’imigh sí go mór i bhfeidhm orm ó bhíos óg, mar cheoltóir, amhránaí agus bean Ghaeltachta. Is duine uasal, cumasach, lonrach í atá ag obair go crua san earnáil ceoil le blianta fada agus atá lán de dhearfacht, spreagadh agus fuinneamh.Cad iad na straitéisí a úsáideann tú chun tréimhsí lagtrá cruthaitheachta a shárú?Bhí tréimhse mar sin agam le déanaí mar go rabhas faoi chúram le haghaidh ailse brollaigh. Cé go raibh an t-ádh liom gur rabhas in ann leanúint le mo chuid ceolchoirmeacha, do mhúch an chemo mo chruthaitheacht agus mo shamhlaíocht ar feadh seal. Bhí frustrachas ag baint leis, ach tá foghlamtha agam go gcaithfear glacadh leis na tréimhsí sin, m’intinn a chiúiniú nuair is gá, agus tuiscint a bheith agam go bhfillfidh an splanc. Tar éis gach oíche tagann an lá.Mura mbeifeá ag gabháil don ealaín atá á cleachtadh agat faoi láthair, cén gort cruthaitheach ba bhreá leat a fhiosrú?Is dócha go mbeinn i m’ealaíontóir físe de shaghas éigin. B’ealaíontóir agus ceoltóir í mo Mhamó agus bhí an-tionchar aici orm. D’fhreastalaíos ar choláiste ealaíne tar éis na scoile, áit a dheineas staidéar ar dhealbhóireacht, péintéireacht, priontáil agus criadóireacht. Thaitin sé go mór liom ach ba é an ceol grá mo chroí, agus do mheall seisiúin cheoil Bhaile Átha Cliath mé. Nuair a thána ar stiúideo fuaime sa choláiste ealaíne, b’shin deireadh.Bheadh sé go deas dá mbeadh an tIoncam Bunúsach do na hEalaíona ar fáil do gach ealaíontóir gairmiúil, seachas é a bheith ina chrannchur. Ach tús maith leath na hoibre.Cén t-éacht gairmiúil is mó a bhfuil tú bródúil as?Ba mhór an phribhléid dom Gradam Markievicz a fháil in 2024 ón Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt agus ón gComhairle Ealaíon. Mhúscail sé mo mhisneach dul i mbun cumadóireachta. Thug sé deis dom díriú ar thogra cruthaitheach atá ar bun agam faoi láthair, amhráin chomhaimseartha bunaithe ar fhocail Pheig Sayers. D’fhásas aníos sa pharóiste céanna le Peig, Dún Chaoin, áit a bhfuil cuimhní cinn iontacha faoin mbean sheoigh sin fós le clos. Muireann Nic Amhlaoibh Cad é an rud is deise a dúirt ealaíontóir eile leat riamh?An t-amhránaí Ben Ó Loingsigh ón Riasc, Co. Chiarraí. Nuair a bhíos buartha ná raibh an leagan ceart agam d’amhrán, d’fhreagair sé mé leis an méid seo: “Nach cuma, a chailín, ach abair amach é.”Cad í an chomhairle is measa a fuair tú riamh?Tugadh comhairle dom tigh a cheannach in 2006. Ansin thit an tóin as gach rud agus bhíos thíos leis ar feadh na mblianta. Táim go hainnis le huimhreacha agus le hairgead, rud nár chabhraigh leis an scéal. Caithfidh tú cónaí i mbuncar faoi thalamh, agus is féidir leat scannán amháin,sraith theilifíse amháin, agus leabhar amháin a thabhairt leat. Cad iad?An leabhar Peig ionas go bhféadfainn leanúint leis an dtogra ceoil. The Wicker Man mar scannán, agus mar shraith theilifíse, Hacks. Bím lag ag Deborah. Is breá liom divas.An raibh aon mhúinteoirí inspioráideacha agat? Bhí máistir scoile ar leith againn i nDún Chaoin, Mícheál Ó Dubhshláine, beannacht Dé leis, a mhúscail ionainn grá don gcultúr, don ealaín, don nádúr agus don Ghaeilge.Conas a bhí do shaol cultúrtha mar pháiste?Aisteoir agus file ab ea mo Mham agus ceoltóir m’athair. Bhí ealaíontóirí de gach saghas sa teach i gcónaí. Is dócha go raibh sé saghas Boihéamach. Tigh oscailte, áthasach, lán de ghleo.Muireann Nic Amhlaoibh Cén saghas rudaí cruthaitheacha a rinne tú mar pháiste?Bhínn de shíor ag canadh, ag seinm agus ag tarraingteoireacht. Chaitheas mo chéad cúpla bliain ar dhá oileán; Inis Oírr agus ansin Oileán Chléire. Bhíos tumtha sa nádúr agus saoirse thar chuimse agam.Dá mbeadh sé ar do chumas taisteal siar tríd an am agus tú féin a thabhairt ar ais chuig ceolchoirm amháin ar ar fhreastail tú cheana, cén ceann a roghnófá?Na seachtóidí, nuair a bhí borradh an cheoil thraidisiúnta ag tarlúint. Ba bhreá liom The Bothy Band a fheiscint agus iad ag tosú amach.Cad iad na rudaí is fearr ar éist tú leo nó a léigh tú le déanaí?Táim ag baint ana-shásamh as an leabhar Proto le Laura Spinney, a mhíníonn ar shlí an-neamhfhoirmiúil fás agus forbairt na dteangacha Ind-Eorpacha. Táim ag éisteacht le halbam álainn nua leis an gceoltóir Cajun agus Appalachian Dirk Powell.Muireann Nic Amhlaoibh Cad iad na hionaid is fearr leat?Na hionaid cheoil áitiúla atá lán de phaisean; De Barra’s i gCloch na Coillte, The Cobblestone i mBaile Átha Cliath, Monroe’s sa Ghaillimh, Dolan’s i Luimneach agus Madden’s i mBéal Feirste. Cad a cheapann tú faoi chaighdeán na n-ealaíon in Éirinn faoi láthair?Táimid i ré órga, go háirithe leis an nglúin óg. Spreagann siad mé lena gcuid misnigh. Bheadh sé go deas dá mbeadh an tIoncam Bunúsach do na hEalaíona ar fáil do gach ealaíontóir gairmiúil, seachas é a bheith ina chrannchur. Ach tús maith leath na hoibre.Cén cineál áite a spreagann thú?An fharraige, go háirithe an tAigéan Atlantach. Cothaíonn sé mé.Cad é an comhthéacs is aistí ina raibh tú de bharr do chuid oibre?Thug an ceol mé go háiteanna agus pobail ar fud an domhain nár shamhlaíos riamh nuair a bhíos i mo chailín óg. Ag canadh le muintir na nGiofógach sa Bhulgáir, ceoltóirí clasaiceacha Indiacha, le Kneecap sa 3arena, ar stáitsí ollmhóra agus in áiteanna beaga bídeacha. Sin ceann de mhórbhronntanais an cheoil.Cad iad do thuairimí faoi fhorbairt na Gaeilge sna healaíona in Éirinn?Tá fuinneamh agus muinín nua le braistint sa Ghaeilge fé láthair. Tá glúin nua ealaíontóirí ag úsáid na teanga ar a slí féin agus ag cruthú saothair atá fréamhaithe sa Ghaeilge ach oscailte don domhan mór. Tá sé sin thar a bheith spreagúil.Cad é do mhana?Dein na rudaí scanrúla. Tá tú níos láidre ná mar a cheapann tú.