“Chuirfeadh sé brón ort, ag an am sin, an méid múinteoirí a bhí ag teacht amach as Coláiste Phádraig nach raibh sé ar a gcumas Gaeilge a mhúineadh. Ceapaim gurb é sin an rud ba mheasa a tharla le dúnadh na gcoláistí ullmhúcháin.”An t-amhránaí iomráiteach Seán Ó Sé, a bhásaigh níos luaithe i mbliana, a dúirt an méid sin. Tionchar na gcoláistí ullmhúcháin ar mhúineadh na Gaeilge a bhí faoi chaibidil aige agus beidh sé le cloisteáil mar chuid de chlár faisnéise dar teideal Tumtha a chraolfar an tseachtain seo ar RTÉ 1. Sa bhliain 1926 a tháinig na coláistí ullmhúcháin ar an bhfód. Ceapadh iad chun dul i ngleic le ganntanas tromchúiseach múinteoirí a bhí líofa sa Ghaeilge trí neacha léinn inniúla a ullmhú do na coláistí oiliúna oideachais.Téann an scéal siar roimh thús an tSaorstáit. D’imir an náisiúnachas cultúrtha agus gluaiseacht na Gaeilge tionchar suntasach ar ghluaiseacht na saoirse sna blianta roimhe sin, agus ar mhúnla tosaigh an tSaorstáit.Go dtí sin, oideachas trí Bhéarla ag leibhéal bunscoile amháin a bhí ag formhór na ndaoine. Nuair a bunaíodh an córas náisiúnta scoileanna, fágadh an Ghaeilge ar lár mar ghnáthábhar scoile agus baineadh úsáid as an mbata scóir chun an teanga dúchais a chur faoi chois. Ach, nuair a ghlac an stát nua seilbh ar Roinn an Oideachais, caitheadh córas na Breataine i leataobh agus socraíodh go dtabharfaí ardú stádais don Ghaeilge agus rinneadh ábhar éigeantach di ar scoil.I ngeall ar an Acht Tinrimh Scoile 1926, bhí sé éigeantach go rachadh gach páiste ar scoil go dtí aois a 14. Is chun ábhar múinteoirí inniúla ar an nGaeilge a chur ar fáil don chóras nua oideachais a bunaíodh na coláistí ullmhúcháin. Bunaíodh seacht gcoláiste, trí cinn Chaitliceacha do bhuachaillí agus trí cinn do chailíní, sin agus ceann amháin measctha do dhaltaí Protastúnacha. I gceantair Gaeltachta a bhí a bhformhór suite. Ar na coláistí ba mhó cáil bhí Coláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne, Coláiste Éinde i nGaillimh, Coláiste Íde i gCorca Dhuibhne, agus Coláiste Moibhí i mBaile Átha Cliath.Na blianta roimhe sin, le linn ré na hAthbheochana, cuireadh béim ar fhorbairt an duine agus cuireadh an spórt chun cinn i measc an aosa óig. Mar a chéile a bhí sé sna coláistí ullmhúcháin agus mar a dúirt Leo Ó Fionnagáin, a d’fhreastail ar Choláiste Éinde ó 1957 go 1961, chabhraigh an liathróid láimhe leis feabhas a chur ar a chuid Gaeilge. “Bheadh ort na focail chearta a rá agus de réir mar a chuaigh sé ar aghaidh, d’éirigh tú níos fearr ag an nGaeilge mar gheall air sin,” a dúirt sé. …in 1960 chuir Pádraig Ó hIrighile…in iúl don Dáil go raibh sé chun deireadh a chur leis na coláistí ullmhúcháin mar chuid de chóras earcaíochta na múinteoirí náisiúnta.Cé gur faoin dá eaglais a bhí riar na gcoláistí, bhí baint ag maithe móra polaitiúla an ré sin leo – Earnán de Blaghd, Eoin Mac Néill, Éamon de Valera, Tomás Ó Deirg agus Risteárd Ó Maolchatha - léiriú ar thábhacht na Gaeilge i bhfís pholaitiúil agus náisiúnta na linne sin.Dar ndóigh, faoin am gur bunaíodh an Saorstát, bhí an malartú teanga ó Ghaeilge go Béarla mar theanga labhartha fhormhór phobal na tíre beagnach i gcrích. Mar a mhínigh Claire Dunne ó Institiúid Oideachais Marino ar an gclár “nuair a cuireadh tús leis an gcóras oideachais in 1831, ceann de na príomhaidhmeanna a bhain leis sin ná litearthacht sa Bhéarla a thabhairt don phobal”.Insíonn Máire Ní Bheaglaoich, iar-dhalta ar Choláiste Íde, faoi dhearcadh a máthar críonna i dtaobh na teanga ar scoil sna 1880idí. “Na múinteoirí, Béarla a bhí acu, agus na cigirí, Béarla a bhí acu,” a dúirt sí.“Agus bhí an tally stick acu. Bhí corda timpeall ar do mhuineál agus cipín mar sin síos, agus aon uair ar labhraíodar Gaoluinn, thóg an múinteoir scian agus chuireadh sí notch ann, gearradh beag. Agus ansin, nuair a thagadh an cigire Sasanach, deireadh sé ‘Oh you spoke Irish five times, five slaps for you.’”Dar le Dunne d’imir an díothú teanga sin tionchar domhain síceolaíochta ar aigne mhuintir na hÉireann.“Is dóigh liom, uaidh sin amach gur ceanglaíodh an fhulaingt shíceolaíoch agus an fhulaingt fhisiceach sin le labhairt na Gaeilge,” a dúirt sí.“Agus ní haon ionadh é mar sin gur labhair Douglas Hyde cúpla bliain ina dhiaidh sin faoi ‘the necessity of de-Anglicising Ireland’ agus faoin mbraistint ísleachta a bhí ag daoine uaidh sin amach mar gheall ar bheith ina gcainteoirí Gaeilge.”Mar sin, nuair a socraíodh na coláistí ullmhúcháin a chur ar an bhfód, athrú iomlán meoin a bhí i gceist ó thaobh an chórais oideachais.“Is dócha go raibh na coláistí ullmhúcháin ar an dtogra ba radacaí de chuid an tSaorstáit chun an Gaeilge a chur chun cinn,” a dúirt John Walsh ó Choláiste na Tríonóide ar an gclár.Cuireadh béim ar dhaltaí a mhealladh ón nGaeltacht. Gearradh táille thart ar £40 in aghaidh na bliana ar neacha léinn, suim mhór ag an am, ach cuireadh cúnamh ar fáil dóibh sin nach raibh in acmhainn an t-airgead a íoc. Cuireadh tuarastal níos airde ar fáil do na múinteoirí a d’fhreastail ar na coláistí ná mar a chuirtí ar fáil do mhúinteoirí eile, moladh a fheictear fós mar bhealach le múinteoirí a mhealladh. Bhí caighdeán ard iontrála ann agus níor éirigh ach le thart ar 12 faoin gcéad d’iarrthóirí áit a fháil. Bhí Gaeilge, Béarla, uimhríocht, stair agus tíreolaíocht sa scrúdú iontrála chomh maith le scrúduithe béil sa Ghaeilge agus sa cheol.Tar éis dóibh críochnú sna coláistí ullmhúcháin, ba ghnách leis na daltaí dul isteach sna coláistí oiliúna (ar nós Choláiste Phádraig) chun cáilíocht a bhaint amach mar bhunmhúinteoirí.Mar sin féin, níor fheil gairm na múinteoireachta do chách. Mar a dúirt Seán Ó Sé, a d’fhreastail ar Choláiste Íosagáin: “Bhí scrúdú ana-dhian chun teacht isteach anseo ach ní dhearnadh aon saghas iniúchadh in aon chor ar cad é an meon a bhí agat le haghaidh na múinteoireachta.”Faoin am go raibh Seán Lemass ina Thaoiseach in 1959 agus béim á cur ar fhorbairt eacnamaíochta na tíre, bhí meath ag teacht ar thacaíocht an stáit d’athbheochan na Gaeilge agus in 1960 chuir Pádraig Ó hIrighile, Aire Oideachais i rialtas Fhianna Fáil, in iúl don Dáil go raibh sé chun deireadh a chur leis na coláistí ullmhúcháin mar chuid de chóras earcaíochta na múinteoirí náisiúnta. Bhí an Stát ag bogadh i dtreo meánoideachas saor in aisce (a tháinig go hoifigiúil in 1967 faoi Dhonnchadh Ó Máille), agus mheas an Rialtas go raibh deireadh leis an ngá le córas speisialta earcaíochta. Socraíodh gan Coláiste Moibhí, an Coláiste Ullmhúcháin do Phrotastúnaigh, a dhúnadh mar nár creideadh go mbeadh sé ar chumas na meánscoileanna Protastúnacha dóthain iarrthóirí oiriúnacha a chur ar fáil do choláiste oiliúna Eaglais na hÉireann. Iompaíodh na coláistí a dúnadh ina meánscoileanna lán-Ghaeilge ina dhiaidh sin agus leis sin, tháinig deireadh leis an soláthar múinteoirí ó na coláistí ullmhúcháin. Is minic a dúradh ó shin go bhfuil géarghá le córas cosúil leis na coláistí ullmhúcháin chun freastal ar éileamh na Gaelscolaíochta agus mar a deir Ó Fionnagáin sa chlár, rinne na coláistí “sár-obair” chun an Ghaeilge a chaomhnú agus a athbheochan agus dar leis “nach cinneadh iontach a bhí ann” iad a dhúnadh. Is ar ré eile a chaitheann an clár spéisiúil seo súil siar, ré inar chreid an Stát gurb fhiú an t-oideachas Gaeilge a chothú, sula raibh ar phobal na Gaeilge teacht amach ar na sráideanna chun cearta a bpáistí a éileamh. Nuair a chinn Ó hIrighile na coláistí ullmhúcháin a dhúnadh, céim mhór a bhí ann i ndícheanglú an Stáit ón bhfís athbheochan na Gaeilge a chur chun cinn mar fhíorsprioc náisiúnta. Ach sin scéal eile.Craolfar Tumtha ar RTÉ 1, Dé Máirt, 28ú Iúil, 10.25i.n.Foclóir: ullmhúchán - preparation; ganntanas - shortage; tromchúiseach - serious/severe; athbheochan - revival; díothú - destruction/eradication; síceolaíochta - psychological.