Cad é an chéad phíosa ealaíne is mó a d’imir tionchar ort mar dhéagóir?An t-albam Tamacun ó Rodrigo y Gabriela. Chomh maith leis sin, an leabhar Songman ó Tommy Sands agus ceolchoirm de chuid Metallica - mo laethanta déagóra le gruaig ghorm!Cén t-ealaíontóir atá beo is mó a bhfuil meas agat air?Éinne a sheas suas dóibh siúd gan ghlór agus na rudaí a cuireadh ina dtost: an nádúr, focail chaillte ár dteanga dúchais, daoine atá ag lorg tearmainn ar ár gcóstaí.Cad iad na straitéisí a úsáideann tú chun tréimhsí lagtrá cruthaitheachta a shárú?Téim suas Beanna Boirche agus léimim isteach san fharraige. Tá sé tábhachtach dom a bheith ag bogadh, in áit a bheith i mo shuí ag an deasc.Clare Sands: "Tá an t-ádh orm a bheith timpeallaithe ag ceoltóirí den chéad scoth an t-am ar fad." Mura mbeifeá ag gabháil don ealaín atá á cleachtadh agat faoi láthair, cén tallann chruthaitheach ba bhreá leat a bheith agat?Tá neart ábhar a bhfuil suim agam iontu. B’fhéidir rud éigin faoin stair, faoin Ghaeilge, sa spórt (b’aoibhinn liom a bheith i mo shurfálaí gairmiúil!) nó ag obair leis an dlí agus cearta daonna.Cén t-éacht gairmiúil is mó a bhfuil tú bródúil as?Dhá bhliain ó shin, thug mé féin agus mo dheirfiúr faoi shnámh 6.5km idir an Áis agus an Eoraip chun airgead a bhailiú do ghasúir na Palaistíne (Gaza Songbirds agus Aclaí). B’eispéireas iontach é agus tá súil agam go mbeidh mé ar ais sa Phalaistín an bhliain seo chugainn. Bhí mé ann cúpla bliain ó shin ag múineadh i gCampa Teifeach Aida agus bhain mé an-sult as an gceol agus as an gcultúr. Ba bhreá liom dul ar ais chun fidil nua a thabhairt do na gasúir.Bíonn iontas ar dhaoine uaireanta nuair a chloiseann siad faoin chrios dubh atá agam san ealaín chomhraic, agus trí bhonn domhanda ar son na hÉireann le dul leis!Cad é an rud is deise a dúirt ealaíontóir eile leat riamh?Dúirt Liam Ó Maonlaí liom uair amháin, agus muid i mbun píosa ceoil a chruthú le chéile, gurb é an próiseas an chuid is tábhachtaí, agus ní an méid a tharlaíonn ina dhiaidh. Bhí an-luach i gceist leis an phróiseas cruthaitheach sin, agus gach próiseas a tháinig ina dhiaidh! Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an chomhairle sin go deo.An raibh aon mhúinteoirí inspioráideacha agat?Tá an t-ádh orm a bheith timpeallaithe ag ceoltóirí den chéad scoth an t-am ar fad. Ní bhíonn deireadh riamh leis an méid a bhím ag foghlaim uathu. Ceoltóirí lán le spiorad atá iontu a chuireann go mór le mo shaothar. Bainim an-inspioráid astu agus bíonn a gcuid tacaíochta an-soiléir i mo cheol.Conas a bhí do shaol cultúrtha mar pháiste?Bhí ról mór suntasach ag an ealaín agus ag ealaíontóirí sa teach. Bhí an saol a bhí agam mar pháiste chomh suimiúil céanna is atá sé sa lá atá inniu ann. Bhí an teach s’againn i gcónaí lán de cheol agus de chultúr. Bhí an deis againn bualadh le daoine ó gach cearn den domhan agus foghlaim ó bhunfhoinse faoi na cultúir, na creidimh agus na pobail eile amuigh sa domhan mór. Gach mí, bhí ócáid cheoil againn a bhí lán de chraic, bia, agus amhráin. Is cinnte go ndeachaigh na hócáidí míosúla sin go mór i bhfeidhm orm agus coinním an tsuim, an spiorad agus an paisean sin liom gach lá agus mé ag taisteal na cruinne agus tionchar na ndaoine sin le cloisteáil i mo cheol.Clare Sands Cén saghas rudaí cruthaitheacha a rinne tú mar pháiste?Is cuimhin liom go maith cé chomh tógtha leis an cheol is a bhí mé agus mé i mo pháiste. Tá an grá atá agam don cheol inniu ionam ó bhí mé óg. Ach ní sin an t-aon chaitheamh aimsire amháin a bhí agam. Bíonn iontas ar dhaoine uaireanta nuair a chloiseann siad faoin chrios dubh atá agam san ealaín chomhraic, agus trí bhonn domhanda ar son na hÉireann le dul leis! Mar sin, bhí mé gnóthach go leor nuair a bhí mé ag fás aníos, agus is dóigh nach bhfuil mórán athraithe óna thaobh sin de.Dá mbeadh sé ar do chumas taisteal siar tríd an am agus tú féin a thabhairt ar ais chuig ceolchoirm amháin ar ar fhreastail tú cheana, cén ceann a roghnófá, agus cén fáth?Chonaic mé Naoi Déag Seachtó Cúig ó Michael Keegan Dolan coicís ó shin in Áras Ceoldráma Chorcaí agus bhí sé thar barr.Cad iad na rudaí is fearr ar éist tú leo, a léigh tú, nó atá feicthe agat le déanaí?Ba chara mór é Manchán Magan dom. Rinneamar a lán oibre agus ceoil le chéile. Tá mé ag filleadh ar ais ar a leabhair agus a shaothair atá chomh lán le heolas saibhir faoinár dteanga agus ár dtír. Faoi láthair, tá mé ag baint an oiread sin sult as Listen to the Land Speak arís. Bhí sé ag Docs Ireland le déanaí i mBéal Feirste. Suaimhneas síoraí ar a anam. Bhí mé ag CMAT freisin thíos i gCorcaigh agus bhí sí dochreidte fosta. Banríon na hÉireann.Anthony McAuley, Clare Sands agus Ivan McGuire Grianghraf: Dylan Vaughan. Cad a cheapann tú faoi chaighdeán na n-ealaíon in Éirinn faoi láthair?Chun an fhírinne a rá, níl a leithéid de thallann feicthe agam agus an tallann atá timpeall orainn uilig in Éirinn faoi láthair. Cuireann sé na 60idí i gcuimhne dom agus athbheochan bheo bhríomhar an cheoil tíre. Tá muid, mar Éireannaigh, bródúil as ár gceol agus ár gcultúr agus as gach rud a bhaineann leis sin, agus tá sé sin le feiceáil go soiléir sna healaíona atá sa tír faoi láthair.Cad é an mhíthuiscint is mó atá ag daoine faoi do shaol mar ealaíontóir?Bíonn dearcadh ag daoine uaireanta gur rud éasca é a bheith i d’ealaíontóir nó a bheith i do cheoltóir. Síltear gur féidir linn an lá a chaitheamh inár gcodladh agus ansin gig a dhéanamh ar feadh cúpla uair an chloig sa tráthnóna, ach ní sin mar atá sé. Sa domhan digiteach ina mairimid, tá béim shuntasach ar chúrsaí margaíochta agus poiblíochta. Idir na meáin shóisialta, an suíomh gréasáin, ag cruthú ábhar cruthaitheach, bíonn neart idir lámha againn i gcónaí. Tá mé an-bhuíoch go deo as gach rud a bhíonn ar bun agam le mo cheol ach níl aon dabht go mbím coinnithe gnóthach leis.Cad é an comhthéacs is aistí ina raibh tú riamh de bharr do chuid oibre?Is ceoltóir Éireannach mé, a chruthaíonn ceol atá an-Ghaelach, ó na fréamhacha chuig na haerthonnta, agus téim timpeall an domhain leis. Tá mo chuid oibre cloiste ag muintir Mheicsiceo, Chúba, na hAstráile, Cheanada, Mharacó - gach cúinne den chruinne! Sílim féin gurb é sin, mar choincheap, an comhthéacs is aistí ar fad i ndáiríre! Mothaím fíorbhuíoch gurb é sin an cás - go bhfuil mé in ann teanga na hÉireann agus m’amhráin Éireannacha, Ghaelacha a thabhairt chuig na tíortha áille seo, atá lán lena gcultúr féin.Cad iad do thuairim faoi fhorbairt na Gaeilge sna healaíona in Éirinn? Agus cén fáth, dar leat, a bhfuil sé ag tarlú?Tá an Ghaeilge ag dul ó neart go neart agus is am an-speisialta é faoi láthair, go háirithe i mBéal Feirste. Tá mé féin ag cur fúm i mBéal Feirste agus labhraím an Ghaeilge gach lá. Tá cúpla ionad cultúrtha iontach againn in éineacht le ceoltóirí den chéad scoth, agus pobal Gaelach atá thar a bheith láidir. Is dóigh liom go bhfuil sin bainteach leis an cheol agus an cultúr atá á chur chun cinn ar an stáitse mórthimpeall an domhain. Tá muid thar a bheith bródúil anseo as bheith inár nÉireannaigh. Tá an bród sin le feiceáil go soiléir sna healaíona atá á gcruthú sa chathair.Cad é do mhana?‘Ní neart go cur le chéile.’Beidh Clare Sands ag seinm le Kíla in Mandela Hall i mBéal Feirste ar an 7 Lúnasa, agus ar camchuairt timpeall na tíre san fhómhar.Foclóir:tearmainn = refugebunfhoinse = primary sourceathbheochan = revivalcomhthéacs = contextaerthonnta = airwavesfréamhacha = rootsmíthuiscint = misconceptioncamchuairt = tour
“Dúirt Liam Ó Maonlaí liom uair amháin, agus muid i mbun píosa ceoil a chruthú le chéile, gurb é an próiseas an chuid is tábhachtaí, agus ní an méid a tharlaíonn ina dhiaidh…Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an chomhairle sin go deo.”
Is ceoltóir agus amhránaí í Clare Sands atá ar an séú glúin d’fhidléirí ina clann. Le déanaí, chuir sí an t-amhrán Anam Cara amach, óna halbam nua, They Tried To Bury Us.






