Cén t-éacht gairmiúil is mó a bhfuil tú bródúil as?Sé bliana déag a chaitheamh le mo ghrúpa ceoil, The Bonny Men. Táimid cairdiúil ó bhí muid ar scoil agus táimid i mbun an ceathrú ceirnín a thaifeadadh faoi láthair. Sháraíomar a lán dúshlán le chéile agus táim ag súil le blianta fada eile amach romhainn.Cad é an chéad phíosa ealaíne is mó a d’imir tionchar ort mar dhéagóir?Fead an Iolair le Na Casaidigh. Bhíomar ar shaoire teaghlaigh in iarthar Chorcaí agus ní raibh ach téip amháin againn sa charr, mar sin bhí sé ar repeat ar feadh na seachtaine ar fad agus muid ag tiomáint thart. Bhí nasc idir an ceol agus an tírdhreach. D’fhág sé sin rian orm.Maitiú Ó Casaide sa bhaile i mBaile Átha Cliath.
Grianghraf: Bryan O’Brien
Cén t-ealaíontóir atá beo is mó a bhfuil meas agat air?Tá sé dochreidte na seoda atá againn sa tír bheag seo, ach ealaíontóir ar leith é Steve Cooney. Duine a tháinig ón Astráil agus a rinne nead dó féin anseo in Éirinn. Bhí tionchar thar na bearta aige ar cheol na tíre agus tá staidéar agus tuiscint dhomhain aige ar an gceol, ar thraidisiún na cláirsí agus ar an teanga. Eiseamláir atá ann dom féin agus tá an t-ádh liom go mbíonn deis agam seinm agus taifeadadh leis anois agus arís. Comhluadar iontach.Cad iad na straitéisí a úsáideann tú chun tréimhsí lagtrá cruthaitheachta a shárú?Chomh maith le bheith i mo cheoltóir, is eagarthóir scannán agus teilifíse mé. Bainim taitneamh as sin mar gur obair chruthaitheach í agus tograí cultúrtha agus ceoil do TG4 a bhíonn idir lámha agam den chuid is mó. Idir sin agus na tograí ceoil éagsúla, féilte ag an deireadh seachtaine agus a leithéid, níl mórán sosa le fáil na laethanta seo, ach ní drochghearán é sin.Mura mbeifeá ag gabháil don ealaín atá á cleachtadh agat faoi láthair, cén réimse cruthaitheach ba bhreá leat a fhiosrú?Imreoir sacair le foireann na hÉireann.Dúirt mo sheanchara, an t-amhránaí clúiteach Seán Garvey… ‘If you play that at my grave I’ll jump out and dance a reel!’Conas a bhí do shaol cultúrtha mar pháiste?Is treibh mhór Ghaelach sinn agus is é an ceol a cheanglaíonn sinn le chéile mar chlann. Bhí m’athair agus m’uncail ag seinm le Na Casaidigh agus bhí mé ag suí isteach ar na cleachtaí ó aois an-óg, ag sú isteach na fuaime sin. Tá na céadta col ceathrar agam agus nuair a bhí mo Mhamó agus mo Dhaideo, Seán agus Nóirín, beo, rachadh muid ar cuairt chucu go minic agus bhí na huirlisí i gcónaí amuigh. Is as an bhFrainc do mo mháthair agus bhí tionchar láidir ansin freisin. Bhí amhráin áille do pháistí a d’fhoghlaim muid ónár seantuismitheoirí ón bhFrainc.Cad é an rud is deise a dúirt ealaíontóir eile leat riamh?Dúirt mo sheanchara, an t-amhránaí clúiteach Seán Garvey, liom féin, le Dermot O’Hanlon agus lena mhac Seán Óg Garvey tar éis dúinn The Flax in Bloom a sheinm sa Cobblestone oíche amháin: “If you play that at my grave I’ll jump out and dance a reel!” Faraor, cailleadh Seán ó shin. Bhí sé ina inspioráid mhór dom féin agus mo chairde. Bhí glór agus pearsantacht faoi leith aige.Maitiú Ó Casaide: go mór faoi thionchar phíobaireacht Liam O’Flynn. Grianghraf: Bryan O’Brien






