Cad é an chéad phíosa ealaíne is mó a d’imir tionchar ort mar dhéagóir? Nuair a bhí mé an-óg, ní raibh rud ar bith ba mhó a theastaigh uaim ná an chéad rian ar I gCnoc na Graí le Noel Hill agus Tony McMahon a chloisteáil. Tá rud éigin faoi rithim an chonsairtín agus an bhosca ceoil, agus faoi fhuaim an damhsa seit sa chúlra, a chuaigh i bhfeidhm go smior orm, agus a théann i bhfeidhm orm fós inniu.Cén t-ealaíontóir atá beo is mó a bhfuil meas agat air?Táim i gcónaí faoi inspioráid agus faoi dhraíocht ag spiorad agus fuinneamh [an fhidléara] Máiréad Ní Mhaonaigh. Banríon!Cad iad na straitéisí a úsáideann tú chun tréimhsí lagtrá cruthaitheachta a shárú?Bíonn am liom féin de dhíth orm chun mo neart a chur ar ais ionam féin, mar sin is aoibhinn liom seal a fháil dom féin sa Tyrone Guthrie Centre i Loch Eanach Mhic Dheirg. Is mór an chabhair domsa an t-aonrú agus an ciúnas chun smaointe úra a chruthú. Mura féidir liom dul ann, fágaim an fón sa bhaile agus téim ar shiúlóidí fada chun m’intinn a ghlanadh.Mura mbeifeá ag gabháil don ealaín atá á cleachtadh agat faoi láthair, cén sórt tallainne cruthaithí ar bhreá leat a bheith agat/a fhiosrú?Sílim dá mba rud é nach mbeinn sa cheol, gur mhaith liom a bheith i m’ealaíontóir amhairc nó i mo dhearthóir seodra. Chaith mé tréimhse in NCAD agus bhain mé an-taitneamh as an tsaoirse chruthaitheach agus an tsaoirse intinne a fuair mé ann. Táim an-bhuíoch d’Iseult Aiken as an méid sin, mo mhúinteoir ealaíne sa mheánscoil.Seisiún ag Tradfest i mBéal Feirste. Grianghraf: Claire Loughran Cén éacht gairmiúil is mó a bhfuil tú bródúil as?Na teachtaireachtaí a fhaighim ó dhaoine a ghlacann páirt i mo cheachtanna ar líne. Tugann an bealach sin deis do dhaoine an consairtín a fhoghlaim, daoine nach raibh riamh den tuairim go mbeadh siad ábalta é a fhoghlaim. Bhí bean amháin ó California, Libby, a cheannaigh consairtín di féin dá 90ú breithlá agus a bhí ag foghlaim ó mo shuíomh gréasáin. Chuir sí teachtaireachtaí chugam go rialta ag insint dom an méid áthais a bhí na ceachtanna ag tabhairt di. Táim fíorbhródúil as sin.Cad é an rud is deise a dúirt ealaíontóir eile leat riamh?Dúirt Nialler9 uair amháin gur chuir ceann de na píosaí ceoil a rinne mé féin agus Ciarán blianta lena shaol, moladh nach ndéanfaidh mé dearmad air go deo.An raibh aon mhúinteoirí inspioráideacha agat? Bhí go leor acu; Méabh Ní Lochlainn, Ríona Traynor, Mícheál Ó Raghallaigh, ach mo thuismitheoirí den chuid is mó. Ní hamháin gur mhúin siad ceol dom, ach mhúin siad dom conas éisteacht i gceart agus conas mo ghuth féin a aimsiú sa cheol agus sa damhsa.Conas a bhí do shaol cultúrtha mar pháiste?Bhí an teach lán le ceol agus le damhsa. Thit mé i mo chodladh gach Luan ag éisteacht le rang fidle mo dhaidí sa seomra suite. Mhúin sé ranganna fidle sa teach ar feadh 40 bliain. Is minic a bhíodh mo mhamaí ag damhsa sa chistin, agus ag taispeáint damhsaí nua dom.Cén saghas rudaí cruthaitheacha a rinne tú mar pháiste?Bhí mé go minic liom féin sa bhaile agus mé ag fás aníos, agus bhí mé i gcónaí ag canadh foinn sa bhaile. D’iarr mé pianó ar Santa Claus bliain amháin. Tá mé go fóill ag déanamh iarracht an pianó a fhoghlaim. Bhí mo chluas riamh tarraingthe chuig línte dord, agus tá fós. Ó thaobh an damhsa de, tháinig sé go nádúrtha dom céimeanna nua a cheapadh, agus thaitin sé go mór liom a bheith i mo pháirtí damhsa seit ag mo mháthair ag céilithe i rith m’óige ar fad. Mhúin sí damhsa dom, agus rithim, saol agus fuinneamh. Is í mo inspioráid í.Seisiún ag Tradfest i mBéal Feirste. Grianghraf: Claire Loughran An bhfuil saothar cruthaitheach amháin ar mhaith leat tabhairt faoi ach nach bhfuil tosaithe agat fós?Ba mhaith liom tionscadal mór a chruthú a cheanglóidh ceol, damhsa, scéalaíocht agus an Ghaeilge le chéile ar bhealach nua.Cad iad na rudaí is fearr ar éist tú leo, ar léigh tú, nó atá feicthe agat le déanaí? Albam nua Cuas, agus albam nua ó Ciarán Ó Maonaigh, Caillte sa Cheoil. An scannán Cartlann Christy Moore ar TG4, agus ceolchoirm Biird sa Button Factory.Cad a cheapann tú faoi chaighdeán na n-ealaíon in Éirinn faoi láthair?Tá an caighdeán thar a bheith ard. An dúshlán is mó, b’fhéidir, ná go mbeadh tuilleadh tacaíochta agus cinnteachta ann d’ealaíontóirí ionas gur féidir leo díriú ar an obair chruthaitheach féin.Cad é an míthuiscint is mó atá ag daoine faoi do shaol mar ealaíontóir?Nach mbím ag obair seachas nuair atá gig agam.Cén cineál áite a spreagann tú?Machaire Gathlán i nGaoth Dobhair agus an Tyrone Guthrie Centre in Loch Eanach Mhic Dheirg. Suaimhneas, saoirse, ciúnas.Céilí mór ag Tradfest i mBéal Feirste. Grianghraf: Claire Loughran Cad é an comhthéacs is aistí a thug do chuid oibre duit? Bhí an t-ádh orm a bheith ag seinm agus ag damhsa in áiteanna aisteacha agus iontacha. Bhí ceann de na stáitsí is cuimhneach liom suite ag na Pirimidí san Éigipt. Bhí mé le Riverdance ag an am. Rinneamar damhsa, agus ina dhiaidh sin bhí Mariah Carey ar an stáitse, agus na Pirimidí mar chúlra. Craiceáilte ar fad.Cad é do mhana?Tosaigh sula mbíonn tú réidh. Ná fan go mbeidh gach rud foirfe nó in ord agat. Foclóir:rithim = rhythmconsairtín = concertinainspioráid = inspirationaonrú = isolation/solitudeseodra = jewellerymíthuiscint = misunderstandingsuaimhneas = peace/tranquillity
“Ní hamháin gur mhúin siad ceol dom, ach mhúin siad dom conas éisteacht i gceart agus conas mo ghuth féin a aimsiú sa cheol agus sa damhsa.”
Is seinnteoir consairtín, rinceoir, agus múinteoir í Caitlín Nic Gabhann as an Mhí. Beidh sí ag seinm ag TradFest Béal Feirste (26ú Iúil - 2ú Lúnasa) agus ag múineadh ag Scoil Samhraidh na Féile.






