Idir an 27 Iúil agus an 2 Lúnasa, beidh scoth an cheoil agus na siamsaíochta le blaiseadh ar Oileán Mhanann agus Yn Chruinnaght, féile idir-Cheilteach an oileáin, á ceiliúradh.Le beagnach 50 bliain, ó athbheoigh an gníomhaí cultúir Mona Douglas Cruinnaght Vanninagh Ashoonagh, féile a reáchtáladh idir 1924 agus tús an dara cogadh domhanda, in 1978, tá Yn Chruinnaght fréamhaithe i gceol agus i gcultúr Mhanann. Thairis sin, áfach, tá sé d’aidhm aici caidreamh an oileáin leis na cúig thír Cheilteacha eile a cheiliúradh – coibhneas a bheidh chun tosaigh arís i mbliana.Arís eile, tá an-chlár curtha le chéile ag eagraithe na féile, ina gcuimsítear ceolchoirmeacha, céilithe, ceardlanna, seisiúin cheoil agus imeachtaí teanga.Is iad an dísreach Isla Callister, amhránaí agus fidléir ó Mhanainn, agus Cathal Ó Curráin, ceoltóir ildánach ó Dhún na nGall, a osclóidh an fhéile le ceolchoirm ar an Luan. Le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta, tá an bheirt ag comhoibriú le chéile le 18 mí chun seanbhlúiríní ceoil a fhorbairt agus chun amhráin dhátheangacha agus poirt nua a chumadh. Sa cheol úr sin, pléitear le téamaí atá i bpáirt ag an dá áit – an béaloideas agus nósanna a bhaineann leis an nádúr, mar shampla – chomh maith le corrcheist níos achrannaí, amhail ról na saighdiúirí Manannacha in Éirí Amach 1798 in Éirinn.Mar a dúirt Jo Callister, Cathaoirleach na féile, “Cuirtear saintréith na Cruinnaght in iúl go soiléir leis an chéad cheolchoirm – is é sin, cultúr Mhanann a cheiliúradh agus naisc leis na tíortha Ceilteacha eile a neartú. Tarraingítear teangacha, ceol agus scéalta Thír Chonaill agus Oileán Mhanann le chéile i gceol Chathail agus Isla ar bhealach atá an-uathúil”.Tá sé mar chuspóir ag tionscadal Callister agus Uí Churráin oibriú le cainteoirí óga an dá theanga freisin, agus beidh grúpa óg ó Mhanainn, Scran, ar an ardán in éineacht leo chun cuid de thorthaí an chomhoibrithe sin a chomhroinnt leis an lucht éisteachta.Beidh príomhaíonna na féile, an dísreach Saltfishforty, ar an ardán oíche Shathairn. Tá Douglas Montgomery (fidil/vióla) agus Brian Cromarty (guth/giotár/mandóla) ar thús cadhnaíochta in athbheochan cheoil na nInse Orc, agus táthar ag dúil le ceolchoirm spreagthach spreagúil ina dtaispeánfar sár-thallann na beirte. Ag tacú leo, beidh Clash Vooar, grúpa nuálach Manannach a mheascann ceol agus cultúr an oileáin le réimse leathan stíleanna ón snagcheol go dtí an func.I gcaitheamh na seachtaine idir an dá cheolchoirm sin, beidh imeachtaí iomadúla ar siúl de ló agus d’oíche. Cé go mbeidh a bhformhór i bPurt na hInshey (Peel), beidh roinnt seisiún i nDoolish (Douglas) agus ceann amháin i mBalley Chashtal (Castletown), agus beidh ceolchoirm amháin i mBalley Keeill Eoin (St John’s) freisin. Is é an deacracht a bheidh ag lucht freastail na féile ná rogha a dhéanamh eatarthu, toisc go mbeidh rudaí áirithe ar siúl ag an am céanna.Beidh seisiúin cheoil ann gach tráthnóna agus formhór na n-oícheanta, in áiteanna éagsúla, lena n-áirítear bácús Noa, teach píotsa Oghe y Voddey Doo (The Black Dog Oven), tithe tábhairne Y Thie Bane (The White House) agus Lhune y Wyllar (Miller’s T’Ale), agus trá Phurt ny hInshey, agus beidh ceolchoirmeacha beaga agus taispeántais rince taobh amuigh den iarsmalann Thie Vanannan (House of Manannan). Lena chois sin, stiúrfaidh aíonna na féile ceardlanna sa cheol, san amhránaíocht, san ealaín agus sa bhácáil.Beidh oíche amhránaíochta ann oíche Mháirt, agus oíche Chéadaoin, tabharfaidh an grúpa bríomhar Filidh ó Áth Cliath ceolchoirm uathu in éineacht le dhá ghrúpa ón oileán: Time Flies agus The Wizard of Greeba. Agus rath mór ar sheó ilsiamsa na bliana anuraidh bunaithe ar théama an bhéaloidis, beidh ceolchoirm na hoíche Déardaoin bunaithe ar théama na mara, agus beidh an iliomad ealaíontóirí le cluinstin agus le feiceáil ann, idir cheoltóirí Manannacha agus aoicheoltóirí na féile. Is iad an cláirseoir Delyth Jenkins agus a hiníon Angharad, fidléir, a bheidh i mbun ceoil oíche Aoine i gceolchoirm sa tséipéal i mBalley Keeill Eoin.beidh formhór (na n-imeachtaí) i bPurt na hInshey, beidh roinnt seisiún i nDoolish agus ceann amháin i mBalley Chashtal, agus beidh ceolchoirm amháin i mBalley Keeill Eoin freisinNí dhéanfar neamart sa rince le linn na féile ach oiread. Beidh díograiseoirí damhsa in ann páirt a ghlacadh in dhá chéilí, oíche Chéadaoin agus oíche Aoine, agus beidh an rogha ag rinceoirí na Céadaoin teacht i mbréagriocht (bunaithe ar théama na mara).Anuraidh, athbheodh traidisiún ó laethanta luaithe na féile: comórtas táirgí baile. Bhí na catagóirí – amhail bonnóg, geansaí iascaire, clúdach do chlár na féile agus luibheanna arna lipéadú i nGaeilge Mhanann – bunaithe ar chlár Chruinnaght Vanninagh Ashoonagh 1925, agus bhain líon mór na n-iarrachtaí siar as na heagraithe. Beidh comórtas den chineál céanna ar siúl arís i mbliana.Anuas ar na himeachtaí ceoil agus rince agus an comórtas táirgí baile, bhí teanga an oileáin, yn Ghaelg, lárnach sa Chruinnaght ón tús, agus ní bheidh féile na bliana seo ina heisceacht. Go deimhin, agus Blein ny Gaelgey, Bliain Ghaeilge Mhanann, á ceiliúradh ag na Manannaigh, tá sé de rún ag eagraithe na Cruinnaght a chinntiú go mbeidh deis ag gach duine an Mhanainnis a fhoghlaim agus a úsáid le linn na féile, más mian leo.Beidh Scoill Souree (Scoil Samhraidh) Chulture Vannin ar siúl ag an am céanna leis Yn Chruinnaght. Tá an-rath ar an scoil le blianta beaga anuas: anuraidh, ghlac os cionn 50 foghlaimeoir ó ocht dtír páirt inti, lena n-áirítear beirt a tháinig ó Pittsburgh, Pennsylvania, chun Gaeilge Mhanann a fhoghlaim.Beidh ocht ndianchúrsa ann i mbliana, ó bhunleibhéal go hardleibhéal, agus den chéad uair, beidh mearchonair ar fáil dírithe ar Ghaeilgeoirí na hÉireann. Diomaite den ardrang, beidh na ranganna ar siúl ar maidin ionas go mbeidh neart ama ag na rannpháirtithe sult a bhaint as imeachtaí na féile. Cuirfear tús leis an chúrsa ceithre lá “Gaelg do Ghaeilgeoirí” ar an Mháirt, ionas go mbeadh sé ag teacht le hamchlár an bháid farantóireachta ó Latharna.Dóibh siúd nach mbeidh ag freastal ar an scoil samhraidh, beidh blasrang nó pop-up Gaeltaght ar siúl gach maidin i rith na seachtaine. Beidh cúpla imeacht speisialta ann chomh maith: ar an Mháirt, seolfaidh na dochtúirí Chris Lewin agus Erin McNulty irisleabhar taighde faoi athbheochan Ghaeilge Mhanann, agus ar an Déardaoin, tabharfar léacht (i mBéarla) ar scéal ríshuimiúil bhunscoil Ghaeilge Mhanann, atá 25 bliain ar an fhód. Ag filleadh ar shiamsaíocht níos éadroime, eagrófar seisiún “Gaelg agus Galf (mearaí)” tráthnóna Dé Sathairn.Beidh deis ag lucht freastail na féile teangacha Ceilteacha eile a chluinstin freisin. Oíche Chéadaoin, reáchtálfar oíche scannán i bPurt na hInshey. Áirítear leis na gearrscannáin a thaispeánfar Knackered, dráma dúghrinn sa Bhreatnais le Django Pinter agus Glyn Owen (a bheidh ina n-óstaigh ar an ócáid), agus an chéad taibhiú de Yn Cappan Argid, scannán a rinne Culture Vannin agus páistí na Bunscoill.Lena chois sin, beidh Gaeilge Mhanann, Gaeilge na hÉireann – agus teangacha eile, seans – le cluinstin sna ceolchoirmeacha, agus is cinnte go mbeidh go leor Gaelgeyryn i láthair ag na himeachtaí éagsúla.Tiocfaidh deireadh leis an fhéile Dé Domhnaigh. Cé nach bhfuil baint aige leis Yn Chruinnaght, beidh Carnabhal Phurt ny hInshey ar siúl an lá sin, agus beidh ceoltóirí Manannacha éagsúla le feiceáil ar an ardán ar an trá, lena n-áirítear Clash Vooar.Tráthnóna, beidh “Seisiún na Marthanóirí” ar siúl in Lhune y Wyllar. Beidh na rannpháirtithe – iad traochta tuirseach, is dócha, ach sona sásta – ag amharc siar ar bhuaicphointí na féile… agus bíodh geall go luafaidh duine éigin féile na bliana seo chugainn!Le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir leis Yn Chruinnaght, féach ynchruinnaght.com agus chun eolas a fháil nó chun clárú le haghaidh Scoill Souree Chulture Vannin, féach learnmanx.com. Dóibh siúd nach féidir leo a bheith i láthair, beidh Raidió Fáilte ag craoladh ón fhéile.Foclóir:siamsaíocht = entertainmentidir-Cheilteach = inter-Celticfréamhaithe = rootedseanbhlúiríní = old fragments/snippetscoibhneas = kinship/relationshiptionscadal = projectiliomad = multitude/great manymearchonair = fast-track coursemarthanóirí = survivors
Ceol, cultúr agus cairdeas na gCeilteach ar Oileán Mhanann
Tá clár leathan tarraingteach beartaithe i mbliana ag Yn Chruinnaght






