Cad é an chéad phíosa ealaíne is mó a d’imir tionchar ort mar dhéagóir?Bhí an t-ádh dearg liom camchuairt U2 a fheiceáil i bPáirc Uí Chrócaigh nuair a bhíos timpeall deich mbliana d’aois. Bhí orm suí ar ghuaillí mo dhaid mar bhíos róbheag chun an stáitse a fheiceáil. Bhí sé fíorspeisialta mar ba é féin a chuir ar an eolas mé faoi U2 ar an gcéad dul síos agus bhíos chomh gafa leis an albam ‘How to Dismantle an Atomic Bomb’ ag an am. Cén t-ealaíontóir atá beo is mó a bhfuil meas agat air? Tá meas ollmhór agam ar CMAT de bharr gach a seasann sí dó, anuas ar an gceol iontach atá á chruthú aici. Eiseamláir iontach í do dhaoine óga, i mo thuairimse. Muirġen: an-bhródúil as an tréimhse chamchuairte a rinne sí le Celtic Woman. Cad iad na straitéisí a úsáideann tú chun tréimhsí lagtrá cruthaitheachta a shárú?Éirím as an gcathair. Bhíos i mo chónaí i Londain ar feadh timpeall ocht mbliana agus ní go dtí gur tháinig mé abhaile gur thuigeas go rabhas gan mórán de splanc chruthaitheach de bharr ghlór na cathrach. Nuair a bhíonn tréimhsí lagtrá cruthaitheachta agam anois, téim chuig an bhfarraige. Cabhraíonn comhoibriú le cairde ar thionscadail chruthaitheacha leis na tréimhsí seo chomh maith. Mura mbeifeá ag gabháil don ealaín atá á cleachtadh agat faoi láthair, cén gort cruthaitheach ba bhreá leat a fhiosrú? Bhí mo chroí istigh sa rince agus mé i mo pháiste. Dúras i gcónaí, mura mbeinn i m’amhránaí, ba bhreá liom a bheith i mo rinceoir gairmiúil.…tríd an ealaín atá á cruthú ag daoine ar nós Kneecap, tá mothú reibiliúnach ag baint leis an nGaeilge agus tá sé sin ag dul i bhfeidhm i bhfad níos mó ar dhaoine óga. Is iad na daoine óga a choimeádfaidh úsáid na teanga beo.Cén t-éacht gairmiúil is mó a bhfuil tú bródúil as? Táim tar éis maireachtáil i suíomhanna éagsúla le linn mo shaoil ghairmiúil ó thaobh an cheoil de, ach caithfidh mé a admháil nár chreideas riamh go mbeinn ábalta mo cheol féin a chruthú agus a chur amach. Táim an-bhródúil as mo EP Loinnir a tháinig amach ar an 27 Bealtaine. Ceapaim go bhfuil sé tar éis mo chúrsa gairme a athrú go hiomlán. Táim an-bhródúil freisin as an tréimhse chamchuairte atá déanta agam go dtí seo le Celtic Woman. Thug sé deis dom taisteal chuig áiteanna iontacha ar fud an domhain agus mo chuid amhránaíochta a roinnt le daoine éagsúla. D’eisigh Muirġen EP dar teideal Loinnir le déanaí. Cad é an rud is deise a dúirt ealaíontóir eile leat riamh? An chomhairle is fearr a fuarthas ó ealaíontóir ná ó mo dheartháir a dúirt rud éigin ar nós: “Ní aimsítear stíl ealaíne idir dhá lá.” Caillim mo cheann go minic nuair a bhraithim nach bhfuil gach rud réitithe agam ó thaobh mo chuid oibre de. Is rud tábhachtach é an ráiteas sin a chuireann i gcuimhne dom gur aistear é. Cad í an chomhairle is measa a fuair tú riamh? Agus mé ag leanúint na ceoldrámaíochta thall i Sasana, tugadh comhairle dom litriú m’ainm a athrú agus chun fáil réidh leis an ‘O’ i mo shloinne. Dúradh liom go mbeadh níos lú seans agam éisteachtaí a fháil mura mbeidís ábalta m’ainm a fhuaimniú.Caithfidh tú cónaí i mbuncar faoi thalamh, agus is féidir leat scannán amháin, sraith theilifíse amháin, agus leabhar amháin a thabhairt leat: cad iad? Greenbook, Breaking Bad, agus The Creative Act le Rick Rubin.Muirġen: Ní bheinn i mo cheoltóir gan tacaíocht ó mhúinteoirí éagsúla An raibh aon mhúinteoirí inspioráideacha agat? Ní bheinn i mo cheoltóir gan tacaíocht ó mhúinteoirí éagsúla. Bean Frost, mo mhúinteoir ceoil sa mheánscoil, a threoraigh mé i dtreo gach eachtra cheoil sa scoil. Maria Mulcahy, mo mhúinteoir feadóige clasaicí, a thug misneach dom cur isteach ar chomórtais agus ar éisteachtaí dúshlánacha. Mary Hegarty, mo léachtóir amhránaíochta sa choláiste, a mhúin ealaín an stáitse dom ag tús mo thurais amhránaíochta. Conas a bhí do shaol cultúrtha mar pháiste? Bhí an t-ádh liom féin agus mo dheartháir gur thug ár dtuistí lántacaíocht dúinn saol cruthaitheach a leanúint. Spreag siad muid le turais chuig gailearaithe, músaeim, taispeántais cheoldrámaíochta agus drámaíochta, ranganna ceoil, turais chuig tíortha éagsúla, agus mar sin de. Ach is é mo dheartháir an duine a thug an inspioráid is láidre dom ó thaobh cultúir agus ealaíon de. Is ealaíontóir, ceoltóir agus dearthóir soilsithe iontach é agus tá sé i gcónaí ag sárú teorainneacha agus ag déanamh féinmhúnlú ar ábhair chruthaitheacha éagsúla. Cén saghas rudaí cruthaitheacha a rinne tú mar pháiste? D’fhreastail mé ar ranganna feadóige, veidhlín, pianó agus drumadóireachta, agus bhíos mar bhall de cheolfhoireann chomh maith. Bhí mo chairde dóite díom mar bhíos i gcónaí ag iarraidh taispeántais rince, drámaíochta nó aclaíochta a stiúradh gach am lóin agus muid sa bhunscoil. Cothaíodh ár mbuanna ealaíne i nGaelcholáiste Choilm le ceoldrámaíocht iontach, an cór, féilte ealaíon éagsúla, agus mar sin de. Dá mbeadh sé ar do chumas taisteal siar tríd an am agus tú féin a thabhairt ar ais chuig ceolchoirm amháin ar ar fhreastail tú cheana, cén ceann a roghnófá, agus cén fáth? Bhí The Blaze ag Body & Soul in 2019 an-speisialta. Bhíos le mo chairde is fearr ag damhsa sa bháisteach - bhí sé ag stealladh - agus bhí sé thar barr ar fad. Muirġen: D’fhreastail mé ar ranganna feadóige, veidhlín, pianó agus drumadóireachta, agus bhíos mar bhall de cheolfhoireann chomh maith. An bhfuil saothar cruthaitheach amháin ar mhaith leat tabhairt faoi ach nach bhfuil tosaithe agat fós?Ba bhreá liom lámh a chur leis an ngúnadóireacht. Bhí mo sheanmháthair ina gúnadóir gairmiúil agus d’fhoghlaim mo mham an cheird uaithi. Tá sé i gceist agam an dualchas sin a choinneáil beo. Cad iad na rudaí is fearr ar éist tú leo nó atá feicthe agat le déanaí? The House Must Win le Mick Flannery san Everyman, agus Misterman le Enda Walsh sa Cork Arts Theatre. An samhradh seo caite, chonaic mé RÓIS agus Rachelle Lavelle sa gig céanna. Draíochtúil.Cad iad na hionaid is fearr leat? An Kennedy Center in Washington D.C. Rinneamar taispeántas ann leis an gCeolfhoireann Shiansach Náisiúnta in 2023. Cad a cheapann tú faoi chaighdeán na n-ealaíon in Éirinn faoi láthair? Tá ceol cumaisc ag bláthú agus is rud iontach é sin a fheiceáil mar ceapaim go mbraitheann buanseasmhacht na stíle traidisiúnta ar an éabhlóid seo. Tá gliondar croí orm an bhéim atá á cur ar an nGaeilge sa cheol faoi láthair a fheiceáil. Beidh spás ann chun feabhsú i gcónaí agus muid ag labhairt faoin tacaíocht atá ar fáil d’ealaíontóirí in Éirinn. Tá an t-ioncam bunúsach go hiontach gan dabht, ach bhí díomá orm a fheiceáil nár mhéadaigh siad líon na dtairbhithe sa scéim. Tá sé chomh costasach taispeántais a léiriú na laethanta seo (chomh maith leis na ticéidí don phobal). Bheadh sé go hiontach dá mbeadh níos mó scéimeanna fóirdheontais ar fáil d’ealaíontóirí agus d’ionaid éagsúla. Muirġen: Tá ceol cumaisc ag bláthú agus is rud iontach é sin a fheiceáil mar ceapaim go mbraitheann buanseasmhacht na stíle traidisiúnta ar an éabhlóid seo. Cad é an míthuiscint is mó atá ag daoine faoi do shaol mar ealaíontóir? Go bhfuil gach rud in ord agam! Tá na meáin shóisialta chomh míthreorach. Caithfear iad a úsáid chun poiblíocht a dhéanamh ar do chuid oibre, ach bíonn sé i gcúl do chinn nuair a cheapann daoine go bhfuil rath ollmhór ort agus, taobh thiar de dhoirse dúnta, níl clú dá laghad agat cad atá á dhéanamh agat! Cén cineál áite a spreagann thú? A bheith ag damhsa i bpáirc ag féile cheoil éigin, in iarthar Chorcaí nó in aice na farraige. Cad é an comhthéacs is aistí ina raibh tú riamh de bharr do chuid oibre? Bhíos ar camchuairt le Celtic Woman agus bhí taispeántais againn i dTalamh an Éisc. Shílfeá gur in Éirinn a bhíomar áfach - bhí tuin chainte Phort Láirge ag gach éinne.Cad é do thuairim faoi fhorbairt na Gaeilge sna healaíona in Éirinn? Agus mé ag freastal ar an nGaelscoil, ní raibh sé ‘cool’ a bheith ag labhairt Gaeilge agus cheapamar go raibh sé reibiliúnach Béarla a labhairt. Dá bharr sin, theastaigh uainn Béarla a labhairt pé seans a bhí againn. Faoi láthair, tríd an ealaín atá á cruthú ag daoine ar nós Kneecap, tá mothú reibiliúnach ag baint leis an nGaeilge agus tá sé sin ag dul i bhfeidhm i bhfad níos mó ar dhaoine óga. Is iad na daoine óga a choimeádfaidh úsáid na teanga beo. Cad é do mhana? Ní dhéanfaidh smaoineamh an treabhadh duit.Foclóirsplanc chruthaitheach = creative spark reibiliúnach = rebellious camchuairt = tourbuanseasmhacht = sustainability/permanence fóirdheontais = subsidies míthreorach = misleading/misdirecting comhthéacs = context
“Bhíos i mo chónaí i Londain ar feadh timpeall ocht mbliana agus ní go dtí gur tháinig mé abhaile gur thuigeas go rabhas gan mórán de splanc chruthaitheach de bharr ghlór na cathrach.”
Is amhránaí as Corcaigh í Muirġen a d’eisigh EP dar teideal Loinnir le déanaí. Meascán den cheol traidisiúnta, fuaimeanna electropop agus eile atá ina cuid saothair. Lena chois sin, tá sí ina ball den ghrúpa Celtic Women.






