Is cumadóir í Nollaig freisin agus is liosta le háireamh iad na ceoltóirí eile a bhfuil comhoibriú déanta aici leo: Enya, Spandau Ballet, The Indigo Girls, Moving Heats, Rod Stewart, Nanci Griffith, agus tuilleadh lena gcois. Beidh sí ag seinm sa cheolchoirm Seán Maguire - Ómós sa Lyric i mBéal Feirste ar an 28 Iúil mar chuid de Belfast Tradfest.Cad é an chéad phíosa ealaíne is mó a d’imir tionchar ort mar dhéagóir? D’fhoghlaim mé na píopaí uilleann i Scoil Cheoil Chorcaí nuair a bhíos i mo dhéagóir óg. Do mhúin ár múinteoir - an píobaire den scoth Mícheál Ó Ríabhaigh - an fonn ‘The Ace and Deuce of Pipering’ dúinn, agus chuaigh an fonn sin i bhfeidhm go mór orm. Bhaineas an-taitneamh as an bhfonn seo a sheinm ar na píopaí agus an fhidil ag an am sin, agus is breá liom é fós sa lá atá inniu ann.“Is maith liom an dánlann ealaíne Museo del Prado i Maidrid agus an Cinema Modernissimo in Bologna na hIodáile. Agus tá an amharclann Concertgebouw in Amstardam go haoibhinn ó thaobh fuaimíochta.”Cén t-ealaíontóir atá beo is mó a bhfuil meas agat air?Tá meas an-mhór agam ar go leor ealaíontóirí atá fós beo. Ó thaobh ceoil, Dónal Lunny agus Matt Molloy. Ó thaobh ealaíne, Robert Ballagh, Amelia Stein agus Mick O’Dea.Nollaig Casey Cad iad na straitéisí a úsáideann tú chun tréimhsí lagtrá cruthaitheachta a shárú?Is aoibhinn liom a bheith ag siúl amuigh faoin tuath, go mór mhór ar na sléibhte agus cois farraige. Is breá liom a bheith ag snámh freisin. Spreagann na caithimh aimsire seo mo chruthaitheacht, b’fhéidir toisc go mbíonn m’intinn suaimhneach ag na hamanna seo. Ar aon nós, nuair is mian liom ceol nua a chumadh agus nach mbíonn smaointe cruthaitheacha agam, téim ag siúl i m’aonar, nó ag snámh san fharraige, agus spreagtar mo chruthaitheacht.Mura mbeifeá ag gabháil don ealaín atá á cleachtadh agat faoi láthair, cén réimse ba bhreá leat a fhiosrú?Bhí suim agam i gcónaí i gcúrsaí leighis, agus murar cheoltóir mé, ba mhaith liom bheith i mo dhochtúir leighis.Cén t-éacht gairmiúil is mó a bhfuil tú bródúil as?Táim an-bhródúil as na ceirníní a rinne mé, go mór mhór le m’fhear céile Arty McGlynn (nach maireann), Lead the Knave agus Causeway, agus mo cheirnín aonair The Music of What Happened. Táim thar a bheith bródúil freisin as mo chéim PhD, a bronnadh orm le déanaí. Tráchtas, agus eagrán, ar lámhscríbhinní ceoil le Pádraig Ó Néill (Patrick O’Neill) ón 18ú agus 19ú haois is ea é.Caithfidh tú cónaí i mbuncar faoi thalamh, agus is féidir leat scannán amháin, sraith theilifíse amháin, agus leabhar amháin a thabhairt leat: cad iad?An tsraith theilifíse a thabharfainn liom ná Father Ted. An leabhar, Ulysses le James Joyce. Agus na scannáin Some like it Hot agus Cinema Paradiso.An raibh aon mhúinteoirí inspioráideacha agat?Bhí an t-ádh orm go raibh múinteoirí ceoil thar barr agam nuair a bhíos óg. Bhí siad foighneach liom, díograiseach faoin gceol, agus thug siad comhairle chabhrach dom gan a bheith róchriticiúil. Mhol siad go réidh mé, agus ceapaim go bhfuil sé sin an-tábhachtach do pháistí óga. Spreag na tréithe sin mé chun feabhas a chur orm féin mar cheoltóir.Nollaig Casey, Máire Ní Chathasaigh agus Mairéad Ní Chathasaigh Conas a bhí do shaol cultúrtha mar pháiste?Tógadh mé i dteaghlach an-cheolmhar in Iarthar Chorcaí. Bhí an-suim ag mo thuismitheoirí sa cheol Gaelach - amhránaí iontach ab ea mo mháthair, agus sheinn sí ceol rince ar an orgán béil freisin. Bhí go leor sean-amhrán agus dánta Gaeilge ag m’athair agus mo mháthair, agus mhúin siad iad dom féin agus do mo dheirfiúracha agus mo dheartháireacha. Thug siad a ngrá don cheol dúinn, agus bhíomar go minic ag casadh ceoil agus ag canadh agus sinn ag fás aníos. Bhí an teaghlach lán de leabhair freisin, agus mar thoradh air sin ba bhreá linn a bheith ag léamh.Cén saghas rudaí cruthaitheacha a rinne tú mar pháiste?Nollaig Casey. Seachas an ceol, bhaineas an-taithneamh as bheith ag rince nuair a bhí mé óg. Bhuaigh mé go leor comórtais rince Ghaelaigh agus bailé. Bhí suim agam freisin sa líníocht agus péinteáil, agus sa drámaíocht.Cad iad na rudaí is fearr ar éist tú leo, a léigh tú, nó atá feicthe agat le déanaí?Thug mé cuairt ar an 196ú RHA Annual Exhibition i mBaile Átha Cliath le déanaí. Taispeántas amharc-ealaíon iontach is ea é. Tá píosa ealaíne le m’iníon, an t-amharc-ealaíontóir Aoife McGlynn, le feiceáil mar chuid den taispeántas seo. Maidir le leabhair, táim díreach tar éis Good People le Patmeena Sabit a léamh, údar a rugadh i gCabúl agus a bhog go dtí na Stáit Aontaithe mar dhéagóir óg. Ó thaobh ceirníní, bhíos ag éisteacht le déanaí le Kerry Fiddles le Pádraig O’Keefe, Denis Murphy agus Julia Clifford. Rinneadh an taifeadadh seo in 1977. Ceol bríomhar álainn den scoth é.Cad iad na hionaid, na gailearaithe, nó na pictiúrlanna is fearr leat?Is maith liom an dánlann ealaíne Museo del Prado i Maidrid agus an Cinema Modernissimo in Bologna na hIodáile. Agus tá an amharclann Concertgebouw in Amstardam go haoibhinn ó thaobh fuaimíochta.Nollaig Casey. Grianghraf: Aoife Casey Cad a cheapann tú faoi chaighdeán na n-ealaíon in Éirinn faoi láthair?Ceapaim go bhfuil na healaíona in Éirinn faoi bhláth agus sláintiúil faoi láthair. Molaim go mór an scéim i dtaca le hIoncam Bunúsach do na hEalaíona atá curtha ar bun ag Rialtas na hÉireann chun cabhair a thabhairt d’ealaíontóirí gairmiúla. Mar sin féin, ní féidir ach dhá mhíle duine an BIA a fháil ag an am céanna. Ba bhreá liom leathnú na scéime seo a fheiscint chun tuilleadh ealaíontóirí a chur san áireamh.Cén cineál áite a spreagann thú?Is aoibhinn liom a bheith sna hAilichí i mBéarra in Iarthar Chorcaí, áit dúchais mo mháthar. Táim cinnte go mbím níos cruthaithí nuair a bhím ann.Cad é do mhana?Mol an óige agus tiocfaidh sí.Foclóir:cumadóir = composerlámhscríbhinní = manuscriptslagtrá cruthaitheachta = creative low-ebb/slumpdíograiseach = enthusiastic/passionatefuaimíocht = acousticsamharc-ealaíontóir = visual artistbríomhar = lively/vibrantróchriticiúil = overly criticaltráchtas = thesis/dissertation
“Is aoibhinn liom a bheith sna hAilichí i mBéarra in Iarthar Chorcaí, áit dúchais mo mháthar. Táim cinnte go mbím níos cruthaithí nuair a bhím ann.”
Tá Nollaig Casey ar dhuine de na fidléirí is cáiliúla in Éirinn. Bhí sí ina ball den bhanna Coolfin le Dónal Lunny, agus páirteach sna cláir theilifíse Fuaimrian mo Shaoil agus Sé mo Laoch.






