Ag ligean a scíth a bhí an ceoltóir Séamus Ó Flatharta, nuair a labhair Tuarascáil leis Déardaoin na seachtaine seo caite, tar éis dó féin agus a dheirfiúr Caoimhe filleadh ar Éirinn ón Astráil, áit ar chasadar ag an National Celtic Folk Festival in Portarlington, Victoria.“An lá seo an tseachtain seo caite, tháinig muid ar ais ón Astráil,” a dúirt sé.“Mar sin, táimid fós ag iarraidh teacht chugainn féin ina dhiaidh sin.”Briseadh gearr a bheadh acu - beidh an dísreach ag gabháil fhoinn an tseachtain seo chugainn le solas coinnle, ag an West Cork Chamber Music Festival.De ghnáth, nuair a ligeann daoine scíth, is ar thóir an tsosa agus an tsuaimhnis a bhíonn siad, ach i gcás Shéamuis agus Chaoimhe, is ar Chloch na Rón a bheidh a dtriail agus dlaoi mhullaigh le cur ar albam nua atá á thaifeadadh acu i stiúideo le Bill Whelan, an cumadóir clúiteach a chum an ceol do Riverdance.“I ndáiríre píre, tá an t-ádh orainn faoi láthair go bhfuil cúpla seachtain de mhí an Mheithimh tógtha againn le bailchríoch a chur ar an albam atá á thaifeadadh againn,” a dúirt Séamus.“Beidh mí Iúil agus mí Lúnasa sách gnóthach, ach tá mí an Mheithimh go deas. Tá sé aisteach go bhfuil beagán scíthe againn, bhuel, ní scíth i ndáiríre é, mar go bhfuil muid ag taifeadadh, ach níl muid ar an mbóthar.”Is dóigh go bhfuil mé ag tabhairt faoi deara anois an t-ádh a bhí orainn gur fhás muid aníos in Iorras Aithneach leis na daoine seo timpeall orainn.Is dóigh liom go bhfuil mé ag tabhairt faoi deara anois an t-ádh a bhí orainn gur fhás muid aníos in Iorras Aithneach leis na daoine seo timpeall orainn.Tá Séamus agus Caoimhe ag casadh ar an sean-nós ón uair a raibh siad ina ngasúir. In 2022, fuair siad aitheantas domhanda nuair a scaip físeán d’amhrán Antaine Uí Raiftearaí Eanach Dhúin ar fud na cruinne.Tógadh an bheirt in Iorras Aithneach in iarthar Chonamara agus is ansin a fuaireadar an chéad bhlaiseadh de thraidisiún na hamhránaíochta.“Is dóigh go raibh an t-ádh dearg orainn féin agus muid ag fás aníos,” a dúirt Séamus.“Beirt uncailí le mo mhamó, ba cheoltóirí, fonnadóirí agus cumadóirí iontacha iad,” a dúirt sé.“Mícheál Bheairtle agus Val Bheairtle Ó Donnchú - scríobh siad go leor de na hamhráin atá sách coitianta fós i gConamara.“Bhí ceol sa gclann, ach freisin bhí an t-ádh orainn gur fhreastail muid ar Scoil na hAirde Thiar, áit a raibh múinteoir dochreidte - Bríd Ní Mhaoilchiaráin - amhránaí mór le rá agus bean a bhfuil Corn Uí Riada bainte amach aici faoi thrí.“Ba laoch mór ceoil dúinn í, mhúin sí go leor de na hamhráin dúinn ar dtús,” a dúirt Séamus. “Táim ag ceapadh gur fhoghlaim mé féin na hamhráin mhóra cosúil le ‘Amhrán Mhuighinse’ nuair a bhí mé cúig bliana i rang na naíonán beag.”“Ach ina dhiaidh sin, bhí muid millte leis na hamhránaithe a bhí timpeall orainn sna hAirdeanna - leithéidí Baby Éinniú (Bairbre Uí Mhaoilchiaráin), Caitríona Ní Cheannabháin, Josie Sheáin Jeaic agus Johnny Mháirín Learaí.”D’fhreastail an bheirt ar fhéilte ceoil ar nós Féile Joe Éinniú (Seosamh Ó hÉanaí) a mheall go leor ceoltóirí isteach sa gceantar.“Mícheál Ó Cuaig a d’eagraigh an fhéile sin,” a dúirt Séamus. “Agus thug sé an oiread sin ceoltóirí agus fonnadóirí isteach ag an bhféile, i ndáiríre, bhí muid millte.”“Is dóigh liom go bhfuil mé ag tabhairt faoi deara anois an t-ádh a bhí orainn gur fhás muid aníos in Iorras Aithneach leis na daoine seo timpeall orainn.”Dar ndóigh craoltar an-chuid amhránaíocht ar an sean-nós ar Raidió na Gaeltachta ach tá foinsí eile eolais ann don té ar mhaith leo foghlaim faoin ghnás saibhir seo den oidhreacht.“Tá foinsí agus acmhainní ann má tá suim ag daoine nasc a dhéanamh nó písín a fhoghlaim faoin sean-nós,” a mhínigh Séamus. “Tá cartlann iontach Joe Éinniú ar fáil ar líne (JoeHeaney.org).” a dúirt sé.“Ansin tá Raidió na Gaeltachta ann - sin an áit is fearr le bheith ag éisteacht leis an sean-nós agus leis an gceol traidisiúnta.Tá a stíl uathúil féin ag an mbeirt, rud a bheidh le feiceáil ar an albam nua.“Tá muid ag obair ar an albam seo le beagáinín os cionn bliana anois, agus tá muid ag súil go mór le fuaim nua úr a thabhairt don lucht éisteachta.”Déantar argóint uaireanta go gcuireann lipéad an tsean-nóis srian ar an amhránaíocht mar mhodh ar féidir léi a bheith ábhartha sa saol chomhaimseartha. Ach, dar le Séamus, gur féidir an dá thrá a fhreastal agus lucht éisteachta nua a mhealladh.“Tá muid ag iarraidh é a thabhairt isteach sa lá atá inniu ann agus beagán nuálaíochta a chur leis.”“Is dóigh go bhfuil muid ag iarraidh an droichead sin a chruthú: idir an dream nach bhfuil cleachtaithe ar an sean-nós - nó atá ag iarraidh teacht ar ais agus an Ghaeilge, nó píosa ceoil, nó cúpla amhrán a fhoghlaim.”“Sin é an sprioc atá againn i ndáiríre - gan é a athrú, ach mar ealaíontóirí óga, tá muid ag iarraidh rud éigin nua a chruthú, tá muid ag iarraidh ár scéal féin a inseacht leis an gceol.”“Tá muid ag iarraidh ár stampa féin a chur air, ach é a roinnt le héisteoirí éagsúla. Tá an saibhreas teanga agus an saibhreas ceoil ann a bhí againn agus muid ag fás aníos, agus tá muid ag breathnú ar an todhchaí freisin,” a dúirt sé.Gné eile den nuálaíocht ná go bhfuil aitheantas agus ardáin nua á bhfáil ag an sean-nós.“Is iontach an rud é go bhfuil teagmháil ag tarlú anois idir seánraí ceoil éagsúla agus stíleanna ceoil éagsúla,” arsa Séamus. “Ní bheifeá ag súil sna blianta atá imithe romhainn go mbeadh an sean-nós thuas ar stáitse ag féile a bhaineann le chamber music, mar a déarfá.“Ach táim ag ceapadh go bhfuil daoine cineál ag teacht timpeall ar an nós seo - go bhfuil an sean-nós ar cheann de na stíleanna ceoil is saibhre atá amuigh ann faoi láthair, agus gur cheart í a chur ar ardán ar fud na tíre.”“Agus tá réabhlóid ag tarlú ó thaobh na teanga de freisin, tá daoine ag iarraidh an nasc sin a chruthú idir iad féin agus cultúr na hÉireann arís,” a dúirt Séamus.“Táim ag ceapadh go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh sí feiceálach ar na stáitsí seo freisin, ag féilte éagsúla.”“Tá sé déanta cheana féin ag a leithéidí Mhuireann Nic Amhlaoibh agus Róisín Reimagined - tá an teagmháil sin ag tarlú idir an gceol clasaiceach agus an gceol traidisiúnta.“Is iontach an rud é go bhfuil muid féin in ann písín eile a chur sa slabhra sin agus muid ag casadh ag an bhféile seo.”Más fíor go bhfuil an saol traidisiúnta as ar eascair na hamhráin imithe, léiriú an-chruinn é sceideal na beirte ar an tóir atá ar an stíl cheoil sin i gcónaí.“Tá muid díreach tar éis tuirlingt ón Astráil,” a dúirt Séamus.“Beidh muid i mBeanntraí ar an gcéad lá de mhí Iúil, agus an lá dár gcionn beidh muid amuigh ar Oileán Chléire - an dara lá - áit a mbeidh muid ag déanamh ceardlainne. Mar sin, má tá daoine ag iarraidh teacht chomh fada linn agus cúpla amhrán a fhoghlaim, bheadh sé sin go hiontach ar fad.“Ansin táimid ag tabhairt aghaidh ar an bhFrainc, agus beidh muid ann ar feadh seachtaine i mí Iúil. Ina dhiaidh sin, beidh muid ag Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe agus ansin tabharfaidh muid aghaidh ar an bhFiacail i gCo. an Chláir,” a dúirt sé.“Tá muid ag súil go mór leis.”Ach idir seo agus sin, tá albam nua le taifeadadh. Tá ticéid ar fáil ag: westcorkmusic.ieFoclóirdísreach = duo/pair (of performers, musicians)cumadóirí = composerscoitianta = common/widespreaddochreidte = incredible/unbelievablenuálaíochta = innovationardáin = platforms/stagesslabhra = chainceardlann = workshopeascair = to arise from/spring from
Sean-nós agus saol gnóthach ag Clann Uí Fhlatharta
Tá na siblíní ar an ardán ar fud an domhain agus i mbun albam nua a thaifeadadh fosta
1,283 words~6 min read






