An réabhlóidí ceoil thú? An bhfuil tú ag iarraidh dul san iomaíocht chun €2,000 a bhaint agus do chuid ceoil a chluinstin ar an raidió? Bhuel, seo do sheans páirt a ghlacadh i gcomórtas Chath na mBannaí 2026!Tá coiste na féile Dorn san Aer agus RTÉ Raidió na Gaeltachta sa tóir ar ghrúpaí agus ar cheoltóirí réabhlóideacha úra le “taispeántas spleodrach” a chur os comhair an lucht féachana i nGaoth Dobhair Dé Sathairn 26 Meán Fómhair 2026. Cuid lárnach den fhéile trí lá is ea comórtas Chath na mBannaí, agus é mar sprioc aige “an splanc sin a las Rónán Mac Aodha Bhuí a choinneáil beo” agus ardán a thabhairt do cheoltóirí óga mar a rinne Rónán é féin i gcaitheamh a shaoil.Cuirfear fáilte roimh mheascán craiceáilte de ghrúpaí agus de cheol mar chuid den chomórtas seo agus tá cead leaganacha nó aistriúcháin d’amhráin a chum daoine eile a sheinm chomh maith le ceol nuálach nuachumtha. Ní cheadófar amhráin Bhéarla.Ná caill an deis pota mór airgid a thabhairt abhaile leat, do cheol a chur os comhair an tslua agus comóradh a dhéanamh ar an lorg a d’fhág Rónán Mac Aodha Bhuí ar ealaín, ar cheol agus ar chultúr na nGael.Téigh chuig dornsanaer.ie le cur isteach ar an chomórtas seo. Tá na hiarratais le bheith istigh roimh an 20 Meán Fómhair 2026 agus níl aon chostas ag baint leis an phróiseas iarratais. Ádh mór!Picture This ‘Tóg Mo Lámh’ eisithe mar shingil ag Picture ThisIs deacair a chreidbheáil go bhfuil sé deich mbliana ó tháinig Picture This chun cinn i saol an cheoil leis an singil Take My Hand, agus le ceiliúradh a dhéanamh ar an chloch mhíle seo, tá leagan Gaeilge den amhrán eisithe go forleathan ag an bhanna den chéad uair riamh.Cuireadh ceirnín leathfhada amach ag deireadh mhí Iúil le cúig leagan úrnua den sáramhrán, agus is é Tóg Mo Lámh an chéad leagan Gaeilge den amhrán a eisíodh go hoifigiúil mar shingil. Seo céim shuntasach do cheann de na hamhráin Éireannacha is mó a chuaigh i bhfeidhm ar dhéagóirí na 2010idí – mé féin san áireamh!Chomh maith leis an leagan Gaeilge, tá taifeadadh iomlán, athmheascadh Madism agus leagan úrnua Take My Hand (And We Can Go Walking) ar an cheirnín úr.Roinn Ryan Hennessy agus Jimmy Rainsford, arb as Baile Átha Í iad, a gcéad fhíseán ceoil ar Facebook in 2016. Bhain siad na milliúin radharc amach agus níorbh fhada go raibh siad ar bharr na gcairteacha mar cheann de na bannaí pop is rathúla in Éirinn le deich mbliana anuas.Dá mba mhaith leat Tóg Mo Lámh a chluinstin beo i mbliana, tabharfaidh an banna faoi chamchuairt speisialta fud fad na hÉireann sa gheimhreadh agus beidh siad le feiceáil i mBéal Feirste, Droichead Átha, Loch Garman, Corcaigh, Luimneach, Sligeach, Gaillimh agus Doire. Is féidir do thicéad a cheannach ag picturethismusic.com.Téann dathanna éagsúla mascára go deas le dathanna éagsúla súl. Mascára daite ag éirí níos faiseanta ná riamhTá sé ina fhómhar faoi dheireadh agus ní fada go mbeidh dath an óir ar na duilleoga! Mura bhfuil tú réidh le slán a fhágáil ag dathanna geala an tsamhraidh go fóill, tá cúpla bealach ann le giota beag áthais a thabhairt isteach i ngnáthamh na maidine.Is breá liom féin a bheith ag spraoi thart leis an smideadh a chaithim ó lá go lá ach ní minic a bhíonn an t-am agam iarracht cheart a dhéanamh an chéad rud ar maidin. Tchítear domh go ndéanann mascára daite difear mór, go háirithe nuair a bhím ag iarraidh cuma níos bríomhaire a chur orm féin gan stró.Téann dathanna éagsúla mascára go deas le dathanna éagsúla súl. Deirtear go n-oireann mascára glas do shúile donna agus mascára burgúnach do shúile gorma, agus measaim féin go mbíonn mascára gorm go hálainn ar achan duine.Cruthaíonn Siobhan McKenna, an bhean taobh thiar den bhranda álainn Moss + Cable, réimse galánta geansaithe agus éadaí cniotáilte Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Siobhan McKennaCaithfidh mé a rá go dtaitníonn an t-am seo bliana go mór liom. Is breá liom aer úr na maidine ag tús an fhómhair, go háirithe nuair nach mbíonn sé fuar go leor cóta mór trom a chaitheamh agus gur leor cairdeagan beag nó geansaí deas thar t-léine.Cruthaíonn Siobhan McKenna, an bhean taobh thiar den bhranda álainn Moss + Cable, réimse galánta geansaithe agus éadaí cniotáilte a bheadh iomlán foirfe ó thús deireadh na bliana. Tá gach uile phíosa fóirsteanach d’fhir agus do mhná araon agus is breá liom go mbaineann sí úsáid as dathanna geala cuidsúlacha ina cuid dearaí.Chomh maith leis sin, déantar gach ball éadaigh de chuid Moss + Cable in iardheisceart Dhún na nGall, agus mar sin de is féidir a bheith cinnte go dtáirgtear na héadaí ar bhealach inbhuanaithe agus go n-úsáidtear olann atá bog agus marthanach.Is féidir amharc ar réimse iomlán éadaí Moss + Cable ag mossandcable.com.
Cath na mBannaí ar ais d’Fhéile Dorn san Aer 2026
Thall is Abhus: Grúpaí agus ceoltóirí réabhlóideacha de dhíth; Picture This; Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Siobhan McKenna.






