Beidh sráideanna an Fháil Charraigh dubh le daoine an deireadh seachtaine seo, 3-5 Iúil 2026, agus Bród na Gaeltachta ar ais don chúigiú bliain as a chéile. Tá an fhéile ealaíon phobail LADTA+ seo ar an chéad fhéile dá leithéid riamh sa Ghaeltacht, agus tá lúcháir ar an lucht eagraithe go bhfuil sé ag fás agus ag dul ó neart go neart bliain i ndiaidh bliana.Clár lán go béal atá eagraithe arís i mbliana le ceol beo ó Chúán de Búrca, HHH, Éabha Campbell agus Mokusla, plé painéil maidir le teanga, scéal agus spás daoine aeracha, turas treoraithe ar oidhreacht aiteach Chloich Cheann Fhaola leis an Dr Brian Lacey, chomh maith le seó draig oíche Aoine le ríthe draig den chéad scoth – Joe on the Dolan, Slick O’ agus Enda Danite ina measc.Is í an pharáid croí na féile agus déanfaidh an pobal a bhealach tríd an cheantar óna 1 p.m. ar aghaidh Dé Sathairn 4 Iúil. Spreagtar daoine agus grúpaí pobail ó achan chearn den tír teacht chuig an cheantar le ceiliúradh a dhéanamh ar chultúr aiteach na Gaeltachta agus le tacaíocht a thabhairt don fhéile.Tá tuilleadh eolais agus clár na féile ar fáil ag brodnagaeltachta.ie nó ar na meáin shóisialta ag @brodnagael.TedFest as Gaeilge ag teacht go hÁrainn TedFest as Gaeilge ag teacht go hÁrainnCúpla focal, cupán tae agus craic go leor! Tá sé fógartha ag lucht eagraithe na féile TedFest go mbeidh leagan Gaeilge den fhéile ar siúl i mbliana, an chéad cheann dá leithéid ó cuireadh tús leis sa bhliain 2007.Féile bhliantúil is ea TedFest a reáchtáiltear in Árainn do lucht leanta an chláir chlúitigh Father Ted. Faigheann daoine an deis tarraingt ar ‘Craggy Island’ amach ó chósta thiar na hÉireann, culaith bhréige a chaitheamh agus sult a bhaint as comórtais agus siamsaíocht bunaithe ar an tsraith theilifíse.I measc na n-imeachtaí is mó a eagraítear gach bliain tá Cluichí Oilimpeacha Father Ted, comórtas áilleachta bunaithe ar an ‘Lovely Girls Competition’, comórtas peile an Craggy Cup, Craggy Island Céilí agus I’m a Priest, Get Me Out of Here.Níl dabht ar bith go mbeidh an phleidhcíocht chéanna mar chuid lárnach den tionscnamh úr Gaeilge a bheidh ar siúl in Árainn idir 16-18 Deireadh Fómhair 2026. Ar chlár na bliana seo beidh ceardlanna teanga, seisiún ceoil traidisiúnta, ceardlann léirithe ‘My Lovely Horse’, tráth na gceist trí mheán na Gaeilge agus céilí mór ag an deireadh.Téigh chuig www.irishted.com le tuilleadh eolais a fháil agus le d’áit a chur in áirithe. Costas €165-€225 atá ar thicéad, ag brath ar an phacáiste a roghnaíonn tú. Cé nach bhfuil costais lóistín ná taistil san áireamh i dticéad na féile, beidh lascainí ar fáil i roinnt tithe lóistín do lucht freastail na féile.Seodra ón sean am: Inné Jewellery Inné Jewellery: seodra ón seanam a mhairfidh go deoIs maith a fheileann an t-ainm Inné don bhranda áirithe seo agus é mar phríomhaidhm acu beocht agus fuinneamh úr a chur i bpíosaí seodra athláimhe ón seanam.D’aithin Terri McInerney bearna sa mhargadh nuair a shocraigh sí dul i ngleic le seodra ar chaighdeán íseal a olltáirgtear go saor. Dar léi féin, bíonn seodra ón seanam i bhfad níos pearsanta agus níos fearr ó thaobh caighdeáin de, agus chomh maith leis sin bíonn maoithneachas ar leith ag baint le seodra a chuirtear ar aghaidh ó ghlúin go glúin.Tá seirbhís foinsithe ar dóigh ag Inné Jewellery a chuidíonn le daoine teacht ar cibé píosa seodra atá uathu. Díríonn siad ar ór glan agus ar phíosaí luachmhara a fhanfaidh leat go deo na ndeor, a bheadh foirfe d’ócáid speisialta nó do ghealltanas pósta fiú.Tá Inné Jewellery ar Instagram @innejewellery agus is féidir réimse leathan píosaí a fheiceáil ag innejewellery.ie.Zara Larsson Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Sorcha O’RaghallaighIs as Contae Uíbh Fhailí do Shorcha O’Raghallaigh ó dhúchas ach tá lorg a cuid oibre le feiceáil ar ardáin mhóra agus ar chairpéid dhearga an domhain mhóir ó bhain sí céim amach ó Central Saint Martins sa bhliain 2010. Is beag dearthóir faisin Éireannach a bhfuil an oiread céanna clú bainte amach acu in achar chomh gearr sin i ndáiríre, agus tá éadaí deartha ag Sorcha do chuid de na réaltaí is mó ar domhan cosúil le Beyoncé, Lady Gaga, Madonna agus Kate Moss.Is í O’Raghallaigh a dhear gúna agus ceannbheart Zara Larsson (sa phictiúr) do na Gradaim MTV VMA anuraidh, chomh maith le réimse gúnaí, sciortaí agus oiriúintí a chaith an ceoltóir céanna ar an chamchuairt Midnight Sun ag tús na bliana seo. Tá na píosaí saincheaptha uilig lán le maisiúcháin, sraitheanna 3T, bróidnéireacht agus seacainí ildaite, lena léirítear scil agus mionchruinneas O’Raghallaigh.Is féidir amharc ar réimse éadaí Shorcha O’Raghallaigh ag sorchaoraghallaigh.com.