Cén stádas atá ag an nGaeilge i dTuaisceart Éireann i láthair na huaire?Níl an Ghaeilge aitheanta mar theanga oifigiúil i dTuaisceart Éireann mar atá sa Phoblacht. Mar sin féin, tugadh “aitheantas oifigiúil do stádas na Gaeilge” sna sé chontae nuair a ritheadh an tAcht Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) in 2022.Tugadh aitheantas den chineál seo d’Albainis Uladh sa reachtaíocht chomh maith.De réir an Achta, déantar foráil i dtaca le Coimisinéir Gaeilge a cheapadh atá in ann polasaithe a dhréachtú maidir le caighdeáin dhea-chleachtais a bhaineann le húsáid na Gaeilge ag údaráis phoiblí.Ina theannta sin sin, rinneadh aisghairm ar phéindlí ón mbliain 1737 a chuir cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna i dTuaisceart Éireann.Tugtar cead freisin do na Feisirí Tionóil labhairt i nGaeilge agus tá foráil san Acht maidir le seirbhís aistriúcháin in Stormont chomh maith.De réir figiúirí daonáirimh ó 2021, tá Gaeilge líofa ag 71,871 duine i dTuaisceart Éireann (3.77% den daonra).Labhraíonn 43,557 duine (2.29%) an Ghaeilge gach lá agus tá sí mar ghnáth-theanga an tí ag 5,970 duine (0.31%).Céard is brí le “aitheantas oifigiúil do stádas na Gaeilge” murab ionann é sin agus aitheantas don Ghaeilge mar theanga oifigiúil?Tugadh aitheantas don Bhreatnais mar theanga oifigiúil sa Bhreatain Bheag in 2011.Ciallaíonn sé seo go bhfuil an ceart dleathach ag saoránaigh ann úsáid a bhaint as seirbhísí nó teagmháil a dhéanamh leis na húdaráis phoiblí trí mheán na Breatnaise.I dTuaisceart Éireann, níl an stádas seo ag an nGaeilge.Deir an tAcht Féiniúlachta agus Teanga go dtugtar aitheantas do stádas na Gaeilge le ceapachán an Choimisinéara, le forbairt na gcaighdeán dea-chleachtais agus leis an riachtanas go mbeidh ar údaráis phoiblí glacadh leis na caighdeáin seo.Faoi láthair, tá na caighdeáin dea-chleachtais seo á ndréachtú ag an gCoimisinéir Pól Deeds agus má cheadaítear dó iad a chur i bhfeidhm, beidh ar údaráis phoiblí sna sé chontae glacadh leo.Tá an Coimisinéir é féin tar éis a rá áfach go bhfuil doiléireacht ag baint le stádas na Gaeilge de réir na reachtaíochta agus go mbeidh air comhairle dhlí a lorg lena fháil amach cén stádas atá ag an teanga go díreach.Cén chumhacht atá ag an gCoimisinéir Gaeilge i dTuaisceart Éireann mar sin?Cé go bhfuil an chumhacht ag an gCoimisinéir na caighdeáin dea-chleachtais a dhréachtú, caithfidh an Chéad-Aire agus an LeasChéad Aire iad a cheadú sula gcuirfear i bhfeidhm iad.Ciallaíonn sé seo i ndáiríre go bhfuil an DUP in ann diúltú do na caighdeáin a mholfaidh an Coimisinéir.Tá an Coimisinéir tar éis cáineadh a dhéanamh ar an ngné seo den reachtaíocht agus dúirt sé cheanna go bhfuil “gach seans” ann go mbeidh deacrachtaí aige na caighdeáin a chur i bhfeidhm “mar gheall ar na fadhbanna atá sa chóras polaitiúil”.Chomh maith leis sin, tá an Coimisinéir in ann “comhairle, tacaíocht, agus treoir” a thabhairt d’eagraíochtaí poiblí maidir le húsáid na Gaeilge agus ní bhraitheann sé seo ar ionchur ón gcóras polaitíochta.Cé gur cumhacht níos boige é seo, tá an seans ann go dtabharfaidh sé seo deis ar leith d’eagraíochtaí poiblí níos mó Gaeilge a úsáid.Cén stádas a bhí ag an nGaeilge i dTuaisceart Éireann san am atá caite?Nuair a bunaíodh Tuaisceart Éireann in 1921, bhí cead ag daltaí i scoileanna Caitliceacha an Ghaeilge a dhéanamh mar ábhar scoile agus scrúdú stáit a dhéanamh sa teanga.Seachas sin áfach, ní raibh an rialtas Aontachtach sásta aon aitheantas oifigiúil a thabhairt don teanga agus breathnaíodh uirthi le hamhras agus le naimhdeas den chuid is mó.Bhí go leor cainteoirí dúchais le fáil i gcodanna de Chontaetha Dhoire, Thír Eoghain, Ard Mhacha agus Aontroma sa chéad leath den 20ú haois.Deirtear gurbh í Bella McKenna as Oileán Reachlainn, bean a fuair bás in 1985, an cainteoir dúchais deireanach a raibh canúint Oirthear Uladh aici.Níos déanaí sa 20ú haois cuireadh go mór leis na hiarrachtaí an Ghaeilge a athbheochan sa phobal ó thuaidh agus in 1969 bunaíodh lonnaíocht Gaeilge ar Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste.Tugadh aitheantas ar leith don Ghaeilge i gComhaontú Aoine an Chéasta agus bunaíodh Foras na Gaeilge in 1999 chun maoiniú a chur ar fáil do thionscnaimh Ghaeilge ar fud na hÉireann.In 2001, d’aithin rialtas na Breataine an Ghaeilge mar theanga mhionlaigh i dTuaisceart Éireann faoin gCairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.Ciallaíonn sé seo go bhfuil sé geallta acu go dtabharfaí tacaíocht éigin don teanga i réimsí áirithe cosúil leis an gcóras oideachais agus na meáin.In 2006, mar chuid de Chomhaontú Chill Rìmhinn, gealladh go nglacfadh an Feidhmeannas le straitéis chun an Ghaeilge a chur chun chinn.Tá imeachtaí dlí ar siúl ag Conradh na Gaeilge i gcoinne an Fheidhmeannais de bharr nár cuireadh an straitéis seo i bhfeidhm go fóill.Cén fáth a bhfuil an Ghaeilge i mbéal an phobail níos mó ó Thuaidh le roinnt blianta anuas?Bunaíodh an Dream Dearg in 2017 chun feachtas a chur ar bun le hAcht Gaeilge a bhaint amach sa Tuaisceart.Thart ar an am seo bhí teannas ar leith ann idir an DUP agus pobal na Gaeilge de bharr gur íslíodh an maoiniú don scéim sparánachta Líofa.Sa bhliain chéanna, nuair a cuireadh an Feidhmeannas ar fionraí, d’fhógair Gerry Adams - a bhí ina cheannaire ar Shinn Féin ag an am - nach mbeadh a pháirtí sásta an rialtas ó Thuaidh a athbhunú mura gcuirfí Acht Gaeilge i bhfeidhm.In 2020, mar chuid den chomhaontú “New Decade, New Approach” (NDNA) lenar cuireadh an Feidhmeannas ar bun arís, aontaíodh nach mbeadh Acht Gaeilge ar leith ann ach go dtabharfaí aitheantas oifigiúil don Ghaeilge agus d’Albainis Uladh i measc forálacha eile.Tháinig cor eile sa scéal áfach nuair tharraing an DUP amach as an bhFeidhmeannas arís in 2022 de bharr easaontaithe faoi rialacháin custam i Muir Éireann.Níos moille an bhliain sin ritheadh an tAcht Féiniúlachta agus Teanga trí Westminster mar chuid de na hiarrachtaí forálacha NDNA a chur i bhfeidhm.