Léiríodh i bpobalbhreith le déanaí go bhfuil tacaíocht ann in Éirinn, thuaidh agus theas, d’Éirinn Aontaithe laistigh den Aontas Eorpach.
Tugadh le fios, sa chás go mbeadh reifreann ar cheist na hÉireann Aontaithe san Aontas Eorpach amárach, go mbeadh 59% d’fhreagróirí sa deisceart agus 63% ó thuaidh ar a son. Sin ráite, tá beagáinín níos mó i gcoinne na rogha seo sa tuaisceart (29%) ná mar atá ó dheas (22%).
Rinneadh an suirbhé mar chuid de thionscadal atá ar siúl ag Gluaiseacht Eorpach na hÉireann i gcomhar le Amárach Research, le rannpháirtithe atá ionadaíoch ar na pobail sa dá dhlínse.
Is minic a tharlaíonn sé nuair a fhoilsítear torthaí mar seo i bpobalbhreitheanna go ndeirtear gur seo an t-am le fógra a dhéanamh ar reifreann ar athaontú na hÉireann agus go mbeadh toradh soiléir ann dá dtarlódh sé. Ach an bhfuil an cás chomh simplí sin?
Níl aon amhras ann go bhfuil méadú as cuimse tagtha ar líon na gcomhráite agus na ndíospóireachtaí ar an cheist le blianta beaga anuas, spreagtha, cuid mhór, ag an chinneadh a rinne an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágáil deich mbliana ó shin, in ainneoin pobal an tuaiscirt ag léiriú gurbh fhearr leo fanacht san Aontas.








