Is le bród agus le sceitimíní a bhailigh daltaí meánscoile le chéile i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach, an tseachtain seo caite do shearmanas bronnta Gaelbhratach 2026. Bronnadh Gaelbhratach ar bhreis agus 170 meánscoil i mbliana, an líon is airde go dtí seo, agus bhí ionadaíocht ó na 32 chontae ar fad den chéad uair riamh i stair na scéime.Arna chur i bhfeidhm ag Gael Linn, is clár náisiúnta é Gaelbhratach atá dírithe ar dhaltaí bunscoile agus meánscoile a spreagadh leis an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh den seomra ranga ar bhealach nádúrtha taitneamhach. Bhí deis ag níos mó ná 500 dalta a bhí ag an searmanas páirt a ghlacadh i sraith ceardlann agus eispéireas idirghníomhach a léirigh bealaí nuálacha agus spraíúla leis an Ghaeilge a úsáid.Bronnadh roinnt gradaim speisialta ar an lá fosta chun aitheantas a thabhairt d’iarracht agus do nuálaíocht eisceachtúil i measc na scoileanna rannpháirteacha. Leag na gradaim seo béim ar an dea-chleachtas i réimsí éagsúla: úsáid chruthaitheach ardán digiteach, meantóireacht múinteoirí, cur chun cinn na Gaeilge sa scoil agus sa phobal i gcoitinne, agus forbairt tionscnamh i rith na scoilbhliana.Dúirt Edel Ní Bhraonáin, Bainisteoir Gaelbhratach: “Ag croílár na scéime tá guth an dalta. Trína gcoistí, bíonn na daltaí i gceannas ar an scéim ina scoileanna féin, ag aimsiú bealaí cruthaitheacha agus fiúntacha chun an Ghaeilge a úsáid ina saol laethúil. Léiríonn an líon is airde scoileanna rannpháirteacha i mbliana, mar aon leis an gcaighdeán den scoth oibre a aithníodh trí na gradaim speisialta, cé chomh héifeachtach is atá an cur chuige seo.“Is léiriú é fás leanúnach an chláir ar an díograis, an obair mhór agus an grá don teanga atá á léiriú ag daltaí agus múinteoirí araon.”Kneecap's second album Fenian will be released in April Brabús ón albam FENIAN bronnta ar thrí eagraíocht thábhachtachaBhí feachtas mór ar siúl ag Kneecap le bheith ar bharr na gcairteacha lena n-albam úr FENIAN ag tús na míosa seo, agus cé nár éirigh leo an chéad áit a bhaint amach sa Bhreatain, tá siad ag tabhairt an bhrabúis ar fad ón fheachtas sin do thrí eagraíocht atá iontach gar dá gcroí.D’fhógair Kneecap ar na meáin shóisialta gurb iad Palestine Solidarity Campaign i Londain, Glór na Móna agus Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste na trí eagraíocht a bhfuil brabús ón fheachtas ag dul chucu. Bíonn obair fhíorthábhachtach ar siúl ag na heagraíochtaí seo ar son na Palaistíne agus ar son na Gaeilge, dhá rud atá i lár an aonaigh san albam nua FENIAN.Bhris an t-albam amach ar bharr na gcairteacha in Éirinn agus deir Kneecap iad féin gur “cuid mhór” den bhanna is ea “an Ghaeilge a thabhairt isteach sa saol comhaimseartha, ionas go mbeidh daoine óga in ann a fheiceáil go bhfuil luach ar leith ag baint léi agus go bhfuil sí chomh tábhachtach le teanga ar bith eile”.Tháinig siad sa dara háit ar Chairt Oifigiúil Albam na Breataine, an áit is airde riamh d’albam Gaeilge agus éacht nach beag déanta acu leis an teanga a chur i mbéal an phobail.Lena chois sin, bhuaigh a n-amhrán Sayōnara an duais le haghaidh ‘Físeán na Bliana’ ag Gradaim NÓS 2026 a bronnadh i mBéal Feirste Dé Sathairn.Inis Cathaigh Inis Cathaigh athoscailte do shéasúr turasóireachta 2026Áit ar léith é Inis Cathaigh in Inbhear na Sionainne a bhfuil an-tábhacht spioradálta agus chultúrtha ag baint leis agus fógraíodh ar na mallaibh go mbeidh sé oscailte le haghaidh turais don phobal ó mhí na Bealtaine go dtí mí Mheán Fómhair 2026. Cuirfidh Oifig na nOibreacha Poiblí turais threoraithe ar fáil i rith an ama seo, ach tabhair faoi deara go mbeidh cead isteach chuig an oileán ag brath ar an aimsir agus ar chúinsí farraige.Fágann na báid farantóireachta ó Mhuiríne Chill Rois, Co. an Chláir, agus glacann sé thart ar 30 bomaite Inis Cathaigh a bhaint amach. Is féidir ticéad a cheannach ag scatteryislandtours.com.Le déanaí, rinne Oifig na nOibreacha Poiblí athchóiriú ar an tsráid ar an oileán, an áit a raibh píolótaí Inis Cathaigh agus oifig poist an oileáin lonnaithe sular tréigeadh an t-oileán go hiomlán sa bhliain 1978.Tá os cionn 1,500 bliain de stair ar an oileán, lonnaíochtaí mainistreach agus saol dúchasach an tsráidbhaile ina measc. Ghlac Oifig na nOibreacha Poiblí cúram an oileáin in 1989 agus is iad atá freagrach as oidhreacht thógtha agus nádúrtha an oileáin a chaomhnú ar bhonn leanúnach.Ag seoladh Todhchaí ag an Mol Digiteach, ó chlé go deas: Mary Uí Choileáin, Comhairleoir teicneolaíochta / fiontraí, Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach, Údarás na Gaeltachta, An tAire Dara Calleary TD, Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta, An Comhairleoir Deirdre Heney, thar ceann Ard Mhéara Bhaile Átha Cliath agus ceithre údarás áitiúla Bhaile Átha Cliath, Eileen Quinlivan, Leas-Príomhfeidhmeannach, CCBÁC, agus Fiach Mac Conghail, Príomhfheidhmeannach, an Mol Digiteach ‘Todhchaí’: tionscnamh nua do ghnólachtaí GaeilgeMar a tuairiscíodh in eagrán na seachtaine seo caite de Scéal, sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, an tionscnamh Todhchaí go hoifigiúil ag an Mhol Digiteach, Baile Átha Cliath 8 Dé Máirt seo caite. Tionscnamh úrnua is ea ‘Todhchaí’ a chuirfidh deiseanna ar fáil do chainteoirí Gaeilge fud fad na tíre a ngnólachtaí féin a bhunú agus a fhás trí mheán na Gaeilge.Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh tacú le 15 ghnólacht nua a chruthú gach bliain trí chúrsaí ar líne, deiseanna líonraithe agus deiseanna comhpháirtíochta. Díríonn sé ar chultúr nua fiontraíochta Gaeilge agus tacaíonn sé le cainteoirí Gaeilge na scileanna, an mhuinín agus na naisc a fhorbairt atá riachtanach chun gnólachtaí a chur ar bun agus cur go díreach le todhchaí dhátheangach na hÉireann.Dúirt Dara Calleary TD ag an seoladh: “Tá an fhiontraíocht i gcroílár an tionscnaimh, ag tiontú scileanna teanga na Gaeilge ina bhfiontair rathúla a neartaíonn geilleagar na hÉireann agus ag an am céanna ag tacú le seachadadh seirbhísí poiblí trí Ghaeilge.”Tá an tionscnamh oscailte anois ag todhchai.ie.