“Tá miotas ar leith ag baint le lucht Hollywood, ach tá a fios agam go bhfuil miotas ar leith ag baint le lucht Chonamara freisin. Breathnaigh ar na hamhránaithe, na scríbhneoirí, na damhsóirí uileag, feictear dom go bhfuil siad in ann rudaí a dhéanamh ar comhchéim nó níos fearr ná duine ar bith in aon áit eile.”Déanann Colm Seoighe cur síos ar an saibhreas cultúrtha agus ealaíon atá le fáil ina cheantar dúchais.Tógadh Colm agus a dheirfiúr Róisín Seoighe i Ros a’ Mhíl agus tá an bheirt acu tar éis clú a bhaint amach mar amhránaithe óga ceannródaíocha a bhíonn ag cruthú ceol nua comhaimseartha ina dteanga dhúchais.Is é Colm an príomhamhránaí agus scríbhneoir leis Na hEasógaí, banna rac-cheoil a mheascann an rac le stíleanna eile cosúil leis an gceol Gaelach agus ceol domhanda.Níl aon mhéadú nádúrach ag teacht ar an dream atá ag foghlaim sa gcliabhán agus ag fás aníos sa Ghaeltacht leis an nGaeilge mar theanga phobail acu.Ina theannta sin, tá Róisín tar éis aitheantas a bhaint amach mar amhránaí agus scríbhneoir nua-aimseartha, ina haonar agus leis an ngrúpa IMLÉ, agus tá sí le cloisteáil in éindí le Rib Róibéis agus Ushmush ar an amhrán nua Samhradh Tagtha a eisíodh ag tús na míosa seo.Tá taithí aici freisin ar bheith ag obair leis an stiúrthóir clúiteach Martin Scorsese agus bhí sí le feiceáil ar léiriúchán dá chuid anuraidh nuair a ghlac sí le ról mar bhean chaointe i gclár den tsraith The Saints.Ach cé go mbíonn ceol comhaimseartha idir lámha acu, airíonn Colm agus Róisín araon go gcuireann traidisiúin láidre a gceantair dúchais go mór lena gcuid ceoil.“Sin an príomhchur síos a bheadh agam orm féin; fear Gaeltachta,” a deir Colm.“Agus tagann cúpla rud leis sin. Tagann ceol, filíocht, scríbhneoireacht agus rudaí mar sin faoi bhráid an téarma sin, de réir mo thuairimse.”Aontaíonn Róisín go láidir lena deartháir nuair a deir sí, “Déarfainn an rud céanna - tharla sé go nádúrach go raibh mé ag scríobh amhráin i nGaeilge agus bhí suim agamsa sa saol comhaimseartha chomh maith.”Tógadh Colm agus a dheirfiúr Róisín Seoighe i Ros a’ Mhíl. Grianghraf: Joe O'Shaughnessy “Thosaigh mé ag scríobh amhráin sa stíl sin. Ní raibh mé ach 15 nó 16 ag an am, ní raibh sé ‘cool’ ag an am é a dhéanamh. Bhí daoine ag rá, ‘Cén fáth nach bhfanann tú leis an sean-nós?’”Ach tá an-suim fós ag Colm agus Róisín san amhránaíocht ar an sean-nós agus b’shin an chéad chineál ceoil ar chothaigh siad suim ann.“Bhuel thosaigh mise amach leis an sean-nós,” a deir Róisín.“Bhí an-suim ag m’athair Pádraig Seoighe, go ndéana Dia trócaire air, sa sean-nós. Bhíodh sé ag casadh sa gcarr i gcónaí agus timpeall an tí.“Agus nuair a bhí mé an-óg tháinig mé amach le hAmhrán Mhuínse, na véarsaí ar fad. Níor múineadh dom é, díreach bhí mé á chloisteáil.”Deir Colm: ”Is dóigh gurb as sin a dtáinig an spéis sin. Bhíodh an bheirt againne sa mbaile ag cur suim mhór ann."“Bhíodh níos mó béime agamsa ar an gceol uirlise ó aois óg. Bhíodh Róisín ag cur isteach ar chomórtais amhránaíochta agus bhíodh mise ag breathnú uirthi.”…ní raibh sé ‘cool’ ag an am é a dhéanamh. Bhí daoine ag rá, ‘Cén fáth nach bhfanann tú leis an sean-nós?Tá Colm tar éis a bheith páirteach i neart comórtais amhránaíochta ó shin áfach, cé go mbíonn an giotár, an basúcaí agus an bainseó fós á gcasadh aige chomh maith.I mbliana, d’éirigh leis an comórtas sean-nóis do mhic léinn tríú leibhéal, Corn Uí Chon Cheanainn, a bhuachaint.Ach cé go bhfuil Róisín agus Colm araon fréamhaithe i stíl an tsean-nóis, aontaíonn an bheirt acu go mbíonn difríochtaí suntasacha le haireachtáil ina gcuid ceoil.“Tá sé suimiúil an chaoi a bhfuil blas éagsúil ceoil againn,” a deir Róisín.“Déarfainn cinnte go mbaineann sé le pearsantacht. Bíonn mise ag casadh ceoil go minic sa seomra nó sa gcarr agus mé ag tiomáint agus bheadh Colm ag rá, ‘Cén sórt ceoil é sin?’”Deir Colm: “Sin go mór mór sa gceol comhaimseartha. Leis an sean-nós, bheadh suim againne sna rudaí céanna... ach fiú amháin sa sean-nós, b’fhearr liomsa na hamhráin mhóra gháirsiúla.”Is léir go raibh tionchar an-láidir ag an amhránaí Taylor Swift ar Róisín nuair a thosaigh sí ag scríobh a cuid amhrán féin agus í ina déagóir.“Is cuimhin liom a bheith ag breathnú ar an ‘Fearless Tour’ a bhí aici,” a deir sí.“Léirigh sí go bhféadfadh tú do chuid amhrán a scríobh, dul ar stáitse agus do shaol féin a chur i bhfoirm amhráin. Is rud é a tharla go nádúrach dom féin.“Bhí sé mar ‘therapy’ domsa. Más rud é go raibh rud eicínt ag cur as dom, gheobhadh mé an giotár agus scríobhainn rud faoi.“Tá i bhfad níos mó daoine anois atá ag scríobh sa chineál stíle sin. Bhí a fhios agam i gcónaí go dtarlódh sé, go mbeadh sé mór, ach tá sé go deas go bhfuil sé ag tarlú anois.”Colm agus Róisín Seoighe: tá athrú tagtha ar an meon atá ann faoin nGaeilge sa mhórchultúr, rud a thugann níos mó deiseanna dóibh. Grianghraf: Joe O'Shaughnessy. Tá an chuma ar an scéal nach fear mór Taylor Swift é Colm agus tá sé i bhfad níos dírithe ar an rac-cheol.Tá sé féin agus Na hEasógaí ag iarraidh cur leis an bhfás mór atá tar éis teacht ar cheol comhaimseartha na Gaeilge le roinnt blianta anuas.“Rac-cheol trí Ghaeilge - is cosúil gur rud é nach bhfuil á dhéanamh ag mórán i láthair na huaire,” a deir Colm.“Ba mhaith linn a bheith mar chuid den fhás sin agus b’fhéidir daoine eile a spreagadh.”Mar aon lena ceol féin, tá Róisín tar éis a bheith ag casadh le IMLÉ le sé bliana anois, banna a mbíonn bíonn réimse leathan stíleanna á chleachtadh acu.Aontaíonn Róisín agus Colm beirt go bhfuil athrú tagtha ar an meon atá ann faoin nGaeilge sa mhórchultúr, rud a thugann níos mó deiseanna dóibh.“Tá an meon athraithe, má bhreathnaíonn tú anois tá an Ghaeilge ag na hOscars,” a deir Colm.“Níl sé i bhfad ó sin ó bhí ár muintir féin ag streachailt leis an nganntan, agus is é lucht na Gaeilge is mó a bhí ag streachailt leis. Sin an sórt íomhá a bhí leis an nGaeilge an uair sin.”Deir Róisín: “Tá bród anois ann. Tá daoine ag labhairt Gaeilge anois i mBleá Cliath agus i mBéal Feirste. Tá an cultúr ag dul i bhfeidhm ar dhaoine sa gceol.”Dar leis an mbeirt acu, áfach, tá an bhéim atá á cur ar an nGaeilge sa mhórchultúr píosa beag scartha ó staid na teanga sa Ghaeltacht.“Ní léir dom go bhfuil aon tionchar aige air sin,” a deir Colm.“Ceapaim nach bhfuil aon bhaint ag fás na Gaeilge le fás na Gaeltachta ar chor ar bith. Níl aon mhéadú nádúrach ag teacht ar an dream atá ag foghlaim sa gcliabhán agus ag fás aníos sa Ghaeltacht leis an nGaeilge mar theanga phobail acu.”Deir Róisín: “Ceapaim gur féidir leis an dá rud maireachtáil in aice a chéile agus gan tionchar a bheith ag an dá rud ar chéile.”Tá sé tábhachtach do Cholm agus Róisín mar sin go mbeidh glórtha Gaeltachta le cloisteáil i saol cheol comhaimseartha na Gaeilge.“An ceol atáimid a chruthú, tá sé múnlaithe timpeall ar an eispéireas Gaeltachta,” a deir Colm.“Tá muid ag scríobh faoi rudaí a bhíonns ag cur as do dhaoine, nó rudaí a deireann daoine linne. Meon Gaeltachta atá taobh thiar dhó.“Sin an sórt freagrachta a bheadh ormsa, gan a bheith ag athrú na caoi a labhraíonn mé ar mhaithe le soiléireacht nó tada mar sin.”Deir Róisín: “Tá foclaí againne nach mbeadh ar eolas ag go leor daoine.”“Agus mé féin ag cumadh, ní chuirim bac air sin, úsáidim na foclaí agus is féidir le daoine foclóir a úsáid nó rud eicínt. Tá siad in ann foghlaim uaidh.”Foclóir:miotas = mythdamhsóirí = dancersar comhchéim = on a par withscartha = split/separatedag streachailt = strugglingblas éagsúil ceoil = different musical tasteamhránaithe óga ceannródaíocha = young pioneering singersceol comhaimseartha = contemporary music
An ceol san fhuil
Is deirfiúr agus deartháir iad Róisín agus Colm Seoighe atá i gcroílár an cheoil chomhaimseartha Gaeilge i láthair na huaire. Labhair siad le Bill Breathnach.







