Léiríonn an cíor thuathail polaitíochta i Westminster an gá le hathrú a dhéanamh ar an socrú bunreachtúil reatha sa Ríocht Aontaithe. Sin an méid a bhí le rá ag ceannasaithe Shinn Féin, Mary Lou McDonald agus Michelle O’Neill, agus iad ag bualadh le hionadaithe ó Plaid Cyrmu agus ón SNP i Londain an tseachtain seo caite.Creidtear go bhfuil na himpleachtaí ó na toghcháin a bhí ann ag tús na míosa fós le mothú i gceart agus athruithe móra le feiceáil ar an tírdhreach polaitíochta ó shin. Tá deireadh tagtha ina iomlán leis an chóras dhá pháirtí a bhí i réim i Sasana le fada an lá agus torthaí láidre ann do pháirtí a bhí beag nó imeallach go dtí seo, Reform agus an Comhaontas Glas ina measc.Lena chois sin, den chéad uair anois, tá Céad-Airí náisiúnaithe in Alban, sa Bhreatain Beag agus i dTuaisceart na hÉireann (cé gur oifig roinnte í seo le haontachtóir).Sa deireadh, chaill Páirtí an Lucht Oibre 1,400 suíochán in údaráis áitiúla i Sasana, agus, den chéad uair ó bunaíodh an Tionól sa Bhreatain Bheag siar in 1999, theip ar an pháirtí cumhacht a bhaint amach, agus iad sa tríú háit taobh thiar de Plaid Cymru agus Reform. Bhí drochlá ag Páirtí an Lucht Oibre in Alban chomh maith, rud a d’fhág ceisteanna móra do cheannasaíocht Keir Starmer ag dul chun tosaigh.Sa deireadh, chaill Páirtí an Lucht Oibre 1,400 suíochán in údaráis áitiúla i Sasana, agus, den chéad uair ó bunaíodh an Tionól sa Bhreatain Bheag siar in 1999, theip ar an pháirtí cumhacht a bhaint amachTá diúltaithe ag an DUP go léiríonn torthaí an toghcháin go bhfuil éileamh ar bith ann d’athruithe ar na socruithe bunreachtúla reatha sa Ríocht Aontaithe. D’inis LeasChéad Aire Emma Little-Pengelly le Comhthionól Chnoc an Anfa go bhfuil tromlach ag páirtithe aontachtacha in Albain agus sa Bhreatain Bheag sa deireadh, agus gur féidir léamh eile a dhéanamh ar an scéal mar sin. Dúirt Phillip Brett, CTR eile de chuid an DUP, gur léiriú é na torthaí seo ar an bhagairt a thagann le grúpaí vótála a scoilteadh barraíocht, ábhar tráthúil don DUP agus an dúshlán sin fós i mbéal an phobail i measc páirtithe aontachtacha i dTuaisceart Éireann ach go háirithe.I measc na ráiteas, na ráflaí agus na raice a bhí ann an tseachtain seo caite bhí go leor comparáidí a dhéanamh le tréimhse an Pháirtí Choimeádaigh le linn an Bhreatimeachta agus cúig Phríomh-Aire in oifig acu laistigh de sé bliana. Tá drogall ollmhór ar Pháirtí an Lucht Oibre an chuma chéanna a bheith orthu agus an doiléireacht agus an éiginnteacht sin a thabhairt ar ais isteach sa pholaitíocht arís.Rinne Keir Starmer iarracht a ról a láidriú in athuair, go háirithe le hÓráid an Rí ar an Chéadaoin seo caite, óráid inar leagadh amach an clár rialtais atá beartaithe aige ag dul chun tosaigh agus Starmer ag iarraidh cur ina luí ar an phobal agus ar bhaill a pháirtí féin go bhfuil cúrsaí faoi smacht aige agus plean aige chun saolta daoine a fheabhsú.In ainneoin na n-iarrachtaí seo, d’imigh go leor Airí Sóisearacha óna róil, agus nuair a d’fhág an Rúnaí Sláinte Wes Streeting a ról, tuigeadh gur thús rás don cheannasaíocht a bhí ann.Iomaitheoir eile sa rás agus an duine is mó a bhí mar bhagairt ar Starmer le fada an lá ná Ardmhéara Mhanchain, Andy Burnham. Mar iar-MP, iar-iarrthóir ar cheannasaíocht an pháirtí (faoi dhó) agus leis an teideal mar ‘Rí an Tuaiscirt’ bronnta go minic air óna lucht tacaíochta, tá go leor MPanna sa pháirtí atá ag iarraidh Burnham a fheiceáil mar cheannaire agus, mar sin, mar Phríomh-Aire.Bhí constaic mhór amháin ann, é sin nach féidir ach le MP tofa ainm a chur chun tosaigh le bheith mar cheannaire i bPáirtí an Lucht Oibre. Seo an deacracht a bhí ann le tamall fada, agus cuireadh bac ar Burnham ainmniúchán a fháil i bhfothoghchán ag tús na bliana, is docha mar gheall ar an bhagairt a bheadh ann do Starmer dá mbeadh sé ar ais i Westminster.Casadh eile, mar sin, a bhí ar an scéal gur chinn Josh Simons, MP do Markerfield, seasamh síos óna ról mar MP chun fothoghchán a thoiseacht agus deis a thabhairt do Burnham.Tá tús curtha leis an rás don cheannasaíocht ar Pháirtí Lucht Oibre na Breataine. Mar sin, ní bheidh aon réiteach ar cheist na ceannasaíochta go luath. Beidh feachtas fothoghcháin ann ina mbeidh Burnham ag seasamh mar Phríomh-Aire féideartha in áit mar ghnáth-iarrthóir MP. Ansin, fiú, bheadh an próiseas le leanúint ina dhiaidh sin maidir le Starmer a chur amach as oifig. Sin gan trácht ar aon iomaitheoirí eile a bheadh ag iarraidh a n-ainmneacha a chur chun tosaigh sa dá chomórtas seo chomh maith.Dúirt Matthew O’Toole, ceannasaí an fhreasúra sa Chomhthionól agus MLA de chuid an SDLP, san Irish Times an tseachtain seo caite go dtiocfaidh an t-am go mbeidh muintir an tuaiscirt ag iarraidh diúltú don leagan úr de pholaitíocht na Breataine atá ag teacht chun tosaigh agus chuir sé béim ar an phointe nach bhfuil aon bhealach ag muintir Thuaisceart Éireann tionchar a imirt ar an chóras.Tá sé seo ag teacht leis an chás atá déanta ag O’Neill agus McDonald chomh maith, agus nuair a thagann sé sin leis na hathruithe atá le feiceáil in Albain agus sa Bhreatain Bheag chomh maith, beidh idir chóras na bpáirtithe polaitíochta agus socruithe bunreachtúla araon faoi bhrú sna blianta amach romhainn.
Impleachtaí don Tuaisceart mar gheall ar vótáil na Ríochta Aontaithe
Creidtear go mbeidh brú mór ar Starmer a ról a choinneáil, ach tá impleachtaí eile le feiceáil ó Thuaidh mar gheall ar an toradh









