Ní féidir é a shéanadh a thuilleadh – tá fuinneamh faoi leith ar an dtaobh seo den tír: áit atá ina ceantar Gaeltachta - áit ina bhfuil an nádúr faoi bhláth na laethanta seo ar chnoic agus i ngleannta. Tá rud éigin san aer ar leithinis na Rinne agus ar thalamh torthúil an tSeanphobail – dúiche ghlas atá suite in aice na farraige in iarthar Chontae Phort Láirge.Tá cuairteoirí amuigh ar thránna agus ar chéanna ag fáil sóláis ón tsaoirse agus ón aoibhneas. Tá daoine in ann an saibhreas cultúrtha a shú isteach. Ní gá ach tuirlingt den charr agus feicfear míorúilt na timpeallachta agus mealltacht an atmaisféir – an leithinis ag síneadh a méir amach mórthimpeall ar bhá Dhún Garbháin, í ag tabhairt cosaint dúinn ón bhfarraige ar an dtaobh eile, agus ar an dtaobh fiáin sin, feicfear caol agus cúl láimhe na leithinse ag síneadh i dtreo an tigh solais, an Mionn Ard, áit ina mbíonn gálaí agus stoirmeacha Fharraige an Mhuir Éireann ag suaitheadh agus ag borradh de shíor.Tá na gnóthaí beaga ar chéanna na Rinne oscailte arís ag am seo na bliana chun freastal ar dhaoine atá ag taisteal anseo ag iarraidh tairbhe a bhaint as áilleacht na farraige agus na tuaithe máguaird. Tá Rud Deas ar ché Heilbhic agus tá An Tigín, gur áit nua í, ag bun Bhaile na nGall ag díol tae, caife agus cístí milse. Tá Sólás na Mara in Heilbhic ag cur folcthaí feamainne ar fáil. Tá snámhaithe an Chóbh ag traenáil go dian ag iarraidh dul i dtaithí ar fhuacht an uisce agus ar chréatúir na gcarraigeacha – na rónta ach go háirithe, agus iad i mbun ullmhúcháin don snámh urraithe atá eagraithe ag seirbhís an bháid tarrthála, an RNLI. Tá loinnir agus glioscarnach i ngach áit. Mar a scríobh an file Áine Ní Fhoghludha tráth:Gach bláithín bídeach ar an bport –An buidheacán ‘gus an tseamróg ghéar‘S an nóinín ísiol – geal a rosc‘Gus iad ag bagairt ar an ngréin.Agus mar chuid de thoradh agus de thionchar na háite, feictear go bhfuil an-chuid daoine i mbun na cruthaitheachta – iad ag obair de ló is d’oíche - gnóthach i mbun na filíochta, na healaíne, na drámaíochta agus an cheoil, an scríbhneoir seo san áireamh. D’fhreastail daoine ar Chúinní an Ghiorria leis an bhfear Gaeltachta Fearghus Ó Chonchúir agus a fhoireann rince i nGaeltacht na nDéise le déanaí. Léiríodh an rince comhaimseartha seo amuigh faoin aer, amhránaíocht agus filíocht le cloisteáil in éineacht leis. Míníodh go raibh sé mar nós sa bhfeirmeoireacht thraidisiúnta go bhfágtaí an talamh fiáin ionas go bhféadadh plandaí agus ainmhithe éagsúla bláthú go sábhailte – ghlaoití “cúinne an ghiorria” ar seo. Mheasc an ócáid phearsanta damhsa comhaimseartha le hoidhreacht shaibhir thraidisiúnta Ghaeltacht na nDéise.Gaeltacht na nDéise ina seoid rúnda. Grianghraf: RoseAnn Foley Osclóidh taispeántas ealaíne, Ceiliúradh 25, i nDánlann Joan Clancy sa Rinn i mí Iúil, chun an tréimhse saoil atá caite ag an ngailearaí ag feidhmiú sa Ghaeltacht a mharcáil. Deis í seo chun an obair thábhachtach atá cruthaithe ag ealaíontóirí go bhfuil baint ag mórchuid acu leis an áit seo a fheiceáil. Beidh inspioráid an cheantair sna pictiúir, agus an oscailt mar chruthúnas go bhfuil láithreacht agus láidreacht an ghailearaí i gceartlár na Gaeltachta ó 2001 ar aghaidh ag méadú agus go tacú le bisiúlacht na n-ealaíontóirí.Glactar leis go bhfuil tionchar faoi leith ag ár n-oidhreacht ársa, a ritheann go smior ionainn, ar gach duine againn. Cloistear, labhraítear agus cothaítear an teanga bheo - í le cloisteáil go minic sna bonnáin cainte a snámhann i ngan fhios dúinn ar an aer ach a dtéann i bhfeidhm orainn – ar an bpáirc imeartha, sa chlós páirceála, ag geataí na feirme, ag barr an bhóthair. Beannaímid a chéile mar threabh atá ceangailte le chéile ag coincheap teibí, ach fós, aithnítear an nasc traidisiúnta, stairiúil seo a shíneann siar i dtreo aimsir na gcianta i líne gan briseadh idir sinn agus ár sinsir agus a bhronnann bród orainn. Uaireanta mothaítear go fochoinsiasach an chuisle ag preabadh sa taobh seo tíre, í ina shlabhra ag tarraingt asainn agus ag meabhrú dúinn go bhfuil dualgas orainn dílseacht agus díograis a léiriú i leith na ndaoine, an traidisiúin agus an chultúir atá imithe romhainn. Ní luaitear an Ghaeltacht ró-mhinic nuair atá liosta le háireamh á dhéanamh ag daoine agus iad ag cur síos ar na seoda atá ina n-acmhainn againn sa chontae – mar a tharla ar RTÉ Nationwide le déanaíAch, lasmuigh den Ghaeltacht, an bhfuil a fhios ag aoinne faoin saibhreas atá anseo, atá mar inspioráid againn go léir, agus atá ar fáil ag muintir na tíre i gcoitinne? Ní luaitear an Ghaeltacht ró-mhinic nuair atá liosta le háireamh á dhéanamh ag daoine agus iad ag cur síos ar na seoda atá ina n-acmhainn againn sa chontae – mar a tharla ar RTÉ Nationwide le déanaí. D’fhan an scríbhneoir seo ag éisteacht le haoi amháin agus liosta na seod sa chontae á chomhaireamh aici – luadh Cósta an Chopair, Caisleán na Leasa Móire, Sléibhte na gComarach...lean sí ar aghaidh mar seo ach ní raibh tagairt dá laghad don Ghaeltacht, don cheantar is tábhachtaí agus is luachmhaire sa chontae. Tá an-chuid dall ar sheoid seo Ghaeltacht na nDéise. Nach mór an trua é go bhfuil mealltacht agus tábhacht na háite ina rún i gcónaí.Babhtaí, nuair a dhéantar neamhshuim den cheantar, tá sé éasca a cheapadh go bhfuilimid linn féin, go bhfuilimid ag maireachtáil go deo mar seo i mbolgán falsa, faoi scrúdú ag Gaeilgeoirí agus ag lucht acadúil, ach dearmadta - ag na boird agus na heagrais turasóireachta sa stáit, ag na daoine a chónaíonn sa ghalltacht. An bhfuilimid ag cosaint na Gaeilge agus ag feo, de réir a chéile?An bhfuilimid anseo i nGaeltacht na nDéise ag maireachtáil i staid scoite gheografach agus mheitifisiciúil faoi mar a tharla don bhfear ficseanúil Truman Burbank, faoi mar a léirigh an t-aisteoir Jim Carey é sa scannán, The Truman Show. Carachtar é seo a chaith a shaol ar stáitse fuaime ollmhór, é mar chuid de seó teilifíse, mar thaispeántas, á leanúint ag lucht leanúna idirnáisiúnta ollmhór, gan aoinne ag déanamh teagmháil leis, gan comhrá daonna á dhéanamh acu leis, gan tacaíocht á thabhairt dó – sa deireadh éalaíonn sé ón seó, cailltear suim sa seó teilifíse agus athraítear an cainéal. Foclóir:leithinis = peninsulatorthúil = fertilemealltacht = allure/attractivenessglioscarnach = glittering/sparklingbisiúlacht = flourishing/vitalityfochoinsiasach = subconsciousmeitifisiciúil = metaphysical
Gaeltacht na Rinne sa Samhradh – seoid Phort Láirge
Shílfeá go bhfuil an traidisiún, an cultúr agus an teanga sa cheantar i ngan fhios don saol mór
1,061 words~5 min read






