Ar mhaith leat úsáid a bhaint as an Intleacht Shaorga i nGaeilge? Is féidir leat anois breathnú ar chlár speisialta ar shuíomh gréasáin Údarás na Gaeltachta lena fháil amach céard é an córas is éifeachtaí lena úsáid ag aon am ar leith.‘Clár Ceannais LLM na Gaeilge’ is ainm don togra, a sheol an tÚdarás an tseachtain seo caite, agus déanann sé meastóireacht chuimsitheach bheo ar éifeachtacht na gcóras Intleachta Saorga (IS) sa Ghaeilge.Faoi láthair, tugann an clár beo le fios gurb é Gemini Flash an córas IS is éifeachtaí sa teanga ach d’fhéadfadh sé go dtiocfadh athrú air sin de réir mar a dhéantar forbairt ar na córais éagsúla.Forbraíodh an clár i gcomhpháirtíocht le Coláiste na hOllscoile Corcaigh, Ollscoil Luimnigh, agus taighdeoirí neamhspleácha i mBaile Átha Cliath, agus tá sé ar fáil saor in aisce don phobal.Cén fáth a bhfuil sé seo tábhachtach?Má tá bearna rómhór ann idir an cumas atá ag IS feidhmiú trí Ghaeilge agus trí theangacha eile, ar nós an Bhéarla, tá an baol ann go bhfágfar an Ghaeilge i leataobh sa réimse seo den saol.Is é cuspóir an Chláir Ceannais an bhearna sin a thomhas, a rianú, agus, le himeacht ama, spreagadh a thabhairt do na comhlachtaí IS a bheith airdeallach ar an nGaeilge.“Tá an todhchaí linn agus tá IS lárnach ann, pé rud a smaoinímid air,” a deir an Comhairleoir IS Colm Ó Riain.“Is teanga í an Ghaeilge a bhfuil easpa sonraí digiteacha ag baint léi i gcomparáid le teangacha móra amhail Béarla, Rúisis, Spáinnis, Sínis agus mar sin.“Dá bharr sin, bíonn na córais seo ag streachailt chun an caighdeán céanna a bhaint amach sa Ghaeilge. Nuair a bhíonn daoine ag úsáid na n-uirlisí seo, níl an cumas céanna acu sa Ghaeilge is atá sa Bhéarla faoi láthair.”An bhfuil difríocht shuntasach ann idir an feabhas a thagann ar na cláir IS i nGaeilge agus i mBéarla?Tá. Taispeánann an taighde ón gclár seo go raibh Gemini 3 Flash níos éifeachtaí i nGaeilge ná Gemini 3 Pro – an leagan níos nuaí den chóras. Ciallaíonn sé seo gur tháinig feabhas ar an gcóras IS seo sa Bhéarla ach nár tharla an feabhas céanna i dtaca leis an gcóras sa Ghaeilge. Míníonn Colm gurb iad na sonraí agus an t-algartam an dá phríomhpháirt de chóras IS a imríonn tionchar ar cé chomh héifeachtach is atá sé i dteanga áirithe.“Sin an chéad phíosa den scéal, na sonraí, ach an píosa eile ná algartam atá á úsáid acu agus de ghnáth ní bhíonn sé sin oscailte,” a deir sé.Ciallaíonn sé seo, má tá algartam éifeachtach ar leith á úsáid ag córas áirithe, nach mbíonn na sonraí chomh maith is a bheifí ag súil leis in amanna.“Mar shampla, nuair a deineadh feabhas mór ar Claude Sonnet bhí a fhios againn nach raibh an méid sonraí acu is a cheapfá,” a deir Colm.Cad iad na noda is fearr do dhaoine a bhfuil fonn orthu úsáid a bhaint as IS i nGaeilge?Molann Colm do dhaoine seic rialta a dhéanamh ar an gClár Ceannais atá foilsithe ag an Údarás mar tá seans maith ann go dtiocfaidh forbairt air.“Tá seans go n-athróidh sé gach mí, nó fiú gach coicís,” ar seisean.Ina theannta sin, molann sé d’úsáideoirí gan glacadh leis an méid a deir córas IS áirithe mar lom na fírinne agus brú a chur air má thugann sé freagra aisteach. De ghnáth beidh na córais in ann athmhachnamh a dhéanamh ar a bhfreagraí.Céard iad na príomhdhúshláin atá roimh an nGaeilge i réimse na hIntleachta Saorga?Ar ndóigh, mar atá luaite cuireann easpa sonraí go mór leis na constaicí atá roimh an nGaeilge sa réimse seo.Míníonn Colm freisin áfach go raibh an-chuid de na sonraí i nGaeilge a úsáidtear do chórais IS ag teacht ón Vicipéid, an leagan Gaeilge den suíomh Wikipedia, agus ní raibh an t-ábhar seo i gcónaí ar ardchaighdeán.Deir sé: “A lán de na sonraí atá ar líne, tagann siad ó fhoghlaimeoirí. Bhí ollamh ann a rinne taighde agus cheap sé go raibh 20% den Vicipéid, mar shampla, scríofa ag foghlaimeoirí.“Má fheiceann tú an dul chun cinn atá ag teacht a ran mbunchlár. Déarfainn, an chuid is mó de na sonraí, gur Vicipéid a bhí i gceist.“Leis na múnlaí nua, áfach, tá líon níos lú de na sonraí ag teacht ón Vicipéid agus tá níos mó ag teacht ó fhoinsí eile – rud a chuireann feabhas ar an gcaighdeán.”Ina theannta sin, tá an chuid is mó de na sonraí a úsáidtear i nGaeilge bunaithe ar théacs scríofa agus níl mórán dóibh bunaithe ar fhuaim na teanga de réir mar a labhraítear í.Tá an tionscnamh ‘Abair’ i gColáiste na Tríonóide ag iarraidh dul i ngleic leis an dúshlán sin.Ar an iomlán, tá Colm den tuairim go bhfuil feabhas ag teacht ar an gcumas atá ag IS sa Ghaeilge.“Den chéad uair tá córas IS ag baint caighdeán daonna amach sa Ghaeilge, ní i ngach áit ach in áiteanna,” a deir sé.“I roinnt ábhar, agus i roinnt cásanna, tá sé chomh maith le duine líofa”.Foclóir:airdeallach = vigilant/alert bearna = gap bunchlár = base/foundation programme constaicí = obstaclescuimsitheach = comprehensive easpa = lack/deficiency feabhas = improvement líofa = fluent meastóireacht = evaluation tionscnamh = initiative/project