Bliain go leith nó mar sin ó coimisiúnaíodh taighdeoirí de chuid Choláiste na Tríonóide chun tabhairt faoi mhórshuirbhé ar dhearcthaí i leith na Gaeilge sa tír, sheol aire na Gaeltachta Dara Calleary toradh a saothair ag ócáid i mBaile Átha Cliath Dé Máirt seo caite.Tá an Suirbhé ar Dhearcthaí i leith na Gaeilge ar an mórshuirbhé is seanbhunaithe ar dhearcthaí i leith na teanga, agus b’údar misnigh iad cuid de na torthaí a tuairiscíodh sa suirbhé is déanaí.Ipsos B&A agus Coláiste na Tríonóide a stiúir an suirbhé d’Fhoras na Gaeilge le maoiniú ó Roinn na Gaeltachta. Ghlac 1,498 duine fásta páirt ann - míle ó dheas agus 498 ó thuaidh.Léiríodh go bhfuil dearcadh dearfach ag an móramh i dtaobh na Gaeilge sa dá dhlínse. Cuireadh tús leis an tsraith ceisteanna in 1973 ach ba é seo an chéad uair a nocht móramh ó thuaidh dearcadh dearfachó cuireadh na sé chontae san áireamh in 2001, agus ní beag de chloch mhíle an toradh sin.Thuairiscigh 78 faoin gcéad (suas 11 phointe) ó dheas agus 55 faoin gcéad (suas 10 bpointe) ó thuaidh go raibh siad i bhfách leis an nGaeilge ar an iomlán.Bhí fás freisin ar an gcéatadán a dúirt go labhraíonn siad Gaeilge go rialta - 16 faoin gcéad ó dheas agus 8 faoin gcéad ó thuaidh – cé go raibh titim sna leibhéil líofachta a tuairiscíodh. Níor tuairiscíodh go raibh ach 10 faoin gcéad (titim 4 phointe) ó dheas agus 2 faoin gcéad (titim pointe amháin) ó thuaidh a dúirt go raibh ardlíofacht acu sa Ghaeilge. Bhí beagnach 50 faoin gcéad ó dheas gan líofacht ar bith acu sa teanga.Mar sin féin, léiríodh tacaíocht láidir don oideachas lán-Ghaeilge agus do mhúineadh na teanga sa chóras oideachais. Bhí 87 faoin gcéad ó dheas agus 57 faoin gcéad ó thuaidh ag tacú le múineadh na Gaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal.Dúirt 87 faoin gcéad ó dheas agus 67 faoin gcéad ó thuaidh gur aontaigh siad gur cheart do na rialtais an Ghaelscolaíocht a chur ar fáil áit ar bith a bhfuil éileamh ann.Labhair Tuarascáil le Noel Ó Murchadha, Ollamh Comhlach le hOideachas Teanga i gColáiste na Tríonóide, a bhí ina phríomhthaighdeoir ar an tionscadal, faoin obair a bhí idir lámha acu.Chuir sé béim ar dtús ar an bhfiúntas a bhain le modheolaíocht an tsuirbhé. “Tá sé ionadaíoch. Tá cothromaíocht mhaith ann ó thaobh rannpháirtíochta de, ó na pobail éagsúla ó thuaidh,” a dúirt sé.An dream atá báúil leis an nGaeilge, fiú mura bhfuil an teanga á húsáid acu féin…go minic is iadsan a chuireann a bpáistí chuig Gaelscoileanna… — Noel Ó Murchadha“Sa gcur chuige a bhí againn, bhíomar ag lorg samplaí a bhí ionadaíoch, randamach agus a d’fhéadfaí a ghinearálú chuig an bpobal ina iomlán. Tá anailís déanta againn de réir chúlra na ndaoine a thagann ó chúlraí éagsúla - daoine a deir gur Caitlicigh iad, Protastúnaigh, Éireannaigh, Briotanaigh, Éireannaigh Thuaisceartacha agus araile.”Tháinig torthaí spéisiúla chun cinn nuair a tugadh faoi dhearcthaí na bpobal ó thuaidh.Níor aontaigh tromlach láidir (66 faoin gcéad) gur teanga mharbh í an Ghaeilge. Dá shine a bhí na freagróirí, is ea b’airde an cur ina héadan, agus níor léirigh aon duine san aoisghrúpa 18–24 go raibh siad in éadan na Gaeilge.“Is dócha nuair a fhéachann muid ar chomhthéacs Thuaisceart Éireann, go minic bímid ag féachaint ar an nGaeilge mar cheist atá deighilte idir dhá phobal faoi leith. Ach má fhéachann tú, mar shampla, ar chomhthéacs an dreama úd a deir gur Protastúnaigh iad ó thuaidh, nó a deir gur Briotanaigh iad, is mionlach iad an dream a deir go bhfuil siad i gcoinne na Gaeilge.“Formhór mór an phobail sin, deir siad nach bhfuil mothúchán láidir acu ar shlí amháin nó ar shlí eile i leith na Gaeilge, agus léiríonn sé sin go bhfuil deiseanna go leor ann dul i bhfeidhm ar an ngrúpa sin,” a dúirt sé.Ceann de na príomhcheisteanna a léirigh an suirbhé ná an bhearna mhór idir líon ard na ndaoine a mhaíonn bá a bheith acu leis an teanga agus an líon beag a labhraíonn í go rialta. An dtugann an taighde tuiscint dúinn ar an gcúis atá leis an mbearna sin?“Bhuel, is dócha ar an gcéad dul síos, is rud coitianta é sin i gcomhthéacs mionteanga go mbíonn daoine báúil le teanga ach go mb’fhéidir nach bhfuil an cumas acu nó nach mbíonn siad ag úsáid na teanga,” a dúirt Ó Murchadha.“Is dóigh liom gurb é an rud a léiríonn an dearcadh dearfach ná go mbeadh daoine an-mhinic lánsásta glacadh le deiseanna \[an teanga a fhoghlaim\] ach iad a bheith ar fáil dóibh agus dá gcuirfí ar fáil iad ar shlí atá inrochtana dóibh.”Luach na bá don bheartas poiblíIs minic a dhéantar tagairt don bhá sin don teanga sa daonáireamh agus déantar beag is fiú de sin go minic. An bhfuil luach ar leith leis an mbá sin ó thaobh cumas an Rialtais polasaithe oideachais agus teanga a cheapadh agus a chur i bhfeidhm?“Tá an-luach ann, is dóigh liom,” a dúirt Ó Murchadha. “Tá sé fíor-dheacair beartais a chur i bhfeidhm mura bhfuil tacaíocht éigin ann i measc sciar suntasach den phobal.“An dream atá báúil leis an nGaeilge, fiú mura bhfuil an teanga á húsáid acu féin, fiú mura bhfuil cumas láidir acu féin, go minic is iadsan a chuireann a bpáistí chuig Gaelscoileanna, chuig Gaelcholáistí. Is iadsan a chabhraíonn leis an obair bhaile Ghaeilge a bhíonn le déanamh nuair atá páiste sa bhunscoil nó sa mheánscoil. Agus tá sé sin thar a bheith tábhachtach, ar bhonn praiticiúil, agus ar bhonn féiniúlachta agus dearcaidh chomh maith, go bhfuil an tacaíocht sin ann,” a dúirt sé.Ach cén luach atá le taighde den chineál seo dóibh sin a dhréachtaíonn polasaithe rialtais?“Táimid i gcónaí ag iarraidh go mbeadh an beartas taighde-bhunaithe,” a dúirt Ó Murchadha.“Caithfidh tú bonn láidir eolais a bheith agat, caithfidh tú tuiscint a bheith agat ar cad atá ag teastáil ón bpobal, cad iad na cumais teanga atá ag an bpobal, cad í an úsáid reatha atá ag daoine ó thaobh na Gaeilge de, agus cad iad na dearcthaí atá acu. Agus ansin is féidir gníomhú bunaithe air sin - nó ba chóir gníomhú bunaithe air sin.”TacaíochtAg seoladh na tuairisce, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Seán Ó Coinn gur léiriú iad na torthaí ar thacaíocht an phobail don Ghaeilge.“Tá siad ar son na Gaeilge, tá siad ag iarraidh í a labhairt agus tá siad ag iarraidh í a fhoghlaim. Níl an córas ag coinneáil coise leo.”Dar le Ó Coinn, tá an pobal ag éileamh i bhfad níos mó ná aitheantas siombalach amháin.“Tá an taighde soiléir. Tá an pobal ar lorg stádas dátheangach, seirbhísí dátheangacha agus córas oideachais dátheangach.“Níl an pobal ag dearcadh ar an Ghaeilge mar shamhail oidhreachtúil nó mar iarsma staire a bhíonn le húsáid ag searmanais stáit. “Tá siad ar lorg Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí. Ba mhaith leo go mbeadh Gaeilge ag a bpáistí. Don phobal, is teanga bheo í.“Tá an pobal chun tosaigh ar an stát maidir leis an Ghaeilge, agus sílim go gcaithfimid sa stát anois teacht aníos leo,” a dúirt sé.Foclóir:mórshuirbhé - major survey seanbhunaithe - long-established dlínse - jurisdiction modheolaíocht - methodology ionadaíoch - representative deighilte - divided/separated
“Tá an pobal chun tosaigh ar an Stát maidir leis an Ghaeilge”
Seoladh an Suirbhé ar Dhearcthaí i leith na Gaeilge an tseachtain seo caite






