Tá fáilte curtha ag an eagras Gaeloideachas roimh thuarascáil eacnamaíochta ina moltar gur chóir reachtaíocht a chur i bhfeidhm le dualgas a chur ar an stát oideachas lán-Ghaeilge a sholáthar, ach go bhfuil athrú meon ag teastáil ón Roinn Oideachais chuige.Foilsíodh an taighde, ar choimisiúnaigh an grúpa IMEASC é agus arbh é an t-eacnamaí Jim Power a scríobh an tuarascáil, an tseachtain seo caite.Deirtear sa pháipéar nach mbeadh costas sa bhreis ag baint le méadú ar sholáthar an oideachais lán-Ghaeilge ar bhonn fadtéarmach.Luaitear ann freisin go laghdódh sé na costais a bhaineann leis an dualgas reachtúil atá ar an stát cheanna féin go mbeidh 20 faoin gcéad d’fhostaithe san earnáil phoiblí inniúil sa teanga.Ag labhairt di le Scéal, dúirt Ardfheidhmeannach Ghaeloideachas Bláthnaid Ní Ghréacháin go raibh an tuarascáil seo luachmhar ach go raibh athrú meoin ag teastáil ón Roinn Oideachais freisin.“Cinnte, tá géarghá leis an tuarascáil seo ach ní hé seo ach an chéad chéim i dtreo na reachtaíochta,” a dúirt sí.“Aon cáipéis atá taighde-bhunaithe agus fianaise-bhunaithe, cabhraíonn sé go suntasach linne. Tugann sé údarás dúinne, go háirithe más duine neamhspleách, neodrach ón taobh amuigh atá i mbun an taighde seo.“Faraor, tá taithí againne freisin ar thaighde atá déanta, a thugann bonn údarásach d’eolas agus do cheisteanna a bhaineann leis an oideachas lán-Ghaeilge... agus tá neamhaird á déanamh ar na torthaí sin mar nach luíonn sé leis na torthaí a theastaíonn ón Roinn.“Tá an cháipéis curtha le chéile i mbealach stuama agus ciallmhar. Breathnaíonn sé ní hamháin ar an réasúnaíocht a bhaineann leis ag leibhéal polasaí ach leagann sé amach na polasaithe stáit atá ann agus an chaoi ar féidir le reachtaíocht den chineál seo tacú le cur i bhfeidhm na bpolasaithe sin.”Dúirt Ní Ghréacháin chomh maith gur bhreathnaigh an Roinn Oideachais ar an nGaeilge mar chostas agus gur gá an meon sin a athrú.“Sin gné nach dtugtar san áireamh. Leis an Roinn Oideachais, breathnaítear ar an teanga mar chostas seachas mar infheistíocht. Sin an cineál peirspictíochta is gá dúinn a athrú,” a dúirt sí.“Le rófhada tá siad ag breathnú ar cheist an oideachais lán-Ghaeilge, mar a bhaineann le soláthar agus scoileanna nua, trí lionsa an ghanntanais seachas mar rud atá costas-neodrach, nó mar infheistíocht i rud atá luachmhar.”“Is dóigh, faraor, go bhfuil sé ríshoiléir ag an bpointe seo go bhfuil gá ann bonn reachtúil a chur faoin soláthar agus faoin éileamh atá ar oideachas lán-Ghaeilge.”Deirtear sa tuarascáil nach mbeadh costas breise ag baint le forbairt an chórais oideachais lán-Ghaeilge mar tá an costas céanna ag baint le múinteoirí a múineann i mBéarla.Lena chois sin, dá ndéanfaí forbairt ar an gcóras lán-Ghaeilge mhéadódh líon na múinteoirí atá inniúil sa Ghaeilge de réir a chéile, rud a d’fhágfadh nach mbeadh costas ag baint le traenáil sa breis.Mura bhfuil an stát in ann scoileanna lán-Ghaeilge a dhéanamh de scoileanna lán-Bhéarla, tá sé luaite sa tuarascáil go mbeadh costais suas le €10 billiúin i maoiniú caipitil thar thréimhse 20 bliain i gceist, ach deirtear gur costas beag é seo nuair a bhreathnaítear ar bhuiséad caipitil na Roinne ina iomláine.Deirtear chomh maith go n-éireodh leis an stát airgead a shábháil mar ní bheadh an costas céanna ag baint leis an dualgas atá ann go beidh 20 faoin gcéad den earnáil phoiblí inniúil sa teanga mar bheadh níos mó daoine ann a bheadh líofa sa teanga de thoradh níos mó scoileanna lán-Ghaeilge.Ina theannta sin, deirtear sa tuarascáil nach bhfuil taighde ar bith déanta ar an tionchar atá ag an dátheangachas ar tháirgiúlacht eacnamaíochta cainteoirí Gaeilge.I gCeanada, meastar go dtuileann oibrithe dátheangacha 5 faoin gcéad níos mó ná oibrithe aonteangacha – fiú mura mbaineann siad úsáid as níos mó ná teanga amháin ina saol oibre.Deirtear freisin go mbíonn buntáistí cognaíochta a bhaineann leis an dátheangachas agus go gcuireann sé moill ar riochtaí sláinte áirithe.