Tá eagrán speisialta den iris Comhar ann an mhí seo mar chomóradh ar 100 bliain den Ghúm. Is mithid sin, óir ba rómhinic an eagraíocht sin a bheith ina ceap milleáin do gach ní nach raibh ag dul ar aghaidh go seolta i bhfoilsitheoireacht na Gaeilge, agus gur dearmadadh go háiseach a raibh de mhaitheasaí curtha i gcrích aici.Ar cheann de na maitheasaí móra sin ba ea scéim an aistriúcháin a chuir oiread sin de chlasaicí an domhain fara leabhair mhóréilimh na linne ar fáil don phobal i nGaeilge ghlanálainn den uile chineál. Is fíor gur lochtaíodh an scéim de thoisc gurbh ón mBéarla ba ea formhór na n-aistriúchán sin, ach bhí sin intuigthe ós ní é gurbh é an Béarla an teanga eile ba mhó a bhí ag lucht pinn. Ach díol suntais is ea líon na dteangacha éagsúla ar fáisceadh Gaeilge astu, an Fhraincis gan amhras mar theanga impiriúlach choncais eile, an Ghearmáinis, an Iodáilis, an Rúisis, an Bhreatnais, an Bhriotáinis, an Laidin bharbartha agus an Ghréigis chlasaiceach. Go deimhin, ba mhinic turas guairdeallach ag leabhar ar nós Quo Vadis le Henryk Sienkiewicz a scríobhadh sa Pholainnis mar gheall ar phobal a labhair an Eabhrais agus an Laidin a tiontaíodh go Béarla agus arbh uaidh a chuir Aindrias Ó Céileachair Gaelainn Chorcaí air.Turas níos guairdeallaí céanna ó theanga go teanga a dhein Deartháir Beag – Miñan – le hIbrahima Balde agus Amets Arzullus Antia agus é arna aistriú le Séamus Mac Conmidhe (Creative Commons/Susa). Is é atá ann cuntas dírbheathaisnéisiúil a d’eachtraigh Ibrahima, arbh í an Fhuláinis a theanga dhúchais, do Amets a chuir Bascais air agus inar foilsíodh é i dtosach. Níl sé soiléir cén teanga inar aithris Ibrahima a scéal, ach dhealróinn gur Fraincis í, toisc é sin a bheith aige ón nGuine mar theanga oideachais agus riaracháin a thíre dúchais mar iarsheilbh de chuid na Fraince. Níl sé soiléir ach an oiread cén teanga ar bhain Séamus Mac Conmidhe leas aisti lena chur i nGaeilge, ach is róchuma, mar is scéal cumhachtach corraitheach atá ann, ceann de scéalta ár linne, scéalta an domhain.Deartháir Beag (Miñan) le hIbrahima Balde agus Amets Arzullus Antia agus é arna aistriú le Seamus Mac Conmidhe
Cos ar chos, ó bhéal go béal
Leabhar cumhachtach corraitheach is ea Miñan, a bhfuil leagan Gaeilge de anois ar fáil
1,075 words~5 min read






