Dar le hiniúchadh de chuid The Atlantic, tá contúirt na neamhbhannaí IS ina ghad níos giorra don scornach ná mar a ceapadh. Le tamall de mhíonna tá an suíomh Meiriceánach i mbun tuairiscithe maidir le sárú cóipchirt, agus úsáid saothair ealaíne gan cead cruthaitheoirí. An tseachtain seo caite foilsíodh tairseach ar AI Watchdog a ligeann do cheoltóirí a n-ainmneacha a chuardach i gceithre bhunachar a léiríonn saothair atá in úsáid le traenáil a dhéanamh ar innill Intleachta Saorga. Tá 12.3 milliún amhrán, a sciobadh ó YouTube den chuid is mó, sa mbunachar is mó dar teideal LAION. San áireamh, tá ceol le mórcheoltóirí ó Olivia Rodrigo go dtí The Doors agus nach mór chuile mhórainm eile a bhféadfá cuimhneamh orthu. Meastar go n-úsáidtear an ceol leis an Intleacht Shaorga a thraenáil le ceol a chumadh, a aithint, a athchruthú i stíl nó seánra ar leith, agus lena sholáthar d’ardáin le híocaíochtaí do cheoltóirí a sheachaint. Ní léir áfach cé na comhlachtaí sonracha a bhfuil rochtain acu ar an gceol seo, ná cé atá á úsáid go fóill.Labhair an ceoltóir Éireannach Yenkee faoin gcaoi ar fhoghlaim sé gur dúthshaothraíodh a chuid ceoil féin: “Tá tairseach ar féidir d’ainm ealaíontóra a chuardach ann. Le bheith ionraic, níor cheap mé go mbeinn ann ach d’fhoghlaim mé go raibh 16 amhrán de mo chuid in dhá cheann de na bunachair atá in úsáid le IS a thraenáil. An rud ab aistí dar liom ná gurb iad na hamhráin a d’eisigh mé go neamhspleách a bhí ann. Mhothaigh mé go raibh siad théis díriú ar na hamhráin neamhspleácha nach mbeadh an tacaíocht dhleathach nó airgead céanna taobh thiar dóibh.”An príomhrud, domsa, ná nach féidir le IS an rud a dhéanaimse a dhéanamh. Tá caidreamh an-phearsanta agus dlúth agam leis an gceol.— YenkeeNí cosúil go bhfuil cosaint bhreise ag ceoltóirí ar lipéid níos mó áfach, agus mórcheoltóirí Éireannacha ar nós Fontaines DC agus CMAT ainmnithe sna bunachair chéanna. Gníomh leochaileach atá ann ceol a eisiúint, agus is léir anois nach leochaileacht mhothúchánach amháin atá i gceist, ach leochaileacht úinéireachta freisin.“An príomhrud, domsa, ná nach féidir le IS an rud a dhéanaimse a dhéanamh. Tá caidreamh an-phearsanta agus dlúth agam leis an gceol. Is cineál cuid de m’anam é, mar sin nílim buartha faoin taobh sin de. Ach is ait an chuid sin de mo shaol a bheith dúshaothraithe gan chead, gan aitheantas, agus faoi choinníollacha atá doiléir agus casta d’aon turas, ceapaim, agus nár aontaíodh orthu. Mothaíonn sé sin an-ait le bheith ionraic.”Údar breise imní is ea nach dtuigtear cén úsáid atá á baint as na hamhráin, ná cén gníomh cosanta is féidir a dhéanamh.“Níl tuairim dá laghad agam,” arsa Yenkee. “Níl aon rud, go bhfios dom, is féidir liom a dhéanamh len é a stopadh. Labhair mé le ceoltóirí eile, a rinne teagmháil lena ndáileoirí, ach an t-aon rud is féidir linn a dhéanamh ná é a rá leo, agus gurbh fhéidir go n-úsáidfí é mar fhianaise má bhíonn aon chás dleathach ann amach anseo.”“Mothaím gan chosaint agus mothaíonn go leor daoine mar an gcéanna. An dúshlán is mó do cheoltóirí - ceoltóirí neamhspleácha ar aon nós - ná an neart a aimsiú le troid i gcoinne ollchomhlachtaí, agus feasacht a lorg maidir leis an gcaoi a bhfuil ár gceol á úsáid amuigh ansin i ndomhan atá déanta suas, d’aon turas, de théarmaí agus coinníollacha casta. An chuid is mó de cheoltóirí níl uathu ach ceol a chruthú agus gan a bheith buartha faoi chóipcheart agus an chraic sin ar fad. Agus go dtí seo, agus muid ag sruthú, cheap muid go raibh aire á tabhairt dó sin, ach go tobann deirtear linn nach mar sin atá.”Mar éisteoir, an rud is suntasaí is féidir a dhéanamh fós ná a bheith airdeallach maidir leis an mbaol a bhaineann leis an Intleacht Shaorga, gan géilleadh d’ardáin nach bhfuil rialachas ceart i bhfeidhm acu maidir le cosaint agus íocaíocht ealaíontóirí, agus a chinntiú go bhfuil d’airgead ag dul i dtreo ceoltóirí seachas comhlachtaí IS nó comhlachtaí a thugann tús áite don bhrabús thar chruthaitheoirí.Mar shampla, tá fógartha ag TIDAL go mbeidh fógra ar leith ag gabháil le haon cheol ar an ardán a bhfuil IS úsáidte len é a ghiniúint agus nach mbeidh íocaíocht ag dul d’aon cheol ar ginneadh le IS é ina iomláine. I gcomparáide leis an easpa gnímh - agus scaití gníomh a thacaíonn le ceol déanta ag IS le tuilleadh brabúis a chinntiú - ó ardáin shruthaithe eile, is dul chun cinn suntasach an méid sin.Dar le Yenkee gurb é an gníomh is fearr ná “súil a choinneáil amach do cheol IS. Neamhaird a thabhairt air más féidir, ní fiú é. Éist leis an bhfíorcheoltóir is fearr leat, a thuigeann mar a mhothaíonn sé a bheith uaigneach, nó sásta, nó i ngrá - mar atá sé a bheith daonna, go bunúsach. Má tá an t-airgead agat, téigh chun iad a fheiceáil beo. Ceannaigh CD nó rud éicint!”I dtaobh an airgid a théann i bpócaí na n-ealaíontóirí, is ionann CD agus 1,500 sruthú ar líne. Is ionann ceirnín agus 5-8,000 sruth. Ceoltóir neamhspleách agus Corcaíoch fir is ea Yenkee a bhfuil a chuid ceoil ar fáil ar Bandcamp agus via Soft Boy Records.Foclóir:a dúthshaothraíodh = was exploitedleochaileach = vulnerabletairseach = portal/gatewayscornach = throatdoiléir = opaque/unclearairdeallach = vigilantceirnín = vinyl recorddáileoirí = distributorsrialachas = governance
Cloímis leis an daonnacht i ré seo an cheoil IS
Tá bunachair ollmhóra d’amhráin daoine á n-úsáid leis an Intleacht Shaorga a thraenáil le ceol a chumadh. Cad is féidir a dhéanamh faoi?
889 words~4 min read






