Deireadh seachtaine fada a bhí ag na páirtithe polaitíochta agus torthaí dhá fhothoghchán ag teacht isteach chun suíocháin a líonadh i mBaile Átha Cliath Láir agus i nGaillimh Thiar.Fágadh na suíocháin folamh nuair a d’imigh Paschal Donohue, Fine Gael, ó Bhaile Átha Cliath Láir chun glacadh le post sinsearach sa Bhanc Domhanda, agus nuair a toghadh Catherine Connolly mar Uachtarán na hÉireann, rud a d’fhág spás i nGaillimh Thiar.Dhá thoghcheantar iontach difriúil atá i gceist agus léirigh na feachtais an leibhéal scoilte sa pholaitíocht agus go leor caint chrua ag na hiarrthóirí ar cheist na tithíochta, ar na chostais mhaireachtála agus ar an inimirce.Lá mór do na Daonlathaithe Sóisialta a bhí ann agus Daniel Ennis tofa ar an naoú comhaireamh sa phríomhchathair.Bua ollmhór dóibh mar pháirtí Dála trí chéile a bhí ann agus iad anois chun tosaigh ar Pháirtí an Lucht Oibre i dtaca le líon na suíochán atá acu, rud a imreoidh tionchar ar chead cainte sa Dáil agus ar bhallraíocht na gcoistí.Seo an dara suíochán don pháirtí sa toghcheantar seo, agus cé go mbeidh sé fíordhúshlánach an dá shuíochán a choinneáil ag an chéad toghchán eile, beidh an páirtí sásta gur léiríodh gur féidir leo feachtas láidir rathúil a eagrú a imríonn tionchar ar an phobal.Ar an taobh eile den tír bhí tréimhse fhada ag na hiarrthóirí ag an chomhaireamh, a chríochnaigh go mall trathnóna Dé Domhnaigh. Rás géar a bhí ann idir iarrthóir Fhine Gael Seán Kyne agus iarrthóir Independent Ireland Noel Thomas.Ní minic a bhíonn mórán dóchais ag páirtí rialtais i bhfothoghchán, agus ceapadh go mbeadh borradh faoi Thomas mar gheall ar an tacaíocht a léirigh sé do lucht agóide an chostais breosla an mhí seo caite.Sa deireadh, agus mar a tharlaíonn go minic le fothoghcháin, bhí aistriú na vótaí lárnach sa scéal. Cé go raibh Thomas chun tosaigh don chuid is mó den deireadh seachtaine, bhí Kyne in ann tuilleadh aistrithe a mhealladh ó iarrthóirí eile, go háirithe ó iarrthóir Fhianna Fáil. Bhí a mhalairt de thoghchán ag Fianna Fáil - bhí an toradh is measa riamh i mBaile Átha Cliath Láir acu agus gan ach 4.2% den chéad rogha faighte acu.Bua neamhghnách do pháirtí rialtais a bhí i dtoghadh Kyne mar sin, ach vóta pearsanta a bhí ann don Seanadóir agus don iar-Theachta Dála atá ag obair i saol na polaitíochta le fada an lá faoin agus a bhfuil clú mór ar a ainm sa toghcheantar.Bhí a mhalairt de thoghchán ag an pháirtí rialtais eile agus drochlá amach is amach ag Fianna Fáil - bhí an toradh is measa riamh i mBaile Átha Cliath Láir acu agus gan ach 4.2% den chéad rogha faighte acu.Is dócha go n-ardófar ceisteanna an athuair maidir le ceannasaíocht an pháirtí agus tiocfaidh tuilleadh brú ar Mhicheál Martin straitéis a leagan amach chun a ról a chosaint. Sin ráite, is fíorbheag an seans go dtiocfaidh aon athrú ar chúrsaí agus Éire ag ullmhú chun óstáil a dhéanamh ar an Uachtaránacht ar an Chomhairle Eorpach a thosóidh ag tús mhí Iúil. Bheadh sé deacair dúshlán an Taoisigh a thabhairt agus ról tábhachtach le himirt ag an tír ar an ardán idirnáisiúnta, ach nuair a thiocfaidh críoch leis an tréimhse ag deireadh na bliana beidh Martin leochaileach arís.Beidh idir dhíomá agus imní ar Shinn Féin. Mar phríomhpháirtí an fhreasúra, bhí dóchas acu agus iad ag dul isteach sna feachtais seo. Is léir áfach nach bhfuil ag éirí leis an pháirtí leas a bhaint as an mhíshástacht leis an rialtas a bhí le feiceáil i measc an phobail i mBaile Átha Cliath Láir. Cé gur chaill siad amach i dtoghcheantar cheannaire Mary Lou McDonald, tá an páirtí ag seasamh go daingean taobh thiar di go fóill, ach seans go bhfuil ceisteanna níos leithne ag teacht aníos don pháirtí maidir leis an fhéiniúlacht atá acu agus a dteachtaireacht a chraobhscaoileadh leis an phobal.Idir bhua na nDaonlathaithe Sóisialta agus deacrachtaí Shinn Féin iarrthóir a chur trasna na líne, tá ceisteanna á n-ardú maidir le teachtaireachtaí agus comhoibriú ar an eite chlé ag dul chun tosaigh. Ag labhairt i ndiaidh bhua Ennis i mBaile Átha Cliath, dúirt ceannaire an pháirtí Holly Cairns go raibh gá le ‘soiléiriú’ ó Shinn Féin ar sheasamh an pháirtí ar roinnt ceisteanna, agus go mbeidh i gcónaí an gá le comhoibriú idir páirtithe ar an chlé.Buaiteoirí móra an lae ná na Daonlathaithe Sóisialta agus beidh an páirtí ag súil le tógáil ar an dea-thoradh seo san míonna agus sna blianta atá le teacht. Beidh faoiseamh nach beag ar Fhine Gael leis an toradh i nGaillimh Thiar, ach fios acu go fóill gur vóta pearsanta Kyne a bhí ann agus ní léiriú tacaíochta forleathan don pháirtí a bhí i gceist.Le breis agus trí bliana fós le cur i gcrích ag an rialtas reatha sula mbeidh an chéad olltoghchán eile ann, níl brú práinneach ar na páirtithe aghaidh a thabhairt ar cheisteanna ceannasaíochta go fóill, ach tá seans láidir go mbeidh Fianna Fáil nó Sinn Féin - nó an bheirt acu fiú - ag dul isteach san olltoghchán sin le ceannaire úr. Idir sin agus an fuinneamh úr a bheidh faoi na Daonlathaithe Sóisialta ar an chlé, agus an móiminteam a bheidh fós ag an eite dheas in ainneoin na dtorthaí, beidh tréimhse chinniúnach roimh shaol na polaitíochta sa chéad chúpla bliain eile.
An ghaoth i seolta na nDaonlathaithe Sóisialta
Tréimhse chinniúnach pholaitíochta a bheidh sa chéad chúpla bliain eile
881 words~4 min read






