Deir Conradh na Gaeilge gur “theip” ar an Rialtas “ceann de na deiseanna is suntasaí a thapú chun an Ghaeltacht a neartú agus a chosaint” agus an Bille um Údarás na Gaeltachta os comhair na Dála Déardaoin seo caite.Dúirt an Conradh gur roghnaigh an Rialtas gan glacadh le leasuithe a thabharfadh ról níos láidre d’Údarás na Gaeltachta dul i ngleic leis an ghéarchéim thithíochta atá “ag réabadh na gceantar Gaeltachta, agus ag réabadh na Gaeilge dá réir”.Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, gur “léirigh an Bille seo deis shuntasach chun na cumhachtaí cearta a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta na pobail Ghaeltachta a chosaint agus todhchaí na Gaeilge a dhaingniú - agus níor ghlac an Rialtas an deis sin”.“Is cúis mhór frustrachais é gur dhiúltaigh an tAire go dtí seo cumhacht a thabhairt don Údarás talamh nua a cheannach le tacú go gníomhach le forbairt tithíochta, seirbhísí agus bonneagair phobail do chainteoirí Gaeilge. Is cinnte nach bhfuil a dhóthain talaimh nó talamh oiriúnach faoi láthair ag an Údarás le díol chun dul i ngleic leis an ngéarchéim thithíochta agus sin í an fáth a bhfuil gá leis an gcumhacht a thabhairt don Údarás talamh nua a cheannach chuige sin. Gan cumhachtaí níos láidre agus idirghabháil dhíreach, leanfaidh meath ár bpobal Gaeltachta ar aghaidh, agus beidh obair thithíochta mar seo fágtha ad hoc faoi ghrúpaí pobail.”I measc na leasuithe is suntasaí a diúltaíodh bhí moladh a chuirfeadh ar chumas Údarás na Gaeltachta talamh agus maoin a cheannach nó a fháil ar mhaithe le tithíocht, seirbhísí agus áiseanna sóisialta nó cultúrtha a chur ar fáil sa Ghaeltacht. Le linn na díospóireachta, dhiúltaigh an tAire Dara Calleary don leasú ar an bhonn nach bhfuil “aon taithí ag an Údarás i gcúrsaí tithíochta” agus nach bhfuil “na scileanna i gcúrsaí tithíochta” acu.Dúirt John Prendergast, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge, go dtuigeann an Conradh “nach bhfuil a dhóthain saineolais tithíochta ná na hacmhainní ag Údarás na Gaeltachta – ach is ar an mbonn sin gur chóir go mbunófaí Rannóg Tithíochta ar leith laistigh den Údarás agus go mbeadh an leasú déanta ar an mBille. Ról éascaitheoireachta go príomhdha a bheadh ann seo, ina mbeidh an tÚdarás ag gníomhú i gcomhar leis na háisíneachtaí Stáit eile agus Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta le soláthar tithíochta a chur chun cinn do mhuintir na Gaeltachta, agus saineolas sochtheangeolaíoch an Údaráis i lár an aonaigh”.“Táimid fós ag éileamh ar an Aire Calleary leasú a chur san áireamh le cumhacht a thabhairt don Údarás talamh a cheannach nó a fháil ar mhaithe le tithíocht, seirbhísí, áiseanna sóisialta nó cultúrtha a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge sula gcuireann sé an chéad leagan eile de leasuithe ar an mBille ón Rialtas ar aghaidh chuig Seanad Éireann.”Karina Feirtéar ceaptha ina Ceannaire ar thogra nua TG4 agus ÚnaGIs í Karina Feirtéar as Baile an Fheirtéaraigh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne atá ceaptha mar Cheannaire ar Oiliúint Gairme sna Meáin ag TG4 agus Údarás na Gaeltachta.Tá an ról nua seo cruthaithe mar chuid de “chomhpháirtíocht straitéiseach nua” idir TG4 agus an tÚdarás lena gcuirfear oiliúint ar dhaoine in earnáil na léiriúchán neamhspleách leis an earnáil sin a fhorbairt. Cuirfidh an togra seo le scileanna, le cáilíochtaí agus le cumas iomaíochta na gcomhlachtaí.Infheistíocht €1.2 milliún in aghaidh na bliana a bheidh le déanamh ag Údarás na Gaeltachta agus TG4 sa togra nua idir seo agus deireadh na bliana 2028.Beidh an ceannaire nua freagrach as riaradh an togra nua agus na gclár oiliúna agus forbartha a bheidh á reáchtáil mar chuid de. Is í an fhís atá ag Karina don ról seo ná “spás a chruthú ina gcuirtear oiliúint shainiúil agus mapáil shoiléir ghairme ar fáil d’earnáil na meán Gaeilge, trí phríomheagraíochtaí a thabhairt le chéile i gcomhpháirtíocht chun tallann a fhorbairt agus todhchaí láidir don tionscal a chothú”.Ag caint ar an cheapachán seo, dúirt Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4: “Tá cumasú na cruthaitheachta i gcroílár straitéis TG4 agus tá earnáil na léiriúchán neamhspleách lárnach i bhforbairt na físe sin. Tabharfaidh an chomhpháirtíocht le hÚdarás na Gaeltachta deis dúinn díriú ar fhás agus ar fhorbairt na hearnála Gaeilge, ar oiliúint ghairmiúil, agus ar scileanna a fhorbairt don todhchaí ar bhonn straitéiseach, fadradharcach. Tréaslaím le Karina Feirtéar atá ceaptha ina Ceannaire ar ‘Oiliúint Gairme sna Meáin’ chun an straitéis don fhorbairt oiliúna san earnáil a chur i gcrích. Tá os cionn 28 mbliana taithí aici in earnáil na meán Gaeilge, i bhforbairt tallainne, i mbainistíocht athruithe agus i bhforbairt foirne cruthaitheacha agus teicniúla a bheidh thar a bheith luachmhar sa ról seo. Guím gach rath uirthi sa ról nua seo.”Na Gaeil ag cogarnach ar ardán sóisialta nuaTá ag éirí go geal leis an aip úr shóisialta ‘Cogar’, ardán ar ar féidir le húsáideoirí postálacha a scríobh, comhrá a dhéanamh lena chéile agus gach ábhar faoin spéir a phlé go hiomlán trí mheán na Gaeilge.Rónán Ó Laoire a dhear an aip úrnua agus is cinnte go bhfuil spás áirithe ar líne cruthaithe aige do na Gaeil ar fud an domhain. Tá leagan amach na haipe cosúil le X, Bluesky nó Mastodon.Nuair a chruthaíonn tú cuntas Cogar, tá tú in ann do leibhéal líofachta féin a roghnú agus mar sin tá an aip fóirsteanach do chainteoirí líofa agus d’fhoghlaimeoirí araon. Bíonn deis agat do chuid suimeanna féin a roghnú fosta agus an t-algartam a oiriúnú duit féin.Tá Cogar á fhorbairt ag Cogar Teicneolaíochta Teoranta le ceadúnas bogearraí agus táirgí ón chomhlacht Busy Little Pixles.
‘Deis mhór’ caillte chun todhchaí na Gaeltachta a chosaint
Na Ceithre hAirde: Bille Údarás na Gaeltachta; Karina Feirtéar ceaptha ar thogra nua TG4; agus ardán sóisialta nua
904 words~4 min read






