“Tá an todhchaí linn anois agus tá an Intleacht Shaorga lárnach ann, pé bealach a smaoiníonn muid air.”Sin a dúirt Colm Ó Riain, saineolaí ar an Intleacht Shaorga (IS), agus é ag trácht ar cheann de mhórcheisteanna na linne: an tionchar a imreoidh an teicneolaíocht nua seo ar an saol.Níl lá nach mbíonn tionchar na hIntleacht Saorga ar shaol an duine i gceannlínte na nuachta, ach mar sin féin, is tearc an trácht a dhéantar ar stádas na Gaeilge sa ré ‘nuashonraithe’ atá á tuar.Ach ó thaobh teangacha mionlaithe de, glactar leis go bhfuil siad faoi mhíbhuntáiste mór i gcomparáid le hollteangacha an domhain toisc go mbíonn acmhainní riachtanacha - ar nós sonraí oiliúna a bhíonn de dhíth chun oiliúint a chur ar na córais IS - níos teoranta iontu ná mar a bhíonn sa Bhéarla, sa Spáinnis nó sa tSínis, cuir i gcás.Tá buntáistí agus míbhuntáistí ag baint leis ach tá muid ag iarraidh na buntáistí céanna a bheith sa Ghaeilge agus atá ag teangacha eile.— Colm Ó RiainAch níos tromchúisí fós, b’fhéidir, tá teangacha mionlaithe faoi mhíbhuntáiste de bharr go mbíonn níos lú tacaíochta tráchtála acu - ná dearmad gur brabús atá mar cheannfháth ag comhlachtaí ar nós ChatGPT, Anthropic agus Gemini.Mar sin féin, aithnítear gur gá an bhearna a laghdú agus tá obair ar siúl chun teangacha ar nós na Breatnaise, na Bascaise agus na Catalóinise a choinneáil san imirt. Anseo in Éirinn, tá Údarás na Gaeltachta ag obair ar sheirbhís Gaeilge IS a sholáthar a bheidh in úsáid le córais eile Intleachta Saorga faoi dheireadh na bliana seo. Nuair a foilsíodh Clár Ceannais LLM na Gaeilge bhí torthaí níos fearr ag Gemini Flash ná mar a bhí ag córais IS níos mó.
Cá bhfuil an Ghaeilge i scéal na hIntleachta Saorga?
Tá obair ar bun lena chinntiú go rachaidh an teicneolaíocht nua chun tairbhe do phobal na Gaeilge
1,270 words~6 min read






