D’fhógair an Tánaiste Simon Harris go bhfuil sé i gceist ag Fine Gael treoirphlean maidir le hoileán athaontaithe a fhorbairt agus a fhoilsiú in am d’Ard Fheis an pháirtí i mí na Samhna.Dúirt Harris go bhfuil gá ann don tír plé “go dáiríre, go freagrach agus go measúil” le todhchaí na tíre seo, go háirithe i gcomhthéacs an chomóradh 30 bliain de Chomhaontú Aoine an Chéasta a thitfidh amach in 2028. Dúradh go rachaidh an páirtí i mbun oibre i gcomhar leis an Ollamh ó Ollscoil Uladh, Deirdre Heenan, agus go leagfar amach cad a thiocfadh a bheith i gceist le hÉirinn aontaithe “i dtéarmaí praiticiúla, polaitíochta, eacnamaíochta agus sóisialta.”Am suimiúil a bhí ann don Tánaiste an fógra a dhéanamh, le linn ócáid chomórtha ar chéad bliain ó rugadh iar-cheannaire Fhine Gael agus an t-iar-Thaoiseach Garret Fitzgerald. Bhí clú ar Fitzgerald le linn a thréimhse mar Thaoiseach mar gheall ar a Chrosáid Bunreachtúil agus ar na hiarrachtaí a rinne sé athruithe a chur i bhfeidhm sa bhunreacht, go sóisialta agus go polaitiúil.De réir na socruithe reatha comhrialtais, beidh Simon Harris mar Thaoiseach arís le linn an chomóradh 30 bliain. Seans láidir go bhfuil an obair seo leagtha amach aige mar sprioc anois mar gheall gur mhaith leis a chrosáid féin a dhéanamh, nó go bhfuil sé ag smaoineamh faoin oidhreacht a fhágfaidh sé ina dhiaidh chomh maith.Dúshlán atá san fhógairt seo do pháirtithe polaitíochta eile, go háirithe d’Fhianna Fáil. Agus an páirtí ag tabhairt ‘an páirtí poblachtach’ orthu féin le fada an lá, go traidisiúnta bheadh an páirtí níos glóraí ná Fine Gael ar cheist ath-aontú na tíre. Ar na mallaibh, áfach, tá tuilleadh béime á chur ag Micheál Martin agus a pháirtí ar athmhuintearas agus ar obair faoin tionscadal Oileán Chomhroinnte, in áit plé dáiríre a dhéanamh ar an cheist bhunreachtúil.Ní bheadh a leithéid de phlé mar seo réadúil nó indéanta roinnt blianta beaga ó shin. Tháinig athrú iomlán ar an chomhrá thart ar cheist an athaontaithe le linn na deich mbliana ón reifreann ar an Bhreatimeacht.Chuir Sinn Féin fáilte roimh ráiteas an Tánaiste, agus dúirt ceannaire an pháirtí Mary Lou McDonald gur maith an rud go bhfuil Fine Gael ag aithint “faoi dheireadh” an gá le hobair ullmhúcháin a dhéanamh i dtreo athaontú na tíre. Dár ndóigh, agus athaontú na hÉireann mar phríomhsprioc ag an pháirtí, tá go leor déanta acu thar na blianta chun an cás seo a ardú.Bhunaigh an páirtí Coimisiún um Thodhchaí na hÉireann, a d’fhoilsigh go leor plécháipéisí i réimsí éagsúla den athaontú a bheadh de dhíth, agus a théann i mbun comhairliúcháin le pobail éagsúla fud fad na tíre.Chomh maith leis sin, tá sé i gceist ag Sinn Féin reachtaíocht a chur os comhair na Dála a chuirfeadh iachall ar an Rialtas Páipéar Glas a fhorbairt ar athaontú na hÉireann, Comhthionól Saoránach a bhunú ar an cheist agus ról maoirseachta a thabhairt don Oireachtas ar dhul chun cinn na hoibre seo.Ní bheadh a leithéid de phlé mar seo réadúil nó indéanta roinnt blianta beaga ó shin. Tháinig athrú iomlán ar an chomhrá thart ar cheist an athaontaithe le linn na deich mbliana ón reifreann ar an Bhreatimeacht. Ach, ar a bharr sin, le cúpla bliain anuas tá an comhrá ag bogadh ó ábhar teoiriciúil amháin, agus ag bogadh ar aghaidh chun ceisteanna a chur ar leibhéal níos doimhne. Tá plé níos suntasaí ag tarlú anois, ag ceistiú cén dóigh agus cén uair a tharlóidh rudaí agus cad iad na féidearthachtaí praiticiúla a bheadh ar fáil.Déardaoin na seachtaine seo eagrófar comhdháil mhór i mBéal Feirste ar cheist thodhchaí na tíre ina mbeidh cuid mhór páirtithe polaitíochta agus eagraíochtaí páirteach ann. Tá an chomhdháil seo á eagrú ag an SDLP, agus beidh cainteoirí ó Shinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta, Páirtí an Lucht Oibre, Fianna Fáil agus iar-bhall den UUP. Ar a bharr sin beidh ionadaithe ó Shasana, ón Bhreatain Bheag agus ón Alban san áireamh.Is léiriú í an chomhdháil seo agus an fógra seo ó Fhine Gael go bhfuil tuilleadh suime ag daoine agus ag eagraíochtaí a bheith páirteach sna comhráití ar an ábhar seo ná mar a bhí riamh. Aitheantas atá ann, chomh maith, nach mbeidh deireadh leis an phlé seo am ar bith go luath.Dár ndóigh, fiú le tuilleadh rannpháirtithe agus tuilleadh guthanna páirteach sa phlé, tá go leor le socrú agus go leor céimeanna le glacadh sula nglaofar reifreann ar stádas bunreachtúil an oileáin. Luíonn an chumhacht chun reifreann a ghairm le Rialtas na Ríochta Aontaithe tríd an Státrúnaí do Thuaisceart Éireann. Ach, leis an oiread móimintim atá ag bailiú nirt, is dócha go dtiocfaidh an t-am nuair a leagfaidh Rialtas na Breataine amach critéir ar an cheist seo chomh maith.Forbairt eile sa phlé atá san fhógairt seo agus beidh le feiceáil cad iad na cosúlachtaí nó difríochtaí a bheidh sna moltaí a thiocfaidh ó threoirphlean úr Fhine Gael i gcomparáid leis na moltaí agus leis an phlé atá ag tarlú go dtí seo. Léiriú ríshoiléir atá ann go mbeidh an t-ábhar seo go láidir i mbéal an phobail amach anseo agus go mbeidh ar pháirtithe polaitíochta agus ar eagraíochtaí eile ullmhú i dtreo na gcomhráite seo sna blianta atá amach romhainn.Foclóir:treoirphlean = blueprint/framework comóradh = commemoration/anniversaryplécháipéisí = discussion papersindéanta = feasible/achievablemóimintim = momentumrannpháirtithe = participantsStátrúnaí = Secretary of Stateríshoiléir = crystal clear/very clear