Pléifear ceisteanna a bhaineann le forbairt an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030 nuair a thiocfaidh an Coimisinéir Teanga Séamas Ó Concheanainn os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge i dTithe an Oireachtais inniu.Tá sé de dhualgas ar an stát faoin reachtaíocht teanga plean náisiúnta a chur i bhfeidhm trína ndéanfaí comhordú ar straitéis náisiúnta an Stáit chun seirbhísí poiblí i nGaeilge a fheabhsú.Faoin leagan leasaithe d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 tá trí mhórsprioc luaite.Ar an gceann is suntasaí tá an fhoráil go mbeidh 20 faoin gcéad d’earcaigh nua sa tseirbhís in ann gnó a dhéanamh as Gaeilge faoin 31 Nollaig 2030.Sprioc eile is ea córas caighdeán teanga a chur i bhfeidhm a leagfadh dualgas níos soiléire ar chomhlachtaí poiblí maidir le freastal ar an bpobal trí Ghaeilge.Chomh maith leis sin, tá ar chomhlachtaí poiblí 20 faoin gcéad dá gcuid fógraíochta in aon bhliain amháin a bheith i nGaeilge, agus caiteachas ar luach 5 faoin gcéad dá mbuiséad bliantúil fógraíochta a chaitheamh ar fhógraíocht ar na meáin Ghaeilge.Glacadh leis na leasuithe sin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 ach ag an am bhí buairt ar ghníomhaithe teanga go ndéanfaí iarracht teacht ar bhealaí chun na cuspóirí a mhaolú. Táthar fós ag fanacht ar chóras na gcaighdeán teanga a bhí le bheith i bhfeidhm faoi dheireadh 2024. Dúradh le Coiste Oireachtais na Gaeilge níos luaithe i mbliana go raibh tús le cur le próiseas comhairliúcháin, rud a chuirfidh moill eile ar an gcóras nua.Cuireadh Bille Údarás na Gaeltachta faoi bhráid na Dála i mí na Bealtaine, agus glacadh le leasuithe ar an gcuspóir earcaíochta 20 faoin gcéad agus na dualgais fógraíochta i nGaeilge.Faoin Acht, áirítear go mbeadh “20 faoin gcéad ar a laghad den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí inniúil” ar an nGaeilge ach faoin leagan leasaithe cuirtear daoine atá ag obair sa chóras cheana féin san áireamh.Ó thaobh dhualgas na fógraíochta Gaeilge, ní bheidh feidhm ag alt 10 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla maidir le fógraíocht ar sheirbhís craolacháin closamhairc, ar sheirbhís meán closamhairc ar éileamh, nó ar sheirbhís craolacháin fuaime, lena gcuirtear clár chun cinn. Tá amhras anois an bhféadfadh comhlachtaí Stáit a bhfuil cainéil acu ar na meáin shóisialta díolúine a fháil ó na freagrachtaí atá orthu fógraíocht a chur ar fáil trí Ghaeilge.Tuigtear go ndéanfar plé ag cruinniú an Choiste ar chuid de na ceisteanna seo chomh maith leis an dul chun cinn, nó an easpa dul chun cinn, atá déanta i dtaobh an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030.TithíochtTá ceisteanna ardaithe faoi dhréacht-ráiteas pleanála an Rialtais a foilsíodh ar na mallaibh.De réir an ráitis bheadh ar iarratasóirí Gaeltachta atá ag lorg cead chun teach aonair a thógáil ina gceantair dhúchais a bheith ina gcónaí taobh istigh de thrí chiliméadar ón suíomh nua ar feadh cúig bliana má tá Gaeilge acu, agus ar feadh deich mbliana mura bhfuil Gaeilge acu.Ach deirtear freisin go mbeadh “solúbthacht” ag údaráis phleanála maidir leis na srianta seo “de réir phrionsabal na saorghluaiseachta cainteoirí Gaeilge idir na Gaeltachtaí”.Ag labhairt dó le Scéal, dheimhnigh an Teachta Dála Seán Kyne ó Fhine Gael go mbaineann na forálacha solúbthachta seo - ar a dtugtar “Aitheantas Idir-Ghaeltachta” - le hiarratasóirí atá ag bogadh ó cheantar Gaeltachta i gcontae amháin go ceantar Gaeltachta i gcontae eile.Tá doiléireacht ag baint leis an bhforáil mar go dtuigtear dá réir go bhféadfadh níos lú srianta a bheith roimh chainteoir Gaeilge teach aonair a thógáil i gcontae eile ina bhfuil Gaeltacht ann ná ina cheantar dúchais.Dúirt an Teachta Kyne go mbeadh na rialacha molta mar atá dréachta ina gcéim siar do chúrsaí pleanála i gContae na Gaillimhe ach bhí súil aige go ndéanfaí leasú orthu sula gcuirfí i bhfeidhm iad.“Bheadh sé seo ina chéim siar ó thaobh na pleanála de i nGaillimh, agus beidh gá le soiléireacht sna míonna amach romhainn sula gcuirfear na hathruithe seo i bhfeidhm ina n-iomláine,” a dúirt sé.“Ní bhainfeadh na rialacha maidir le gluaiseacht idirchontae ach le cainteoirí Gaeilge - tá sé sin tábhachtach é sin a rá ar dtús.“Ach féach, is féidir na mionsonraí sin a chíoradh agus a shoiléiriú sula dtiocfaidh na rialacha nua i bhfeidhm ina n-iomláine.”Ag labhairt dó le Scéal, dúirt Donncha Ó hÉallaithe ón ngrúpa feachtais tithíochta BÁNÚ, go raibh na forálacha molta maidir le hAitheantas Idir-Ghaeltachta “craiceáilte” agus gur chóir athbhreithniú a dhéanamh air seo in éindí leis na rialacha molta maidir leis an gcéatadán de thithe i bhforbairtí il-aonaid a chuirtear i leataobh do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht.“Tá an chuma air, maidir leis an mír faoi Aitheantas Idir-Ghaeltachta, nár smaoinigh siad ar na himpleachtaí a bhaineann leis má chiallaíonn sé go mbeadh sé níos éasca do dhuine as Gaoth Dobhair teach a fháil i gCois Fharraige ná duine as Leitir Mór mar shampla.”
Pleananna náisiúnta don Ghaeilge fós idir chamáin
Tá neart go fóill le socrú maidir le seirbhísí Gaeilge agus ceist na tithíochta sa Ghaeltacht
792 words~4 min read






