Tá “imní” ar an ngrúpa feachtasaiochta Bánú nach gcuirfear riachtanais teanga na Gaeltachta san áireamh i ráiteas náisiúnta pleanála a gealladh ar dtús in 2021.Tá feachtasóirí ag éileamh gníomh ón Rialtas chun tabhairt faoi rátaí diúltaithe iarratais phleanála agus ceisteanna infreastruchtúir atá ina mbaic mhóra ar phobal na Gaeltachta cóiríocht chuí a fháil ina gceantair féin.Teastaíonn uathu go leagfar dualgas reachtúil ar Comhairlí Contae i dtaobh caomhnú na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht.“Tá Bánú le hiarraidh ar an Aire Tithíochta, Ráiteas Náisiúnta Pleanála as féin a eisiúint don Ghaeltacht, mar a bhí geallta go minic le cúig bhliana anuas,” a dúirt Aedraen Ó Dubhghaill, urlabhraí don bhrú-ghrúpa i ráiteas. Teastaíonn ón mbrú-ghrúpa go gcuirfear próiseas comhairliúcháin ar bun, “le go bhfaighfear aiseolas faoina bhfuil beartaithe ó na páirtithe leasmhaire cuí, go speisialta ó phobail na Gaeltachta.”Cháin Bánú tuairisc ag an deireadh seachtaine ina ndúradh go mbeadh srianta “níos géire” ar iarratais pleanála do thithe aonair i gceantair Ghaeltachta ná mar a bheadh i gceantair eile.“Cúis iontais” a bhí sa tuairisc go gcaithfeadh cainteoirí Gaeilge a bheadh ag iarraidh cead tógála sa nGaeltacht a bheith ina gcónaí ar feadh cúig bliana taobh istigh de thrí chiliméadar ón suíomh.“Más fíor é seo, beidh sé níos deacra do chainteoirí Gaeilge atá ag iarraidh cur fúthu sa nGaeltacht cead pleanála a fháil, ná mar atá faoi láthair,” a dúirt Ó Dubhghaill. “Ní réiteofar an ghéarchéim tithíochta sna ceantair Ghaeltachta, trí shrianta mar sin a chur i bhfeidhm ar chainteoirí Gaeilge atá ag iarraidh teach a thógáil dóibh féin i gceantar ina bhfuil an Ghaeilge in úsáid.” “Léiríonn sé go bhfuil easpa tuisceana ar an bhfadhb sa Roinn Tithíochta.”TradFest ag ceiliúradh na cláirsí ar Oileán na CruiteBeidh ceiliúradh speisialta ar cheol, ar fhilíocht agus ar oidhreacht na cruite ar siúl ar Oileán na Cruite i nDún na nGall an mhí seo chugainn.Imeacht nua de chuid TradFest atá san fhéile dhá lá a thitfidh amach an 17 agus an 18 Iúil agus a dhíreoidh ar ról na cláirsí in oidhreacht chultúrtha na hÉireann. Tá ainm an oileáin féin, An Chruit, mar inspioráid ag an imeacht agus beidh meascán de cheol traidisiúnta, scéalaíocht, filíocht agus cainteanna cultúrtha mar chuid den chlár.I measc na bpríomhimeachtaí beidh ceolchoirm oscailte dar teideal Oscail an Doras, a thabharfaidh ceoltóirí, filí agus scéalaithe le chéile chun tús a chur leis an deireadh seachtaine. Beidh seisiún eile, Scéal na Cruite, a fhiosróidh stair agus tábhacht na cruite in Éirinn, agus cuirfear filíocht agus ceol le chéile ag imeacht meán lae dar teideal Lón Anama.Críochnófar an fhéile le ceolchoirm speisialta, Macalla na Mara, ina gcuirfear saothar nua ceoil i láthair atá spreagtha ag an fharraige agus ag an dúlra.Beidh leithéidí Stephen Rea, Michelle Mulcahy, Louise Mulcahy, Lauren Ní Néill, Cathal Ó Searcaigh, Cormac De Barra, Lisa Lambe, Mairéad Ní Mhaonaigh, Maighread Ní Dhomhnaill agus Neil Martin páirteach san imeacht.Tá Oileán na Cruite suite amach ó chósta thiar Dhún na nGall, gar do Chionn Caslach, agus tá nasc láidir aige le traidisiúin cheoil agus chultúrtha an cheantair. Is i séipéal Naomh Muire agus i Halla Mhuire i gCionn Caslach a bheidh cuid mhór de na himeachtaí ar siúl.Gearrliosta Ardán 2026 fógarthaChuir breis agus 60 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta as gach cearn den tír breis agus 100 iontráil isteach ar chomórtas Ardán 2026, rud a chiallaíonn gurbh é an rannpháirteachas is airde riamh é i gcomórtas náisiúnta de chuid Ghlór na nGael.Fógraíodh an ghearrliosta ar an chlár Barrscéalta, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Déardaoin seo caite.Bronnfar duaiseanna ar gach grúpa a bhfuil áit bainte amach acu ar an ghearrliosta.Tá duaischiste €83,000 le bronnadh ar bhuaiteoirí an chomórtas: €20,000 don chéad áit, €10,000 don dara háit, chomh maith le duaiseanna in ocht gcatagóir eile. Bronnfar deich nduais aitheantais speisialta chomh maith.Is iad na hocht gcatagóir de chuid an chomórtais ná An Óige; An Teaghlach; An Ghaeltacht; Oideachas; Tacaíochtaí Pobail agus Folláine; Gnó agus Fiontraíocht; Labhairt na Gaeilge; agus Caomhnú Comhshaoil agus Caomhnú Oidhreachta.Bhí ionadaithe de chuid Ghlór na nGael, Brian Ó Gallachóir agus Seán Ó Cuirrín, i láthair i stiúideonna Raidió na Gaeltachta chun fógairt mhór Ardán 2026 a dhéanamh.Dúirt Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Rannóg Pobal agus Fiontraíochta Ghlór na nGael:“Ábhar misnigh dúinn uilig an ardspéis atá léirithe ag pobail na Gaeilge agus pobail na Gaeltachta sa chomórtas seo. Tá muid ag súil go mór anois le comhdháil iontach spreagúil mar chuid den mholtóireacht phoiblí a bheas againn i nGaillimh i mí Mheán Fómhair. Tá tús láidir curtha leis an chomórtas nua agus gabhaim comhghairdeas le gach grúpa a bhain áit amach ar an ghearrliosta agus go deimhin le gach grúpa a chuir isteach ar an chomórtas, go háirithe iad siúd nach raibh páirteach i gcomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael roimhe seo. Tá súil agam go mbeidh muid in ann an comórtas a leathnú amach sna blianta atá amach romhainn chun gur féidir linn níos mó grúpaí a thabhairt isteach ann.”Beidh Ardán 2026 ar siúl in Óstán Chonnacht, Gaillimh, ar an 19 Meán Fómhair 2026. - Iriseoirí Scéal
“Imní” ar Bánú faoi riachtanais teanga
Na Ceithre hAirde: ráiteas náisiúnta pleanála; Tradfest; Gearrliosta Ardán 2026 fógartha.
831 words~4 min read






