Tá sé ráite ag an Aire Gnóthaí Eachtracha Helen McEntee go bhfuil machnamh á dhéanamh ag Fine Gael ar an fhéidearthacht go seasfaidh an páirtí iarrthóirí i dtoghcháin Thuaisceart Éireann amach anseo. Rinneadh an ráiteas mar chuid de fhreagra ar cheist faoin treoirphlean atá á fhorbairt ag Fine Gael ar athaontú an oileáin, agus dúradh go bhfuil go leor plé ag tarlú ar ábhair nach raibh san áireamh go dtí seo.Ní fios go fóill an ndéanfaidh Fine Gael amhlaidh, nó an gcuirfidh siad i bhfeidhm aon ghníomh eile a bheidh sa treoirphlean seo atá le foilsiú in am d’Ard-Fheis an pháirtí i mí na Samhna. Ach, dá mbeadh siad dáiríre faoi ghníomhú ó thuaidh, bheadh go leor le foghlaim acu ó na heispéiris a bhí ag páirtithe eile a rinne iarrachtaí dul chun cinn a dhéanamh sa dlínse go dtí seo.Rinne Fianna Fáil roinnt iarrachtaí thar na blianta an páirtí a fhorbairt sna sé chontae agus, idir dhúshlán amháin agus eile, níor tháinig aon rud suntasach amach as na hiarrachtaí sin. Osclaíodh oifig de chuid Fhianna Fáil sa Tuaisceart siar in 2010, agus in 2018 bhí aighneas ann maidir le hiarrthóirí a sheasamh sna toghcháin áitiúla. Bliain ina dhiaidh sin, rinneadh comhaontú leis an SDLP maidir le comhoibriú agus tacú le chéile. Ba é seo an iarracht is mó a rinne mórpháirtí ón deisceart tionchar a imirt ar chúrsaí sa Tuaisceart, ach socrú míchompordach a bhí ann don dá pháirtí ón tús le go leor baill shinsearacha sa dá ghrúpa éiginnte faoin chur chuige. Sa deireadh, tháinig deireadh measartha tobann leis an socrú, agus ní raibh mórán de chaint faoi chomhoibriú ar bhonn oifigiúil ann ó shin.Is é Sinn Féin an t-aon pháirtí mór atá in ann seasamh ar dhá thaobh na teorann i láthair na huaire, ach in amanna cruthaítear deacrachtaí dóibh siúd fosta agus iad ag iarraidh an dá thrá a fhreastal. Le dhá chóras atá an-éagsúil óna chéile, agus le róil mar pháirtí comhrialtais ó thuaidh agus páirtí freasúra ó dheas, bíonn sé dúshlánach do Shinn Féin leanúnachas a chinntiú ar bhonn uile-oileánda i gcónaí. Is mar gheall go bhfuil fréamhacha seanbhunaithe acu sa dá dhlínse is féidir leo an dúshlán seo a shárú, rud nach mbeadh ag Fine Gael dá ndéanfadh siad iarracht déanamh amhlaidh.Ar bhealach, an dúshlán is mó a bheadh ann d’Fhine Gael nó d’Fhianna Fáil seasamh i dtoghcháin ó thuaidh ná nach bhfuil bearna ann dóibh faoi láthair - bíonn an cheist bhunreachtúil fós lárnach sna cinntí a dhéanann vótóirí an Tuaiscirt, fiú agus ceisteanna eile i mbéal an phobail chomh maith.Idir Sinn Féin, an SDLP agus, go pointe, Aontú, tá go leor roghanna ag náisiúnaithe maidir le cá háit ar mhaith leo vóta a chaitheamh. Is i measc na n-aontachtóirí a bheadh an deis ann, ach, dar ndóigh, ní bheadh mórán de sheans ag páirtithe an deiscirt dul chun cinn a dhéanamh sa sciar sin den phobal. Cé go bhfuil sé á rá le fada an lá go bhfuil spás ann do pháirtí polaitíochta aontachtach a mbeadh dearcthaí níos liobrálaí acu ná mar atá ag an UUP nó ag an DUP i láthair na huaire, níl an chuma ar an scéal go dtiocfaidh ann don rogha sin am ar bith go luath.Beidh toghcháin don Tionól agus do na Comhairlí Áitiúla ar siúl i mí Bealtaine 2027. Grianghraf: Paul Faith/AFP/Getty Images Ceapadh go dtiocfadh le Páirtí na Comhghuaillíochta an bhearna a líonadh agus is dócha gur vótóirí de chúlra aontachtach is cúis le cuid mhór den den bhorradh a tháinig ar an pháirtí le roinnt blianta anuas. Ach tá baol anois ann nach leanfar leis an fhás sin agus aontachtóirí ar lorg ionadaithe atá níos láidre ar cheist an Aontais. Mar pháirtí atá iomlán neodrach ar an cheist bhunreachtúil, ní féidir le Páirtí na Comhghuaillíochta an meon sin a shásamh a thuilleadh.Dá mbeadh deis ag aon pháirtí dul chun cinn a dhéanamh sna sé chontae i láthair na huaire, seans gur ón taobh eile de Mhúir Éireann a bheadh siad ag teacht.Tá ráite go minic ag an duine a bheidh ina Phríomh-aire ar an Ríocht Aontaithe go luath, Andy Burnham, go gcreideann sé gur chóir tuilleadh béime a chur ar an déabhlóid agus tuilleadh cumhachta a thabhairt do na réigiúin. Sa chomhthéacs seo, dúirt sé fosta gur cheart do Pháirtí Lucht Oibre na Breataine deireadh a chur leis an chosc atá acu ar iarrthóirí seasamh sa Tuaisceart. Mar sin, an é sin an deis is fearr a bheadh ag aontachtóirí liobrálacha vóta a chaitheamh d’iarrthóirí a bheadh ionadaíoch ar a gcuid dearcthaí faoin bhunreacht agus faoin tsochaí trí chéile?Fiú sa chás sin, togra fadtéarmach a bheadh i gceist agus tá go leor dúshlán roimh an pháirtí - athrú ceannasaíochta ina measc - gan trácht ar fhás i ndlínse úr chomh maith. Tuigfidh siad ó na torthaí ísle a bhíonn ag an Pháirtí Coimeádach i dtoghcháin an Tuaiscirt le blianta fada anuas nach mbeadh sé furasta bogadh isteach sa spás sin ach an oiread.Agus toghcháin don Tionól agus do na Comhairlí Áitiúla ar siúl i mí Bealtaine 2027, ní dócha go bhféadfadh aon pháirtí úr mórán dul chun cinn a dhéanamh sa Tuaisceart roimhe sin. Amach anseo, áfach, agus an oiread comhráite ag tarlú faoi na hathruithe atá le teacht ar na hoileáin seo ar fad, tá seans láidir ann go dtiocfadh athrú ar an tírdhreach polaitíochta i ngach dlínse, go háirithe Tuaisceart na hÉireann.Foclóir:treoirphlean = roadmap/strategic plandlínse = jurisdictioncomhghuaillíocht = alliancedéabhlóid = devolutionsciar = section/segmentborradh = surge/growthleanúnachas = continuityaighneas = dispute/controversytírdhreach = landscape