Bhí orm fanacht ar feadh dhá oíche i gcathair na Gaillimhe do chomhaireamh na vótaí i bhfothoghchán Ghaillimh Thiar ag deireadh mhí Bhealtaine. D’oscail mé ceann de na hardáin áirithintí ar mo ríomhaire. Is beag nár thit mé as mo sheasamh nuair a chonaic mé na praghsanna a bhí á ngearradh ag tithe ósta sa chathair. Cúpla céad euro in aghaidh na hoíche do dhuine amháin an t-íosmhéid. Agus níos mó ná €300 do ghnáth-óstán. Nuair a bhreathnaigh mé ar na praghsanna ar Airbnb, ní raibh aon faoiseamh le fáil. Mhothaíos go raibh mé céasta go hiomlán ag na praghsanna sin cé nach mise - ach an eagraíocht ársa seo - a bheadh ag íoc an bhille ag deireadh an lae. Fós féin, ní fhéadfainn aon áirithint a dhéanamh, go háirithe i mo chathair dhúchas féin. Réabadh iomlán a bheadh ann don Ghaillmheach seo. So d’fhan mé le mo dheirfiúr agus a teaghlach, gan na pinginí móra a chaitheamh!Ar bhealach bheifeá ag súil go mbeadh praghsanna arda i nGaillimh. B’fhéidir an rud a chuir ionadh orm ná líon na dtithe agus na n-arasán a bhí fógraithe, le haghaidh cuairteanna gearra, agus na táillí a raibh siad ag gearradh. Chonaic tiarnaí talún in áiteacha cosúil le Baile Átha Cliath agus Gaillimh go bhféadfadh siad i bhfad níos mó airgid a dhéanamh ag ligint amach réadmhaoin ar AirBnb ná go tionontaí fadthéarmachaAgus is ansin atá an cheist ag croí na coimhlinte idir dhá earnáil ríthábhachtacha i saol na hÉireann: tithíocht agus turasóireacht. Sna seanlaethanta an rogha a bhí ann do thurasóirí ná teach ósta nó teach lóistín (leaba agus bricfeasta). Cinnte bhí tithe saoire ar cíos ach bhí céatadán beag den mhargadh acu. Ach seo sampla eile den teicneolaíocht ag briseadh isteach ar earnáil seanbhunaithe. Thug teacht AirBnB agus booking.com deis do dhaoine tithe, arasáin agus fiú seomraí a ligean amach ar cíos go gearrthéarmach. Bhí éascaíocht ag baint leis an próiséas don úinéir agus don turasóir, a bhuíoch leis an teicneolaíocht.Ach ní hamháin go raibh láthair nua á oscailt. Chonaic tiarna talúin in áiteacha cosúil le Baile Átha Cliath agus Gaillimh go bhféadfadh siad i bhfad níos mó airgid a dhéanamh ag ligint amach réadmhaoin ar AirBnb ná go tionontaí fadthéarmacha.Má fhéachann tú ar an líon réadmhaoine atá á bhfógairt ar ardáin cosúil le Airbnb agus Booking.com, tá an figiúr os cionn 34,000.Is gearr go raibh cuspóir pholasaithe an Rialtais i leith tithíochta agus i leith turasóireachta ag teach salach ar a chéile, gan aon réiteach simplí ar an scéal. Bhí brú ar na húdaráis rud éigin a dhéanamh faoi. Breis agus deich mbliana ó shin a tugadh isteach rialacha maidir le ligean gearrthéarmach in Éirinn, ach is ábhar suntais é gur beag aird a tugadh orthu ó shin.Tá na rialacha cosúil go maith leis na rialacha atá i bhfeidhm i dtíortha eile san Eoraip, go háirithe sna cathracha móra. Mar shampla, i bPáras nó i Londain, ní féidir teach ná árasán a ligean ar bhonn gearrthéarmach ach ar feadh 90 lá sa mbliain.Tá an prionsabal céanna maidir le huas-thréimhse de 90 lá i bhfeidhm in Éirinn. Má sháraítear é, caithfear iarratas pleanála a chur isteach. Ach, faraor, is léir nach raibh aon phionós i ndán don té a rinne neamhaird ar an riail sin. Bhí bunús maith leis na rialacha. Bhí an ghéarchéim tithíochta ag dul chun donais in Éirinn agus, ag an am céanna, bhí tithe a bhíodh á ligean do thionóntaí fadtéarmacha á mbaint den mhargadh agus á n-iompú go tithe saoire. Bhí ceithre oiread níos mó ioncaim le déanamh as teach saoire ná mar a dhéanfá as gnáthchíos, go háirithe in áiteanna a mheallann turasóirí.Mar sin, cén fáth nár cuireadh na rialacha i bhfeidhm, agus cén fáth nár cuireadh an riachtanas maidir le cead pleanála i bhfeidhm?Baineann sé leis an gcoimhlint sin agus an fhírinne lom pholaitiúil go raibh na polaiteoirí go léir ar aon intinn faoin réiteach. Bhí páirtithe na heite clé i bhfabhar na srianta nua den chuid is mó, ach ní raibh Fianna Fáil ná Fine Gael chomh diongbháilte ná gearr leis, go háirithe na Teachtaí ó Chiarraí, Ghaillimh, Mhaigh Eo agus Chathair Bhaile Átha Cliath.Chuaigh rialtais áirithe i ngleic leis trína n-iarrachtaí idirdhealú a dhéanamh idir ceantair mhóra daonra agus bailte níos lú. Ar dtús, bhí sé i gceist go mbeadh na rialacha níos déine i bhfeidhm i mbailte agus cathracha a raibh níos mó ná 10,000 duine ina gcónaí iontu — an riail 90 lá, riachtanais phleanála agus, i gcásanna áirithe, diúltú cead pleanála má mheasfaí go raibh géarghá níos mó le tithíocht.Ach ghin sé sin clampar mór i measc cúlbhinseoirí an rialtais, agus Teachtaí tuaithe. Ina measc bhí Michael Healy-Rae, a bhfuil Cill Airne ina toghcheantar aige. Is í Cill Airne an ceann scríbe turasóireachta is mó in Éirinn. Bheadh impleachtaí móra ag na rialacha ar an tionscal turasóireachta ansin.Mhaígh Healy-Rae go mbeadh sé éagórach rialacha chomh dian sin a chur i bhfeidhm ar áiteanna a bhí ag brath go mór ar thurasóireacht.Léirigh an méid a d’fhógair an rialtas an tseachtain seo caite gur ghéill siad do thuairimí amhail iad siúd a nochtaigh Healy-Rae. Ardaíodh an tairseach daonra go 20,000, rud a fhágann go bhfuil formhór na mbailte turasóireachta lasmuigh den chóras níos déine.Faoi na rialacha nua, tá chuile seans ann go ndiúltófaí cead pleanála in áiteanna ina bhfuil brú mór ar thithíocht nó cíosanna arda (Baile Átha Cliath ach go háirithe). Cothóidh sé sin a lán cur agus cúiteamh agus reacht feirge. Táim cinnte - má dhiúltaítear cead pleanála - go mbeidh roinnt úinéirí ag maíomh sna cúirteanna gur cinneadh treallach éagórach a rinneadh, beag beann ar a gcearta réadmhaoine.Ná déan dearmad go bhfuil na rialacha deich mbliana ar an bhfód gan iad a chur i bhfeidhm. Táim idir dhá chomhairle idir iad a bheith ag teacht isteach go hiomlán ag deireadh na bliana, nó iad fágtha ar leataobh ar feadh deich mbliana eile!Foclóir:fothoghchán = by-electionfaoiseamh = reliefréadmhaoin = property/real estateseanbhunaithe = long-establishedcúlbhinseoirí = backbencherstairseach = thresholdtreallach = arbitrarydiongbháilte = resolute/firmidirdhealú = distinction/differentiation