Faoi dheireadh, tar éis an tír a bheith céasta leis an moill, d’fhógair an Rialtas an tseachtain seo caite go bhfoilseofar Bille na gCríoch faoi Fhorghabháil agus go mbeidh sé achtaithe roimh bhriseadh an tsamhraidh. Ar bhealach is sop in áit na scuaibe a bhí ann. Níorbh é an botún ba mhó a rinne an rialtas gur fágadh seirbhísí ar lár, ach an mhoill as cuimse a thóg sé cinneadh a dhéanamh chun é a chur faoi bhráid an Oireachtais.Breis agus dhá bhliain ó shin, i dtús na bliana 2024, chaith an comhrialtas céanna d’Fhianna Fáil agus Fine Gael tamall ag plé an Bhille le Frances Black. Ise a d’fhoilsigh an chéad dréacht sa bhliain 2018. Gan dabht bhí fadhbanna leis, agus bhí gá lena leasú chun go mbeadh sé bunreachtúil, ach ní raibh na fadhbanna sin dosháraithe.Ag an am sin, ní raibh aon rialtas eile san Eoraip tar éis reachtaíocht den chineál seo a chur chun cinn, agus bheadh Éire ceannródaíoch cróga dá mbeadh sé de dhánacht ag an Rialtas an reachtaíocht a fhoilsiú. Ach ní raibh an Rialtas ag iarradh dul sa seans leis. Dúirt siad arís agus arís eile go raibh fadhbanna teicniúla ag an mBille Príobháideach a d’fhoilsigh Black. Ach bhraith tráchtairí go raibh drogall ar an Rialtas bogadh ar aghaidh leis nuair nach raibh reachtaíocht ar na bacáin ag aon bhall eile den Aontas Eorpach. Agus uachtarán chomh místuama le Donald Trump sa Teach Bán, bhí faitíos ann go gcuirfí smachtbhannaí géara i bhfeidhm, taraifí go háirithe.Seanfhear i measc smionagair foirgnimh scriosta i Nahhalin, sa Bhruach Thiar faoi fhorghabháil. Dúirt údaráis Iosrael gur tógadh an foirgneamh gan cead pleanála agus leagadar an teach. Cuireadh teaghlach Palaistíneach amach ar an mbóthar dá bharr. Grianghraf: Mosab Shawer/AFP via Getty Images Easpa misnigh a bhí ann gan an reachtaíocht a chur chun cinn ag an am, fiú mura mbainfeadh sí ach le hearraí ón mBruach Thiar faoi forghabháil agus ní le seirbhísí.Chun a cheart a thabhairt do rialtas na hÉireann, tá sé ar cheann den bheagán rialtas san Eoraip a labhair amach go hoscailte faoi chinedhíothú Iosrael in Gaza. As na 27 mballstát den Aontas Eorpach, níl ach ceithre nó cúig cinn a sheas an fód go láidir agus a léirigh an chrógacht chéanna. Sa Dáil an tseachtain seo caite, rinne Micheál Martin gearán nach dtugann an freasúra aon chreidiúint don rialtas as cuid de na seasaimh atá glactha aige.Níl sé mícheart. I gcomparáid le formhór na dtíortha eile san Eoraip, tá seasamh na tíre seo ar Gaza eisceachtúil agus radacach. Bhí Éire ar cheann de na chéad tíortha a thug coireanna cogaidh chun suntais. Bhí sí ar cheann de na chéad tíortha freisin a thug cinedhíothú ar an slad a bhí ag tarlú in Gaza. Go náireach, tá fós a lán tíortha san Eoraip — an Ghearmáin, an Ostair agus an tSlóvaic ina measc — ag tabhairt neamhaird ar an uafás atá ag tite amach in Gaza. É sin ráite, tá sé deacair a thuiscint cén fáth ar chuir an rialtas moill chomh fada sin leis an mbille.Beagnach gach ráithe ó shamhradh 2024, tugadh le fios go raibh babhta eile comhairliúcháin leis an Ard-Aighne ag tosú. Dhá bhliain tar éis don rialtas gealltanas a thabhairt an reachtaíocht a dhréachtú, tá an reachtaíocht anois á hullmhú ag an Aire Gnóthaí Eachtracha Helen McEntee le gealltanas go mbeidh sí achtaithe faoin samhradh. An rud atá tar éis tarlú idir an dá linn ná gur lig Éire do thíortha eile san Eoraip dul céim chun tosaigh uirthi.Idir an dá linn, bhog an díospóireacht ar aghaidh. Dhá bhliain ó shin níor chosúil go mbeadh an méid sin cáinte ann dá bhfágfaí seirbhísí as an áireamh. Ach mar gheall ar na moilleanna go léir tá sciar mór den phobal (agus polaiteoirí) ag éileamh anois go mba chóir go mbeadh seirbhísí san áireamh.Má bhreathnaítear ar an gceist go réalaíoch, ní pionós airgid nó smachtbhannaí a bhí i gceist. Fiú le reachtaíocht a chuirfeadh cosc ar earraí agus seirbhísí, bheadh siad fós ar fáil (go teoiriciúil) in Éirinn. An chúis taobh thiar de sin ná go mbeadh fáil orthu fós i dtíortha eile san Aontas Eorpach. Dá dheasca sin, d’fhéadfaí iad a dhíol nó a thairiscint in Éirinn go hindíreach trí iad a bhogadh isteach ó thíortha eile san Aontas. Ná déan dearmad go mbeadh an méid airgid a bheadh i gceist thar a bheith beag. Is rud siombalach don chuid is mó atá sa reachtaíocht. An rud atá tar éis tarlú idir an dá linn ná gur lig Éire do thíortha eile san Eoraip dul céim chun tosaigh uirthi.Tá ocht mbliana caite ón lá a chuir Black an Bille Príobháideach os comhair an Oireachtais. I ráiteas an-suntasach a d’eisigh sí an tseachtain seo caite, dúirt Black nach bhfuil sa mhéid atá fógartha ach cosc páirteach ar thrádáil. Dúirt sí go bhfuil cosc ar earraí fisiciúla cosúil le torthaí agus glasraí riachtanach. Tógadh na tailte ó fheirmeoirí Palaistíneacha sa Bhruach Thiar faoi forghabháil.Ach ní leor é sin, a dúirt Black. Rinne sí tagairt don trádáil dholáimhsithe amhail teicneolaíocht agus Airbnb. Dar ndóigh tá sé sin tábhachtach chomh maith. Ní mór a thabhairt faoi deara freisin gur mhol coiste de chuid an Oireachtais go gcuirfí trádáil seirbhísí san áireamh sa Bhille, agus is suntasach freisin gur chuir an Spáinn cosc ar sheirbhísí áirithe (ach ní ar gach seirbhís)An tseachtain seo, rinne an Taoiseach gaisce den argóint go raibh sé ag cosaint jabanna Éireannacha (le comhlachtaí Meiriceánacha lonnaithe anseo). Chuir sé fainic ar an bhfreasúra ag maíomh nár thuig siad an dochar a d’fhéadfadh tarlú dá mbeadh seirbhísí san áireamh sa Bhille freisin. Ag an am céanna, ní fheicim go ndearnadh aon dochar don Spáinn mar gheall ar a reachtaíocht siúd. Tá sé ráite go mbíonn Éire ag brath i bhfad níos mó ar na Stáit Aontaithe, rud atá fíor.Is maith go bhfuil sé ag tarlú anois, cé nach bhfuil an Bille chomh cuimsitheach is a d’fhéadfadh sé a bheith. Ach ní féidir liom éalú ón mothú lárnach sin - tá sé díreach rómhall. Ba chóir an bille sin a bheith foilsithe agus achtaithe in 2025, nuair a bheadh tionchar níos láidre aige agus a rachadh sé i bhfeidhm ar dhaoine, ní hamháin anseo in Éirinn ach ar fud na hEorpa agus, b’fhéidir, ar fud an domhain.Na moilleanna seachas na seirbhísí an peaca mór, dar liom. Foclóir:forghabháil = occupation smachtbhannaí = sanctions cinedhíothú = genocide reachtaíocht = legislation drogall = reluctance/hesitation eisceachtúil = exceptional doláimhsithe = intangible cuimsitheach = comprehensive moill = delay