An mhí seo caite, bhí trí fhoireann Éireannacha san iomaíocht i mbabhtaí leathcheannais URC na bliana seo: Cúige Chonnacht, Cúige Mumhan agus Cúige Laighean. Anois, níl ach ceann amháin acu fágtha sa chomórtas. Beidh súile lucht leanúna an rugbaí dírithe ar Bhaile Átha Cliath Dé hAoine nuair a thabharfaidh Laighin aghaidh ar na Bulls as an Afraic Theas sa chluiche ceannais i bPáirc an Chrócaigh. Bhí díomá ar lucht leanúna Chúige Laighean a thaistil go Bilbao ar an 23 Bealtaine. Bhuail Bordeaux-Begles na Laighnigh i gcluiche ceannais Chorn na gCuradh. 19-41 an scór deiridh a bhí ann. Cuireadh neart ceisteanna i ndiaidh an chluiche faoi dhearcadh Laighean agus faoi chumas imreoirí Leo Cullen. Ach d’fhreagair siad le bua cuimsitheach 59-10 i gcluiche ceathrú ceannais an URC in aghaidh na Lions an tseachtain ina dhiaidh sin agus le bua eile 20-11 i gcoinne na Stormers ag tús mhí an Mheithimh, rud a chinntigh áit sa chluiche ceannais dóibh.Tá foireann thar a bheith cumasach ag na Bulls ag an síneadh amach agus sin an áit a mbeidh siad ag iarraidh brú a chur ar na Laighnigh.Aisteach go leor, athimirt is ea an cluiche seo ar chluiche ceannais URC na bliana seo caite le Laighin agus na Bulls ag tabhairt aghaidh ar a chéile i bPáirc an Chrócaigh arís. Is ag na hÉireannaigh a bhí an bua anuraidh. Thug úid ó Jack Conan, Jordie Barrett, Josh van der Flier agus Fintan Gunne bua 32-7 do na Laighnigh agus bhuaigh siad a gcéad chorn ó 2021. Tá na Bulls sa chluiche ceannais den cheathrú huair le cúig bliana anuas. Bhí bua iontach acu tar éis teacht aniar in aghaidh Glasgow Warriors sa chluiche leathcheannais. Ainneoin go raibh na Bulls ag cailleadh 21-3 ag leath ama, d’éirigh leo an lá a thabhairt leo 22-21 ar deireadh. Is léir mar sin go bhfuil na Bulls réidh do choimhlint mhór agus chuile sheans nach mbeidh mórán idir na foirne ar an Aoine. Ach cén fáth a bhfuil cluiche ceannais an URC i bPáirc an Chrócaigh? Tá buntáiste baile ag Laighin mar gur chríochnaigh siad ag barr an tábla. Níl Staid Aviva ar fáil mar gheall ar cheolchoirm Metallica a bheidh ar siúl ar an Aoine agus ar an Satharn. Tá athchóiriú ar bun faoi láthair ar an RDS. Maidir le Páirc an Chrócaigh, bhí cluichí peile socraithe ag Cumann Lúthchleas Gael don deireadh seachtaine, 20 agus 21 Meitheamh cheanna féin. Is iad sin na cluichí leathcheannais i gCorn Tailteann 2026. Mar sin, socraíodh go n-imreofaí an cluiche rugbaí oíche Dé hAoine, rud a chiallaíonn nach gcuirfí isteach ar chluichí CLG a bhí socraithe don Satharn agus don Domhnach i bPáirc an Chrócaigh. Níor imir Cúige Laighean i gceannáras CLG ó mhí Dheireadh Fómhair nuair a chaill siad ina aghaidh Chúige Mumhan.Ar ndóigh, osclaíodh geataí Pháirc an Chrócaigh don rugbaí cheana nuair a bhí Staid Lansdún á hathfhorbairt idir 2007 agus 2010. Le linn na tréimhse sin, d’imir foireann rugbaí na hÉireann a cuid cluichí baile i gComórtas na Sé Náisiún sa staid cháiliúil. Bhí an bua cáiliúil 43-13 ag Éirinn ar Shasana i bPáirc an Chrócaigh ar cheann de na hócáidí ba mhó i stair rugbaí na tíre.Is iad Laighin rogha láidir na n-údar don Aoine ag an bpointe seo agus an buntáiste baile acu. Tá líon mór imreoirí idirnáisiúnta acu, lena n-áirítear Jamison Gibson-Park, Dan Sheehan, Hugo Keenan agus Caelan Doris. Tá Gibson-Park ar dhuine de na himreoirí is tábhachtaí ag Cullen. Tá sé ag cruthú go hiontach le linn an tséasúir agus is minic a shocraíonn a luas agus a chruinneas luas an chluiche. Is imreoir an-láidir eile é James Lowe ach seo an cluiche deireanach a imreoidh sé do na Laighnigh. Tuigtear go mbeidh sé ag imirt sa tSeapáin an chéad séasúr eile. Ní bheidh sé éasca an bua a fháil ar na Bulls, áfach. Tá siad ar cheann de na foirne is fisiciúla sa chomórtas agus tá roinnt Springboks den scoth acu. Is é Wilco Louw duine de na himreoirí is láidre atá acu agus tá Marco van Staden agus Ruan Nortje lárnach sa phaca. Taobh thiar díobh, tá Canan Moodie agus Willie le Roux in ann cluiche a athrú i bpreabadh na súl. Tá foireann thar a bheith cumasach ag na Bulls ag an síneadh amach agus sin an áit a mbeidh siad ag iarraidh brú a chur ar na Laighnigh. Shroich siad cluichí ceannais an URC cheana féin in 2022, 2024, agus 2025, mar sin tá taithí acu ar an ócáid.D’fhéadfadh cúpla gortú cur isteach ar fhir Laighean. Bhí imní léirithe faoi Joe McCarthy, Dan Sheehan, Tommy O’Brien, Rónan Kelleher, Garry Ringrose, Tadhg Furlong agus Jordan Larmour roimh an gcluiche leathceannais. Tá ceannairí iontacha ag Laighin, cuir i gcás James Ryan, Max Deegan agus Caelan Doris. Beidh Leo Cullen agus lucht tacaíochta an Chúige ag súil le taispeántas foirne sa chluiche ceannais. Má éiríonn leo luas an chluiche a rialú ón tús agus má sheasann siad leis an dúshlán fisiciúil, ba cheart dóibh an lámh in uachtar a fháil. Ach má éiríonn leis na Bulls an cluiche a iompú ina chath cumhachta, cuirfidh sé sin go leor brú ar Chúige Laighean. Maidir leis an bhfoireann ón Afraic Theas, tuigtear go bhfuil an chuid is mó dá bpríomhimreoirí ar fáil agus beidh siad ag teacht go Baile Átha Cliath le muinín tar éis feachtas láidir eile.Táthar ag siúl le cluiche ceannais iomaíoch idir dhá fhoireann le taithí agus aithne mhaith acu ar a chéile. D’fhéadfá a rá go bhfuil Laighin níos láidre le hionadaithe maithe acu atá réidh le teacht isteach agus, ar ndóigh, tá buntáiste baile acu. Ach tá dúshlán rompu leis na Bulls agus beidh fonn díoltais orthu tar éis Cluiche Ceannais an URC a chailleadh anuraidh.Foclóircuimsitheach = comprehensive in ainneoin = despite/notwithstanding athchóiriú = renovation/refurbishment athfhorbairt = redevelopment cáiliúil = famouscruinneas = accuracy/precision
Fonn díoltais ar na Bulls i bPáirc an Chrócaigh
Imreofar Cluiche Ceannais an URC i mBaile Átha Cliath Dé hAoine agus Cúige Laighean mar rogha na coitiantachta











