Tá an grúpa feachtais BÁNÚ ó Ghaeltacht Chonamara ag iarraidh ar Údarás na Gaeltachta torthaí an tsuirbhé tithíochta a rinne siad maidir le héileamh ar thithíocht sa Ghaeltacht a chur os comhair an rialtais. Dar leis an ghrúpa, ba cheart go mbeadh an tÚdarás in ann na torthaí a úsáid le cás láidir a dhéanamh ionas go gcuirfear an maoiniú riachtanach ar fáil don Údarás agus ionas go gcuirfear ar a chumas Rannóg Tithíochta a bhunú, chun gur féidir dul i ngleic le fadhb na tithíochta atá ag cainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht.Is léir ón suirbhé seo go bhfuil cuid mhaith daoine san aoisghrúpa 25-44 ag iarraidh cur fúthu sa Ghaeltacht ach teach a bheith ar fáil dóibh, agus tá sé suntasach fosta gurbh fhearr le beagnach leath de na daoine atá ag lorg tí sa Ghaeltacht go mbeadh sé ar a gcumas teach aonair a thógáil iad féin. Creideann BÁNÚ gur cheart go mbeadh an cead agus na hacmhainní curtha ar fáil ag an rialtas d’Údarás na Gaeltachta chun suíomhanna le seirbhísí a réiteach, a d’fhéadfaí a dhíol ar lascaine €30,000 faoin scéim ‘Réidh le Tógáil’.Deir an grúpa iad féin go bhfuil “an talamh ag an Údarás, agus na sainscileanna agus taithí ag an eagraíocht cheana féin ag cur seirbhísí ar fáil do na heastáit tionsclaíochta agus don iliomad páirceanna gnó sa nGaeltacht. Ós rud é nach bhfuil Comhairle Contae na Gaillimhe sásta úsáid a bhaint as an scéim ‘Réidh le Tógáil’, tá BÁNÚ ag iarraidh ar an Aire Tithíochta aitheantas a thabhairt don Údarás mar áisíneacht a d’fhéadfadh suíomhanna le seirbhísí a fhorbairt i bpobail Ghaeltachta, le freastal ar an éileamh atá ann ó dhaoine teach a thógáil ach gur deacair dóibh teacht ar shuíomh feiliúnach.”Éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge ag fás go mór de réir taighde nuaChuir An Foras Pátrúnachta fáilte roimh fhigiúirí a foilsíodh ó thaighde neamhspleách de chuid Fhoras na Gaeilge an tseachtain seo caite, a léirigh go roghnódh 44% de thuismitheoirí oideachas lán-Ghaeilge ag leibhéal na bunscoile dá bpáistí agus go roghnódh 40% ag leibhéal na hiarbhunscoile é.Thug Ipsos B&A agus Coláiste na Tríonóide faoin taighde seo ina bhfuil ardú suntasach 23% ar na dearcthaí céanna léirithe ó foilsíodh taighde an ESRI, “Dearcadh an Phobail i leith na Gaeilge”, sa bhliain 2015.Tá na torthaí seo ag teacht go láidir le taighde eile a d’fhoilsigh Gaelchultúr agus Údarás na Gaeltachta: “Dearcadh an Phobail i leith Na Gaeilge agus na Gaeltachta”, inár dúradh go roghnódh 49% de thuismitheoirí scoil lán-Ghaeilge dá bpáiste dá mbeadh ceann ar fáil go háitiúil.Dúirt Ard-Rúnaí an Fhorais Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra, go bhfuil sé “soiléir anois go bhfuil an t-éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge i bhfad níos airde ná mar atá aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Óige go dtí seo. Ní féidir neamhaird a dhéanamh a thuilleadh ar an bhfianaise neamhspleách atá ag teacht chun cinn ó iliomad torthaí taighde éagsúla.“Tá sé suntasach gur léirigh An Suirbhé Bunscoile nach roghnódh ach 13% de thuismitheoirí oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, figiúr atá curtha ó bhonn ag an taighde neamhspleách is déanaí. Cad atá an Roinn ag dul a dhéanamh le freastal ar na páistí nach bhfuil a gcuid oideachais á fháil trí mheán na Gaeilge acu faoi láthair, cé gur mian lena dtuismitheoirí go mbeadh?“Má tá an Rialtas dáiríre faoi chur chun cinn na Gaeilge agus faoi rogha oideachais a chur ar fáil do theaghlaigh, caithfear bogadh anois ó thaighde agus ó phleanáil go gníomhartha nithiúla. Tá géarghá le hinfheistíocht i scoileanna nua lán-Ghaeilge agus le straitéis shoiléir chun freastal ar an éileamh atá ag fás.”Scéim meantóireachta Gníomhaí Gaeilge sa tóir ar rannpháirtitheScéim meantóireachta, oiliúna agus gradambhunaithe is ea Gníomhaí Gaeilge a chuireann Conradh na Gaeilge ar fáil do mhic léinn tríú leibhéal ar bhonn bliantúil. Spreagtar mic léinn agus cumainn ollscoile a gcuid Gaeilge a úsáid ar bhealach níos muiníní agus níos gníomhaí, agus leagtar síos spriocanna réalaíocha le cuidiú leis na mic léinn an Ghaeilge a thabhairt isteach ina saol laethúil.Cuirtear meantóir ar fáil do gach mac léinn le breis tacaíochta agus comhairle a chur ar fáil dóibh agus eagraítear cruinnithe rialta le linn na bliana chun dul chun cinn an mhic léinn a mheas.Tá Conradh na Gaeilge sa tóir ar rannpháirtithe don bhliain 2026/27. Más mac léinn 3ú leibhéal thú atá ag iarraidh níos mó Gaeilge a úsáid ar bhonn rialta, nó más duine féinspreagtha tiomanta thú atá ag iarraidh cuidiú le mac léinn a spriocanna a bhaint amach, is féidir cur isteach ar an scéim ag cnag.ie/gg.Tá Gníomhaí Gaeilge maoinithe ag an Údarás um Ard-Oideachas. Is féidir tuilleadh eolais a fháil trí theagmháil a dhéanamh le orlaith.nithuathaigh@cnag.ie.Hugh Carr ar camchuairt chuig na féilte pobail is mó in Éirinn ar TG4Beidh réalta Rann na Feirste Hugh Carr ag tabhairt faoi chamchuairt timpeall na tíre sa tsraith úr Croí na Féile ar TG4, agus é ina oibrí deonach ag cuid de na féilte pobail is mó agus is spleodraí in Éirinn. Tabharfaidh sé aghaidh ar fhéile éagsúil gach seachtain le léargas a thabhairt don lucht féachana ar an mhórobair a bhíonn ar bun ar chúlstáitse agus ar an obair dheonach atá i gcroílár na bhféilte seo.Sna seachtainí amach romhainn, beidh Hugh ag taisteal go Mela i mBéal Feirste, Cruinniú na mBád i gCinn Mhara, Féile na Laoch i gCúil Aodha, Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe, Dorn san Aer i nGaoth Dobhair agus Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste.Ar a bhealach ó cheann ceann na tíre buailfidh Hugh le daoine díograiseacha cruthaitheacha chomh maith le réaltaí móra cosúil le Kneecap, Stephen Rea, Liam Ó Maonlaí, Grooveline, Huartan, Bláthnaid Ní Chofaigh agus Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly.Cuirfear tús leis an tsraith Déardaoin 4 Meitheamh ag 8pm.
BÁNÚ ag iarraidh ar an Údarás cás láidir a dhéanamh ar son na tithíochta
Deir an brúghrúpa gur cheart torthaí suirbhé tithíochta an Údaráis a úsáid mar bhonn le cás láidir a dhéanamh le maoiniú riachtanach a shlánú
941 words~4 min read






