“An bhfuil Kieran Stenson ansin in aon áit?”Ba é sin an fógra poiblí a chualathas i bPáirc an Chrócaigh ar an 19 Iúil 1972. Ní hamháin go raibh Stenson ann ach bhí an máistir poist, arb as an gCúlóg i mBaile Átha Cliath dó, le Muhammad Ali ina sheomra feistis in Ardán Uí Chíosóg. Ach cén chaoi ar tharla sé gur tháinig Muhammad Ali agus Al ‘Blue’ Lewis go Páirc an Chrócaigh ar an gcéad dul síos? Agus cén chaoi ar bhuail Stenson leis an dornálaí clúiteach agus laoch domhanda Ali? Muhammad Ali ag dornálaíocht le Al 'Blue' Lewis i bPáirc an Chrócaigh in 1972. Grianghraf: Don Morley/Allsport/Getty Images Ba é an fear gnó Ciarraíoch, Michael ‘Butty’ Sugrue, a bhí lárnach in Ali a thabhairt go hÉirinn. Bhí an dornálaí ar camchuirt timpeall Shasana i Meán Fómhair 1971 agus thug sé cuairt ar The Wellington - teach tábhairne Butty Sugrue. Bhí Sugrue ag iarraidh ócáid mhór dornálaíochta a eagrú. Bhí ciste tiomsaithe airgid do leanaí faoi mhíchumas intleachta mar chuid den smaoineamh agus dúirt Ali go dtiocfaidh sé go hÉirinn le troid in aghaidh Lewis ar an mbonn sin. Bhí cúis eile ag Ali féin: dúirt sé gur cheart do laoch domhanda troid ar fud an domhain, agus bhí sé tar éis troid sa tSeapáin agus san Eilvéis roimhe sin. Ócáid stairiúil a bhí ann do mhuintir na tíre agus tá cuimhní speisialta ag Stenson ar an tseachtain sin. Chaith Ali thart ar sheachtain i mBaile Átha Cliath roimh an troid mhór ar an 19 Iúil. An Domhnach roimhe sin, chuala Stenson go raibh Ali ag fanacht i gCill Tiarnáin agus thiomáin sé féin, a bhean Angela agus a gcuid páistí amach ansin ag súil go bhfeicfidís é ag Opperman’s Country Club. Nuair a shroich siad an áit, chonaic Stenson Muhammad Ali ag siúl isteach an doras agus rith sé isteach ina dhiaidh. Bhí trí cinn de nóta aon phunt ag Stenson agus d’iarr sé ar Ali a shíniú a chur orthu, rud a rinne sé sula ndeachaigh sé isteach. Bhí a fhios ag Stenson anois go raibh Ali ag fanacht ann. Bheartaigh sé a chuid deartháireacha céile agus a athair céile a thabhairt ann an tráthnóna sin. Cúpla nóiméad ina dhiaidh sin, scaoileadh isteach iad agus is cuimhin le Kieran neart daoine cáiliúla a fheiceáil, an t-aisteoir Peter O’Toole ina measc…Nuair a d’fhill siad ar an óstán, chonaic Stenson Ali ag teacht amach lena dheartháir Rahaman. “Céad Míle Fáilte” a dúirt Stenson leis. Chraith Rahaman lámh leis agus chuir sé in aithne do Muhammad é. D’iarr Kieran air, ar mhiste leis dá dtiocfadh sé féin agus a dheartháir céile ag an traenáil leis agus dúirt sé nár mhiste. Bhí ríméad an domhain orthu bualadh lena laoch. Bhí an-dúil ag Kieran sa dornálaíocht agus é ag fás aníos agus anois bhí an deis aige a bheith i mbun speárála le Muhammad Ali. Al “Blue” Lewis ar a dhroim ar an gcanbhás tar éis buille a fháil ó Muhammad Ali sa cúigiú babhta. Grianghraf: Tommy Collins/The Irish Times I ndiaidh na traenála agus iad ar an mbealach ar ais ó Áth na Sceire, tugadh cuireadh dóibh dul isteach go Mrs Palmers Tearooms agus chaith siad an tráthnóna ag caint agus ag comhrá le Ali agus lena dheartháir. D’ól siad tae agus d’ith siad scónaí sa chistin phríobháideach ansin. Shíl Stenson nach gcreidfeadh éinne a scéal ach scríobh Ali nóta chuige - “To Kieran, From Muhammad Ali. Joe Fraser is a Tramp. I’m the Real Champ. Peace. July 16, 1972.”B’iontach an oíche a bhí acu ach, idir an dá linn, bhí sé cloiste ag roinnt daoine (a bhí sa bhialann mhór) go raibh Muhammad Ali é féin sa chúlchistin. Tháinig bean amháin isteach agus ceamara aici. Bhí sí ag lorg grianghraf le Ali. Ghlac sí an grianghraf freisin de Kieran, a dheartháir céile, Ali agus Rahaman. Sheas fear eile isteach chomh maith ach ní raibh aon aithne acu air. D’fhan siad ann go dtí thart ar a deich a chlog agus shiúil siad ar ais chuig an óstán ansin, áit a raibh athair céile agus deartháir céile Stenson i mbun cainte le traenálaithe Ali, Angelo Dundee agus Bundini Brown, agus lena mháthair. Chuaigh siad abhaile go gairid ina dhiaidh sin - is ar éigean a bhí siad in ann é a chreidiúint!Nóta a scríobh Mohammad Ali do Kieran Stenson i bPáirc an Chrócaigh. Grianghraf: Kieran Stenson Ach níorbh é deireadh an scéil é. Trí lá ina dhiaidh sin, chuaigh Kieran, cuid dá mhuintir agus dá chairde go Páirc an Chrócaigh le breathnú ar an troid. Nuair a chríochnaigh an troid san aonú babhta dhéag le leagan amach teicniúil, chuaigh an slua le báiní agus bhrúigh Stenson agus a dheartháir céile leo i dtreo an tolláin thíos faoi Ardán Uí Chíosóig i ndiaidh Muhammad Ali. D’aithin Kieran duine de na gardaí agus d’éirigh leo dul chomh fada le doras mór dearg, doras an tseomra feistis. Chnag Kieran ar an doras agus nuair osclaíodh é dúirt sé: “Abair le Rahaman go bhfuil Kieran agus Tommy anseo”.Cúpla nóiméad ina dhiaidh sin, scaoileadh isteach iad agus is cuimhin le Kieran neart daoine cáiliúla a fheiceáil - an t-aisteoir Peter O’Toole ina measc - ag fanacht thart taobh amuigh den doras. Tugadh Kieran agus Tommy isteach díreach chuig an seomra feistis, áit a raibh Ali ina luí le linn do Dundee agus Brown a bheith ag tabhairt cuimilt dó. Rinne siad comhghairdeas leis an dornálaí as a bhua. Labhair siad lena chéile ar feadh tamaillín agus d’fhág siad slán aige ansin. Oíche speisialta dhochreidte a bhí ann!Is gearr go mbeidh Katie Taylor ag troid i bPáirc an Chrócaigh agus 82,000 ticéad díolta. Níl aon ticéad ag Kieran Stenson faoi láthair ach b’fhéidir go bhfaighidh sé deis freastal ar throid stairiúil eile fós.Foclóir:camchuairt = tourdornálaíocht = boxingspeáráil = sparringríméad = joy/delighttollán = tunneldochreidte = unbelievable/incredible