Tá imní léirithe ag tuismitheoirí agus ionadaithe poiblí faoi easpa soláthar múinteoirí i mbunscoileanna lán-Ghaeilge.Tuigtear go bhfuil Scoil Chualann i mBré, Contae Chill Mhantáin, ag cailliúint múinteoir ranga príomhshrutha an bhliain seo chugainn.Maítear go gciallaíonn an cinneadh seo go mbeidh ranganna measctha sa scoil le thart ar 36 daltaí – rud atá tar éis imní a chur ar thuismitheoirí.I litir a scríobhadh chuig an Roinn Oideachais - agus atá feicthe ag Scéal - dúirt tuismitheoir gur tháinig an cinneadh chun ról múinteoireachta a bhaint ón scoil salach ar pholasaí na Roinne maidir le múineadh na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.Dúradh sa litir faoin bpolasaí gur leagadh amach “fís shoiléir go mbeidh oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do chách i suíomhanna oideachais cuimsitheacha agus ilchultúrtha.”“Tá sé an-deacair a fheiceáil, áfach, conas is féidir an caighdeán sin a choinneáil i seomra ranga chomh mór sin, go háirithe i nGaelscoil ina bhfuil formhór na bpáistí ag foghlaim trí mheán na Gaeilge mar dhara teanga.”“Leagtar béim sa pholasaí freisin ar “ardchaighdeán seasmhach”, ionas go bhfaigheann gach dalta eispéiris foghlama den scoth. I rang measctha de 36 dhalta, le cumais agus riachtanais éagsúla, bíonn sé i bhfad níos deacra don mhúinteoir an tacaíocht agus an aird aonair atá de dhíth a chur ar fáil.”Dúirt an tuismitheoir freisin gur chreid sí gur chóir go mbeadh cóimheas níos ísle idir múinteoirí agus daltaí a bheith i bhfeidhm i scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht le tacú le forbairt teanga na ndaltaí.Tá an scéal faoi Scoil Chualann tar éis aird a tharraingt i saol na polaitíochta chomh maith agus dúirt an Feisire Eorpach Cynthia Ní Mhurchú ó Fhianna Fáil gur chuir an fógra go laghdófar líon na múinteoirí sa scoil “déistin agus olc” uirthi.Déanann Ní Mhurchú ionadaíocht ar an toghcheantar Éire Theas, a chlúdaíonn Cúige Mumhan agus Deisceart Chúige Laighean - agus tá Scoil Chualann lonnaithe sa cheantar seo.“Maidir leis an scéal seo, cuireann sé iontas orm. Cuireann sé déistin agus olc orm chomh maith go bhféadfadh a leithéid titim amach anois”, a dúirt an Feisire Eorpach agus í ag labhairt le Scéal.“Caithfidh mé a rá nach dtuigim ná fáthanna go bhfuil Scoil Chualann ag cailliúint múinteoir ranga príomhshrutha ach táim buartha faoi. Ba mhaith liom a fháil amach céard iad na cúiseanna taobh thiar den chinneadh seo.”“Tá Scoil Chualann ar an bhfód ar feadh beagnach 50 bliain, tá sí seanbhunaithe agus tá sí tar éis an-chuid a chur isteach sa cheantar, glúin i ndiadh glúine.In ainneoin go bhfuil Ní Mhurchú ina feisire d’Fhianna Fáil, san am atá caite tá sí tar éis a bheith sásta a bheith cáinteach faoi pholasaithe Gaeilge na Roinne Oideachais cé go bhfuil a páirtí mar chuid den rialtas.D’aontaigh an Feisire Eorpach leis na tuairimí a bhí léirithe sa litir agus dúirt sí freisin go raibh sí den tuairim gur tháinig an fógra faoin scoil salach ar chuspóir na Roinne. Dúirt Ní Mhurchú , “Léigh mé an polasaí a thug an t-iarAire Oideachais Helen McEntee isteach Mí na Samhna na bliana seo caite.”“Ag féachaint ar an scéal seo, ní dóigh liom go bhfuil an cinneadh seo i luí le haidhm agus cuspóir na polasaí sin.”“De réir an pholasaí sin, is cosúil go mbeidh oideachas ar ard-chaighdeán trí mheán na Gaeilge ar fáil.”“Ní féidir an cuspóir sin a bhaint amach má tá 36 dhalta in aon rang amháin i nGaelscoil ina bhfuil an Ghaeilge mar dara theanga ag formhór na bpáistí.”Agus an feachtas chun brú a chur ar an Stát bonn reachtúil a chur faoi sholáthar na Gaelscolaíochta ar bun, dúirt An Foras Pátrúnachta inné nach bhfuil fáil ag breis is 65,000 páiste bunscoile ar Ghaelscoil de réir fhigiúirí shuirbhé na Roinne Oideachais agus Óige.D’fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Óige suirbhé ar thuismitheoirí maidir lena roghanna i ndáil le héitis chreidmheacha scoileanna i mí Aibreáin, a d’iarr orthu arbh fhearr leo go bhfreastalódh a bpáistí ar scoil lán-Ghaeilge nó lán-Bhéarla, nó ar scoil aonghnéis nó mheasctha.Dúirt 13% de thuismitheoirí le páistí i mbunscoileanna lán-Bhéarla go roghnódh siad oideachas lán-Ghaeilge dá bpáiste, de réir torthaí an tsuirbhé.Cháin an Foras Pátrúnachta an mhodheolaíocht a bhain leis an suirbhé mar dar leo gur chuir na ceisteanna srian ar thuismitheoirí oideachas lán-Ghaeilge a roghnú.De réir anailís ar fhigiúirí an tsuirbhé, dúirt An Foras Pátrúnachta maidin inné gur ionann an 13% agus 65,398 bpáiste sa tír nach bhfuil rochtain acu ar Ghaelscoil i láthair na huaire.Dúirt Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta Caoimhín Ó hÉaghra go bhfuil an fíor-éileamh “i bhfad níos airde” ná an 13% agus gur léirigh taighde náisiúnta a d’fhoilsigh Foras na Gaeilge i mbliana “go bhfuil an t-éileamh chomh hard le 45%”. “Is de bharr na frásaíochta conspóidí agus srianta sa cheist go bhfuil difríocht chomh mór idir na figiúirí seo. Pé difríocht atá ann, is léir go bhfuil níos mó Gaelscoileanna de dhíth chun freastal ar na páistí nach bhfuil an rogha sin acu ar fud na tíre faoi láthair.”Rinneadh iarracht teagmháil a dhéanamh leis an Aire Oideachais agus Óige agus leis an Roinn faoin ábhar atá sa tuairisc seo ach ní bhfuarthas freagra sula bhfoilsíodh é.
Laghdú múinteoirí i nGaelscoil cáinte ag feisire Eorpach FF
Cháin Cynthia Ní Mhurchú cinntí na Roinne Oideachais i Scoil Chualann i mBré líon na múinteoirí sa scoil a laghdú






