Beidh Tábhairne Leo i nGaeltacht Thír Chonaill dubh le daoine oíche Aoine agus Clubeo ar ais den chéad uair ó d’imigh Máire Ní Bhraonáin ar shlí na fírinne i mí Aibreáin.Oíche shóisialta agus seisiún ceoil míosúil is ea Clubeo a bhunaigh Máire sa bhliain 2013 le hardán a thabhairt do cheoltóirí óga a bhí ag teacht chun cinn. Is mór an áis agus an tacaíocht do dhaoine óga iad na hoícheanta seo agus bíonn na sluaite ag tarraingt ar Mhín na Leice do scoth an cheoil bheo achan mhí. Thug Máire misneach agus spreagadh ar leith do phobal an Iarthuaiscirt tabhairt faoin stáitse agus bhí sí ina crann taca ag na céadta ceoltóirí agus amhránaithe thar na blianta fosta.Cuireadh Clubeo na míosa seo caite ar ceal mar chomhartha measa ach gheall an fhoireann gurbh é “mian Moya i ndiaidh 14 bliana go leanfaí ar aghaidh le Clubeo. Pillfidh muid le meas a léiriú do thoil Moya an 29 Bealtaine 2026”.I measc na gceoltóirí a thabharfaidh faoi ardán Theach Leo an Aoine bheag seo tá Dea Matrona, Mel Zaich, Ryan Harling agus Geraldine Legon. Cuirfear tús leis an oíche ag 9pm.Ba dhuine í Máire a raibh a croí istigh sa cheol traidisiúnta agus i sean-amhráin a ceantair féin, agus cé go gcronófar go mór í, is galánta an rud é go leanfaidh a hoidhreacht ar aghaidh i dteach tábhairne a muintire go ceann i bhfad.Cuirfear tús Gaelach le Mí an Bhróid i mBaile Átha Luain an Satharn beag seo ‘Gaylí’ don phobal aiteach i gcroílár na tíreCuirfear tús spleodrach Gaelach le Mí an Bhróid in Ionad 4 i mBaile Átha Luain an Satharn beag seo, an 31 Bealtaine, agus an Gaylí ar ais de bharr éileamh an phobail. Oíche lán le fuinneamh agus ceol beo a bheas ann nuair a thiocfaidh an pobal aerach le chéile chun damhsa céilí a fhoghlaim trí mheán na Gaeilge. Is é an grúpa Heartlands Pride atá ag reáchtáil na hócáide óna 7pm ar aghaidh, le cuidiú ón damhsóir is taibheoir aerach August Kirwan.Dúirt Christine Ní Mhathúna, duine den lucht eagraithe, gur “éirigh go han-mhaith leis an Gaylí i mí an Mhárta agus mar sin is é seo an dara himeacht atá eagraithe ag Heartlands Pride le maoiniú ón Chiste Spreagtha. Bíonn an-spraoi ann. Bíonn seans ag daoine bualadh leis an gCoiste Bróid i mBaile Átha Luain, tugann sé deis dóibh níos mó Gaeilge a labhairt, agus coimeádann sé an seantraidisiún damhsa beo freisin.”Tá an t-imeacht seo saor in aisce, ach ní mór ticéad a fháil roimh ré ag eventbrite.ie nó tríd an nasc sa bhio @heartlandspride_athlone ar Instagram.Giota Ióga Lig do scíth agus déan giota beag ióga an samhradh seoBealach iontach suaimhneach le do chorp a bhogadh is ea ióga. Tá sé furasta a dhéanamh sa bhaile nó sa ghairdín, mar níl de dhíth ort ach roinnt spáis agus mata ióga. Tá go leor físeán ar YouTube le cuidiú le glantosaitheoirí fosta. Má tá tú réasúnta aclaí, is féidir leat babhta ióga a dhéanamh níos dúshlánaí le banda friotaíochta nó le meáchain.Díríonn ióga ar an tsolúbthacht agus ar an láidreacht, agus níl dabht ar bith go ndéanfaidh sé do chorp iomlán níos ligthe de réir a chéile. Maolaíonn sé teannas agus strus agus cuidíonn sé leat oíche mhaith chodlata a fháil dá bharr.Deirtear go mbíonn sé níos fusa tabhairt faoi bhabhta ióga an t-am seo bliana mar gheall ar theas an tsamhraidh. Bíonn matáin an choirp níos solúbtha agus somhúnlaithe, agus bíonn muid ag caitheamh níos mó ama taobh amuigh de ghnáth. Cuideoidh sé leat cothromaíocht a aimsiú agus sos a ghlacadh ó fhuadar an tsamhraidh chomh maith!Niamh Hinchy agus Lisa Canny Spotsolas ar Ealaíontóirí Éireannacha – Absolute LiltTá Niamh Hinchy agus Lisa Canny, beirt bhan atá ag croílár an ghrúpa thraidisiúnta BIIRD, ag dul ó neart go neart lena dtionscadal comhoibríoch féin Absolute Lilt. Cuireann siad an phortaireacht os comhair lucht leanúna ó na ceithre hairde agus na milliúin amharc acu ar na meáin shóisialta.D’fhógair na mná ar na mallaibh go bhfuil conradh sínithe acu leis an lipéad ceoil Heavenly Recordings agus seoladh an chéad singil s’acu, ‘P Stands for Paddy’, an tseachtain seo caite. Is léir, mar sin, go bhfuil bearna sa mhargadh don phortaireacht agus tá ag éirí go geal leo aird an phobail a tharraingt ar cheann de na traidisiúin is sine sa cheol traidisiúnta Gaelach.Beidh Absolute Lilt agus a mórghrúpa BIIRD le feiceáil ar an ardán ag féile Beyond The Pale na bliana seo agus cuid de na hainmneacha is mó sa cheol comhaimseartha ar an chlár in éineacht leo – Kojaque, Father John Misty, Primal Scream agus Madra Salach ina measc.Is féidir Absolute Lilt a leanstan ar na meáin shóisialta @absolutelilt.
Clubeo ar ais i dTábhairne Leo mar ba mhian le Máire
Thall is Abhus: Clubeo ar ais i dTábhairne Leo, ‘Gaylí’ don phobal aiteach, giota beag ióga agus Spotsolas ar Ealaíontóirí Éireannacha - Absolute Lilt






